Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 6 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil VI

Go bhfuil buille na bfiréin ag meudughadh an subhailce agus a nionnracus; 14 agus go gcaidrigh Día ag an fhear sheachnas cumann dhaoine gan chreideamh.

1. Agus ar mbeith dhúinne, ag cungnamh rision, íarrmuid fós dathchuinghe oruibh gan ghrás Dé do ghabhail chuguibh do díomhaóin.

2. (Oír a deir sé, Do éisd mé riot a nám iomchubhaidh, agus a ló an tslánaighthe tug mé cabhair dhuit: féuch, a nois an tam iomchubhaidh; féuch, a nois lá an tslánaighthe.)

3. Ní thabhramaoid adhbhar ar bith oilbhéime uáinn a néinní, deagla go mbeith an mhiniosdrálachd dá diomoladh:

4. Achd do nímid sinn féin ionmholta sa nuile ní mar mhinisdribh Dé, ré foighid fhada, a mbuáidhearthuibh, a raichdanus, a namhgar.

5. A mbuillidhibh, a bpriosúnuibh, a ndíbirt ó áit go háit, a sáothar, a bhfaire, a dtroisgibh;

6. A ngeanmnuidheachd, a néolus, a niomchar fhada, a macántas, máille ris an Sbiorad Náomh, máille ré grádh neamhfhallsa,

7. Maille ré bréíthir na fírinne, maille ré cúmhachd Dé, maille ré harmuibh fíréuntachda air ar láimh dheis agus chlé,

8. Tré onóir agus easonóir, tré dhrochtheisd agus dheaghtheisd: mar mhealltóirigh, agus íad fírinneach;

9. Mar dhruing nach aitheantar, agus déghaitheanta; mar ag fagháil bháis, agus, féuch, atámuid béo; mar smachduighthe, agus gan a marbhadh;

10. Mar ag déunamh doilgheasa, achd do ghnáth ag déunamh gáirdeachais; mar bhochda, gidheadh do ní morán saidhbhir; mar dhaónibh gan ní air bith aca, gidheadh do shealbhuigheas na huile neithe.

11. O a Chorinthiánacha, atá ar mbéulne osguilte chuguibhse, atá ar gcroidhe ar na dhéunamh fairsing.

12. Ní bhfuiltí ionnuinne dá bhur gcongmháil a gcúmhgach, achd atá sibh cúmhang ann bhur ninnibh féin.

13. Achd dfághail an chúitigh chéudna, (labhruim amhuil rém chloinn,) bighidhse fairsing mar an gcéudna.

14. Ná hiomchruidh cuing mhiochomhthrom a bhfochair dhaóineadh gan chreideamh: oír créd é caidreabh na fíréuntachda ré neamhfhiréuntachd? nó créd é cumann an tsolais ris a ndorchadas?

15. No ciommus thig Críosd agus an diabhal ré chéile? nó créd í cuid an tí chreideas don tí nach ccreideann?

16. Nó créd é an ceangal do bhíadh ag teampoll Dé agus ag iodhaluibh ré chéile? óir is sibhse teampoll Dé bhí; do réir mar a dubhairt Día, Biáidh mé um chómhnuidhe ionnta, agus siubhólad na measg; agus biáidh me um Dhía aca, agus béid síadsan na bpobal agamsa.

17. Uime sin taguidh amach as a lár, agus dealuighe ríu, a deir an Tighearna, agus ná bíodh buáin aguibh ré ní neamhghlan; agus géubhuidh misi chugam sibh,

18. Agus biáidh mé aguibh um Athair, agus biáidh sibhse bhar gcloinn mhac agus inghean agumsa, a deir Tighearna na Nuilechúmhachd.