Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XI

Urraim na firinne ag Pól tar na dallabsdoluibh meabhlach; 22 a leisgeul fós agus a fhulang.

1. Do bfearr leam go niomchradh sibh beagán rém leimhe: agus fos iomchruidh leam.

2. Oír atáim éudmhar ribh ré héud díadha: óir do ullmhuigh mé sibh déinfhear amháin, chum bhur dtabhartha mar óigh fhíorghloin do Chríosd.

3. Gidheadh atá eagla oram, mar do mheall naithir neimhe Eúbhá ré na mheabhaill, go dtruáillfidhe bhur ninntinnse mar an gcéudna ón tsimplidheachd noch atá a Gcríosd.

4. Oír dá dtigidh neach do sheanmórughadh Iósa eile, nach dearnamairne sheanmóir nó da nglacuidh sibh spiorad eile, nár ghlacabhair chuguibh, ná soisgeul eile, nar ghlacabhir, dob iondéunta dhíbh a fhúlang.

5. Oír saóilimse nach raibh bárr ag an gcuid dob áirde do na habsdaluibh oram.

6. Agus bíodh go bhfuilim túatamhuil a mbríathruibh, achd ní bhfuilim a néolas; achd do rinneadh follus sinn bhur measgsa thríd amach sna huile neithibh.

7. A né gur chionntuigh mé tré bheith dom íslíughadh féin chum sibhse dhádughadh, tré bheith dhamh ag soísgéulughadh shoisgéil Dé dhaóibhse a naisge?

8. Do shlad mé eagluiseacha eile, ag glacadh túarasduil úatha, chum seirbhíse do dhéunamh dhíbhsi.

9. Agus an tan do bhí mé bhur láthair, agus riachdanas oram, níor léig mé mo throm ar éunduine: óir do fóireadh a neasbhuidh do bhí oram ris na dearbhráithribh tháinic ó Mhacedónia: agus ar a nuile ghlés do choimhéudas mé féin ó mo throm do léigean oruibhsi, agus fós coimhéudfad.

10. Atá fírinne Chríosd ionnam, nách dúnfuighthear an maóithfeachussa am adhuigh a gcríochaibh na Hachaía.

11. Créd uime? an do bhrígh nach bhfuil grádh agam dhíbhse? atá a fhios sin ag Día.

12. Achd a ní do ním, do dhéanad fós é, ionnus nách dtiubhruinn cionfátha don druing ler mían cionfatha dfagháil; chum a bhfaghála comhchosmhuil rinne, sa ní as a ndéanuid síad maóithfeachus.

13. Oir atáid a leithid sin dabsdaluibh fallsa, na luchd oibre meabhlacha, dá gcur féin a bhfoirm absdál Chríosd.

14. Agus ní híongnadh sin; óir cuiridh Satán é féin a bhfoirm aingil na soillse.

15. Uime sin ní mór an ní é dá gcuirid a mhinisdrí íad féin mar an gcéudna a bhfoirm minisdridhe na firéantachda; agá mbiáidh a gcríoch dheigheanach do réir a noibreacha.

16. A deirim a rís, Na tugadh éunduine meas dhuine gan chéill oram; nó fós, gabhuidh chuguibh mé mar neach gan chéill, go ndéanuinnsi fós beagán mórdhála asam féin.

17. A ní labhrum, ní do réir an Tighearna labhrum é, achd mar neach ar a bhfuil díth céille, a ndóthchas na mórdhálasa.

18. Do bhrígh go ndeanuid morán mórdháil do réir na féola, do dhéunsa mórdháil mar an gcéudna.

19. Oír fuilngidh sibh daóine gan chéill go toilteanach, do bhrígh go bhfuil sibh féin céillidhe.

20. Oír iomcharthaói, dá mbeire neach a ndaóirsi sibh, dá sluige neach sibh, dá mbeana neach bhur gcuid díbh, da nárduighe neach é féin, dá mbuáile neach sibh ar a nadhuigh.

21. As a dtáobh easonóra a deirim so, amhuil mar bhéimisne annbhfan. Má seadh fós gidh bé ar bith ni as a bhfuil neach eile dána, (labhrum go mícheillidhe,) atáimse mar an gcéudna dána as.

22. An Eabhruidhe íasdan? a seadh misi mar an gcéudna. An Isráeluidh íad? a seadh misi fós. An do shíol Abráham íad? a seadh misi mar an gcéadna.

23. An minisdrí do Chríosd íad? (labhruim mar dhuine michéillidhe) atáim ós a gcrionn sa cháil sin, níos líonmhuire a sáothruibh, a mbuilleadhuibh níos ro mhó, a bpríosúnuibh níos mionca, a ngúas bháis go minic.

24. Fuáir mé dhá fhithchead buille achd a háon, cúig huáire ó na Iúdaighibh.

25. Do gabhadh do shlatuibh oram tré huáire, do gabhadh oram éunuáir do chlochuibh, dfulaing mé luingbhriseadh trí huáire, do bhí mé lo gon oídhche a ndubhaigéun na fairrge;

26. A naisdribh go minic, a ngábhadh aibhneadh, a mbáoghal bíothamhuach, a mbáoghal ó mo chineadh, a mbáoghal ó na cineadhachuibh, a mbáoghal sa gcathruidh, a mbáoghal sa bhfásach, a mbáoghal sa bhfairrge, a mbáoghal a measg dhearbhráithreach bhfállsa.

27. A dtuirse agus a mbriseadh croidhe, a bhfáire go minic, a nócarus agus a níotuin, a dtroisgthibh go minic, a bhfúachd agus a lomnochduighe.

28. Os cionn na neitheannsa don táobh amuígh, an ní thig oram go láetheamhuil, cúram na nuile eagluiseadh,

29. Cía bhíos lag, agus nach mbímse lag? cía gheibh oilbhéim, agus nach mbímse dom losgadh?

30. Más éigean mordháil do dhéunamh, is as na neithibh bheanas rém éugcrúas do dhéun mórdháil.

31. Atá a fhios ag Día, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd atá beannuighe do shíor, nach bhfuilim ag déunamh bréige.

32. A Ndamascus do chuir úachdarán an phobuil faói an rí Arétas coimhéud ar chathair na Ndamascenach, a ndóigh misi do ghabháil:

33. Achd dó léigeadh síos mé a gclíabh tré fhuinneóig ris an mballa, agus mar sin do chuáidh mé as a lámhuibh.