Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil VIII

Gur sbor ghér chum daónachd, sompla na Macedonach, 9 agus Iosa Críosd.

1. Tuilleadh eile, a dhearbhráithre, foillsigheamaóid grás Dé dháoibh noch tugadh deagluisibh na Macedónia;

2. Eadhon a ngáirdeachas líonmhar sa mbuaidhirt mhóir lér dearbhadh íad agus gur líon a mbochduine ro mhór chum saidhbhris a ndáonachd.

3. Oír (do ním dfíadhnuisi dhóibh,) do bhádar toilteanach do réir a nacfuinne, nó fós ós cionn a nacfuinne;

4. Dhá íarruidh go gér dathchuinghe oruinne an grása agus cómhruinn sa miniosdrálachd a dtimcheall na náomh, do ghabháil oruinn.

5. Agus ní do réir mar bhí dóigh aguinn, achd tugadar íad féin ar tús don Tighearna, agus na dhiáigh sin dúinne do thoil Dé.

6. Chum impidhe do chur ar Thítus duinn, do réir mar thionnsguin sé, go gcuirfeadh sé críoch eadruibhse fós air an ngrás céudna.

7. Uime sin, amhuil atá sibh iomlán sna huile neithibh, a gcreideamh, agus a mbréithir, agus a néolas, agus fa nuile dhúthrachd, agus a ngrádh dár dtaóibhne, gur mar sin bhías sibh iomlán sa ngrássa mar an gcéudna.

8. Ní tré cheannus oruibh a deirim so, achd do bhrígh dhúthrachd dhaóineadh eile, agus do dhearbhadh chínéil bhur ngrádhsa.

9. Oír is aithne dhaóibh grása ar Dtighearna Iósa Criósd, do bhrígh ar mbeith dhó saidhbhir, go dtarla dhó bheith bochd ar bhur sonsa, chum sibhse do dhéunmah saidhbhir ré na bhochdainesion.

10. Agus foillsighim minntinn sa níse: oír téid so a sochar dhaóibhsi, noch do thionnsguin cheana, ní hé amháin a dhéunamh, achd bheith dfonnmhar fós daóibh bliadhain ó shin.

11. Uime sin as a nois cuiridh críoch ar a dhéunamh; ionnus mar do bhábhair ó thoil ro ullamh chum a dhéunta, go madh hamhluidh sin mar an gcéadna chuirfeas sibh a gcrích é don ní atá aguibh.

12. Oír dá raibh inntinn fonnmhar ag neach ar tús, gabhthar sin úadh, do réir a neithe atá aige, agus ní do réir a neithe nach bhfuil aige.

13. Agus ni huime a deirim so chum socamhuil do bheith ag dáoinibh eile, agus sibhse do bheith fá dhaóirsi:

14. Achd ar chonnradh chomhthrom, chum bhur nacfuinnesi a nois dfóirighim a riachdanuision, ionnus go bhfóirfeadh a nacfuinnsean ar bhur riachdanusa mar an gcéadna: ar ghléus go mbíadh comhthrom eadruibh:

15. Do réir mar atá sgríobhtha, An tí do chruinnigh morán, ní raibh iomarcuigh aige; agus an tí do chruinnigh beagán ní raibh easbhuidh air.

16. Agus a bhuidhe ré Día, do chuir an dúthrachd céudna a gcroidhe Thítuis bhur dtimcheallsa.

17. Oír do ghlac sé go deimhin an brosdugh chuige; agus ar mbeith dhó ní sa dúthrachduigh ná sin, do thriall sé dhá thoil féin chuguibh.

18. Agus do chuireamar leis na chuideachda an dearbhrathair, ar a bhfuil deaghtheisd sa soisgéul trés na huile eagluisibh;

19. (Agus ní hé amháin, achd do toghadh é mar an gcéudna ris na heagluisibh mar fhear comhaisdir aguinne do tháobh an ghrássa, do nímid a mhiniosdrálachd chum glóire an Tighearna ceudna, agus chum go bhfoillséochthaói bhur ninntinn ro ullamhsa:)

20. Ar mbeith dhúinn ag seachna ar ndiomolta do neach ar bith sa bhfairsingesi, do níthear do mhiniosdrálachd rinn:

21. Ar mbeith dhúinn ag soláthar dheaghneitheann, ní hé amháin a bhfíadhnuisi an Tighearna, achd a bhfíadnuisi na ndaóine mar an gcéudna.

22. Agus do chuireamar ár ndearbhráthair ma ráon ríu, noch do dhearbhamar go minic do bheith dúthrachdach a morán do neithibh, agus a nois ní sa dhúthrachduighe ná sin, do bhrígh an rodhóchuis atá aige asuibhse.

23. Achd a dtaóibh Thítuis, a sé mo chompánachsa é agus mo chomhoibrighe bhur dtáobhsa: nó a dtáobh ar ndearbhráithreach, a síad teachdáirighe na neaglúiseadh íad, agus glóir Chríosd.

24. Uime sin cuiridh dearbhthachd bhur ngrádha, agus ar mordháilne asuibhse, a númhail dóibh, a bhfiadhnuisi na neagluiseadh.