Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil VII

Go méuduigheann doilgheas diagha, deagh ghníomh.

1. Uime sin a dhearbhráithre grádhacha, ar bhfagháil na ngeallamhnachsa dhúinn, glanum sinn féin ó uile shalchar na féola agus na spioruide, ag críochnughadh náomhthachda a neagla Dé.

2. Gabhuidh sinne chuguibh; ní dhearnamar eugcóir ar éunduine, ní thruáilleamar éunduine, ní dhearnamar éudail ar éunduine.

3. Ní chum sibhse dháoradh a deirim so: óir a dubhairt mé roimhe, go bhfuiltí ann ar gcroidhibhne chum báis agus beatha dfagháil a bhfochair a chéile.

4. As mór an dánachd labhairt do ním oruibh, is mór mo gháirdeachas ar bhur son: atáim lán do mheanma, is ró líonta mé do gháirdeachas ann ar nuile bhuáidhirt.

5. Oir, ar dteachd dúinn go Macedónia, ní bhfuáir ar bhféoil suáimhneas ar bith, achd air buáidhreadh air gach táobh; comhraic don táobh a muigh dhínn, agus eagla don táobh a sdigh.

6. Achd Día, do bheir furtachd do na daóinibh anbhfanna, tug sé furtachd dúinne ré teachd Thítuis;

7. Agus ní ré a theachdsan amháin, achd mar an gcéudna ris an bhfurtachd fuáir seision úaibhse, an tan do aithris sé dhúinn bhur bhfonn romhórsa, bhur gcaóineadh, bhur dteasgrádh dhamhsa; ionnus gur móide do ghabh gáirdeachas mé.

8. Oír ge gur chuir mé doilgheas óruibh rém litir, ní bhfuil sé na aithreachas oram, ge go raibh sé na aithreachas oram: oír do chím gur chuir an litir sin doilgheas oruibhsi, bíodh nár chuir achd ar feadh tamuill.

9. Atá gáirdeachas a nois oram, ní ar son doilghis do bheith oruibhsi, achd fá dhoilgheas do bheith oruibh chum na haithrighe: óir is do réir Dé do bhí doilgheas oruibh, ionnas nach dearnadh díoghbháil díbh ar éunchor dár dtáoibhne.

10. Oír an doilgheas bhíos do réir Dé oibrighe sé aithrighe chum slánaighthe nach aithreach linn: achd óibrigheann doilgheas an tsáogháil bás.

11. Oír féuch a níse féin, doilgheas do bheith oruibh do réir Dé, créd é méd na dúthrachda do oibrigh sé ionnuibh, agus fós an leisgéil, agus fós an reachd feirge, agus na heagla, agus fós an rómhíanghuis, agus fós, an teas grádha, agus fós, an dioghaltuis! Do fhoillsigheabhair sibh féin ar gach éunchor do bheith glan sa nadhbharsa.

12. Uime sin, biodh gur sgríobh mé chuguibh, ní ar son an tí do rinne a néugcóir do sgríobh mé, ná ar son an tí ar a ndearnadh a néugcóir, achd ionnus go mbíadh ar ndúthrachdne bhur dtimcheallsa follus daóibh a bhfíadhnuisi Dé.

13. Ar a nadhbharsa, fúaramar cómhfhúrtachd do bhrígh na furtachda fúarabhairse: achd bá ró mhó ná sin do bhí gáirdeachas oruinn fá gháirdeachas Thítuis, do bhrígh gur meanmnuigheadh a spiorad uáibhse uile.

14. Agus do bhrígh má rinne mé mórdháil a néinní rision bhur dtáóbhsa, nár cuireadh adhnáire oram: achd amhuil do lábhramar ribhse na húile neithe a bhfírinne, gur ab ámhluidh sin mar an gcéudna fríth ar mórdháil asuibhse, ré Títus, na fhírinne.

15. Agus a líonmhuire ná sin atá toil a chroídhesion daoíbhse, ag coímhniughadh bhur númhlachd uile dhó, mar do ghabhabhair chugaibh é maille re faitcheas agus ré croíthnughadh.

16. Uime sin atá gáirdeachas oram do bhrígh gur féidir leam bheith dána asuibh sa nuile ní.