Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 4 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil IV

Gurab soillier an fhirinne do ntí is áill, 7 agus gur mo comhfhurtachd no cúmhgach an chreideamh.

1. Ar a nadhbharsin ar mbeith don mhiniosdrálachdsa aguinn, do réir mar fúaramar trócaire, ní theighmid a nanbhfuinne;

2. Achd do thréigeamar na neithe folaightheach míomhacántuis, ní ag siubhal a cceilg, ná ag truáilleadh bhréithre Dé; achd maille ré foillsiughadh na fírinne do nímid sinn féin ionmholta do choinsias gach áon a bhfíadhnuisi Dé.

3. Uime sin má atá ar soisgéulne ar na fholach, is ar an druing théid amúgha atá sé ar na fholoch:

4. Agar dháll día an tsáoghailse a ninntinn noch atá ar dhíth creidimh, ionnus nach bíadh soillse shoisgéil ghlórmhair Chríosd, noch is íomháigh Dé, ag dealrughadh dhóibh.

5. Oír ní sinn féin do nímid do sheanmóir, achd Iósa Críosd an Tighearna; agus sinn féin do bheith dháoibhse ar searbhfhoghantuighibh ar son Iósa.

6. Oír a sé an Día, do aithin don tsolas soillsiughadh as an dorchadus, do dhealruidh ann ar gcroidhibhne, chum soillsi éolais ghlóire Dé do thabhairt uáinn a ngnúis Iósa Críosd.

7. Gidheadh atá an tionnmhus so aguinn a soithighibh críadh, chum oirdhearcuis an chúmhachd sin do bheith ó Dhía, agus ní uainn féin.

8. Bímid dar mbuáidhreadh ar gach táobh, ge nach ccurthar a gcúmhgach sinn; bímid a gconntabhairt, gé nach dtéid sin a néudóthchas;

9. Bí gérleanmhuin dá déunamh oruinn, gidheadh ní tréigthear sinn; teilgthear síos sinn, gidheadh ní théighmid amúgha;

10. Iomchramaóid ann ar ccorp fá gcuáirt sna huile áitibh bás an Tighearna Iósa, ionnus go mbeith beatha Iósa mar an gcéudna folus ann ar gcorp.

11. Oír sinne áta béo bímid do shíor dar ccur chum báis ar son Iósa, ionnus go mbeith beatha Iósa follus mar an gcéudna ann ar bhfeóil shomharbhtha.

12. Uime sin bí an bás ag oibriughadh ionnuinne, agus an bheatha ionnuibhsi.

13. Agus do bhrígh gur ab áon chreideamh atá aguinn, do réir a neithe atá sgríobhtha, Do chréid mé, agus ar a nadhbharsin do labhair mé; creidmidne fós, agus ar a nadhbharsin labhramaóid mar an gcéudna;

14. At mbeith a fhios aguinn an tí do thóg súas an Tighearna Iósa go dtoigéubhaidh sé sinne mar an gcéadna tré Iósa, agus do dtiubhra sé sinn bhur lathairse.

15. Oír is ar bhur sonsa atáid na huile neithesi, ionnus go líonfadh an grás ro lionmharsa chum glóire Dé tré bhreith buidheachais mhórain.

16. Uime sin ní bhfuilmíd ag dul a nanbhfainne; achd bíodh go dtruáillighthear ar nduine leithimealach, athnúadhaighthear fós an tí atá don táóbh a stigh go láethamhuil.

17. Oír oibrighidh ar mbuáidhirt éudtrom, noch nach mhairios acht momeint, níos módh go líonmhar agus truime mbairthanach dan ghloire dhuinne:

18. Ar mbeith dhúinn ag tabhairt ar naire do na neithibh nach bhfuil ré a bhfaicsin, agus ní do na néithibh ata re a bhfaicsin: oír is neamhbúan na neithe atá ré a bhfaicsin; agus is síorruidhe na neithe nach bhfaicthear.