Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Dara Míorúilt na mBuilíní

1. Sna laethanta sin, nuair a bhí slua mór ann arís agus gan aon ní le hithe acu, ghlaoigh sé na deisceabail chuige agus dúirt sé leo:

2. “Tá trua agam don slua, mar tá trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon ní le hithe acu,

3. agus má scaoilim chun siúil abhaile iad ar céalacan, buailfidh laige iad sa tslí, agus tá cuid acu a tháinig i bhfad ó bhaile.”

4. D'fhreagair a dheisceabail é: “Cá bhféadfadh duine a ndóthain aráin a fháil dóibh seo anseo san fhásach?”

5. D'fhiafraigh sé díobh: “Cé mhéad builín atá agaibh?” “Tá a seacht,” ar siadsan.

6. D'ordaigh sé don slua ligean fúthu ar an talamh, agus thóg sé na seacht mbuilíní, d'altaigh, bhris agus thug dá dheisceabail le cur os a gcomhair agus chuir siad os comhair an tslua iad,

7. agus bhí beagán mioniasc acu, agus ar a mbeannú dó dúirt sé iadsan a chur os a gcomhair freisin.

8. D'ith siad agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, seacht gcléibhíní.

9. Timpeall ceithre mhíle a bhí ann, agus scaoil sé uaidh iad.

10. Chuaigh sé ar bord an bháid láithreach, é féin agus a dheisceabail, agus tháinig go ceantar Dalmanútá.

Gabháil na bhFairisíneach

11. Tháinig na Fairisínigh agus thosaigh siad ag argóint leis, ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, ag baint trialach as.

12. Rinne sé osna dhomhain ina spiorad agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an ghlúin seo ag lorg comhartha? Deirim libh go fírinneach, ní thabharfar comhartha don ghlúin seo.”

13. D'fhág sé iad agus ar dhul ar bord dó arís chuaigh sé go dtí an taobh eile.

14. Rinne siad dearmad aon arán a thabhairt leo, agus ní raibh sa bhád acu leo ach aon bhuilín amháin.

15. Agus thug sé foláireamh dóibh a rá: “Bígí aireach agus seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus ar ghabháil Héaróid.”

16. Agus bhí siadsan ag plé an scéil le chéile: nach raibh aon arán acu.

17. Bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag plé an scéil gan arán a bheith agaibh? Nach bhfuil tuiscint agaibh fós nó meabhair? An bhfuil bhur gcroí dúr?

18. Cé go bhfuil súile agaibh, an ea nach bhfeiceann sibh, agus cé go bhfuil cluasa agaibh an ea nach gcluineann sibh? Agus nach cuimhin libh,

19. nuair a bhris mé na cúig builíní don chúig mhíle, cé mhéad ciseán lán de bhruscar a thóg sibh suas?” Dúirt siad: “Dhá cheann déag.”

20. “Agus na seacht gcinn don cheithre mhíle, cé mhéad cléibhín lán de bhruscar a thóg sibh?” Dúirt siad: “Seacht gcinn.”

21. Agus dúirt sé leo: “Nach dtuigeann sibh fós?”

Leigheas Daill i mBéatsáide

22. Tháinig siad go dtí Béatsáide, agus bhí daoine a thug fear dall chuige agus rinne siad achainí air baint leis.

23. Rug sé ar láimh ar an dall agus sheol as an mbaile é, chaith sé seile ar a shúile agus ar leagan a lámh air d'fhiafraigh de: “An bhfeiceann tú aon ní?”

24. D'ardaigh seisean a shúile agus dúirt: “Feicim daoine, ach samhlaím gur crainn iad ag siúl.”

25. Ansin leag sé a lámha ar a shúile arís agus bhreathnaigh an dall go géar agus rinneadh slán arís é agus bhí radharc glan aige ar gach uile ní.

26. Agus chuir sé chun a thí féin é ag rá: “Ná téigh isteach sa bhaile, fiú amháin.”

Admháil ó Pheadar

27. D'imigh Íosa agus a chuid deisceabal go dtí na bailte i gCéasaráia Philib, agus sa tslí dóibh d'fhiafraigh sé dá dheisceabail: “Cé hé a deir na daoine mise?”

28. Dúirt siad leis: “Eoin Baiste, agus cuid eile acu Éilias, cuid eile duine de na fáithe.”

29. D'fhiafraigh sé díobh: “Ach cé hé a deir sibhse mé?” Dúirt Peadar leis á fhreagairt: “Is tú an Críost.”

30. Agus d'ordaigh sé dóibh go géar gan labhairt mar gheall air le haon duine.

An Pháis agus an tAiséirí

31. Thosaigh sé á theagasc dóibh nárbh fholáir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus óna scríobhaithe agus a chur chun báis agus éirí arís tar éis trí lá.

32. Agus labhair sé an méid sin go hoscailte. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó.

33. Ach d'iompaigh seisean thairis, agus ar fheiceáil a dheisceabal dó, thug sé casaoid do Pheadar agus dúirt: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain, mar ní hiad smaointe Dé atá i d'aigne ach smaointe daoine.”

Conas Críost a Leanúint

34. Ghlaoigh sé chuige an slua mar aon lena dheisceabail agus dúirt sé leo: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.

35. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa agus ar an soiscéal, saorfaidh sé é.

36. Óir cá fearrde duine an domhan go léir a ghnóthú agus a anam féin a ligean ar ceal?

37. Óir cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?

38. Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra sa ghlúin adhaltrach pheacúil seo, is nár le Mac an Duine eisean mar an gcéanna nuair a thiocfaidh sé i nglóir a Athar in éineacht leis na haingil naofa.”