Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Máistir an Fhíonghoirt -- agus na Curadóirí Mallaithe

1. Thosaigh sé ar labhairt leo i bparabail. “Rinne fear fíonghort a phlandáil, fál a chur timpeall air, cantaoir a thochailt ann agus túr a thógáil, chuir ar cíos ansin chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigríoch.

2. Nuair a bhí an séasúr ann chuir sé seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun a chion de thoradh an fhíonghoirt a fháil.

3. Ach rug siad air, bhuail é, agus chuir chun siúil folamh é.

4. Agus arís chuir sé seirbhíseach eile chucu; ghoin siad é sin sa cheann agus thug siad easonóir dó.

5. Agus chuir sé duine eile; mharaigh siad eisean; agus mórán eile; bhuail siad cuid acu, mharaigh siad cuid eile.

6. Bhí aon duine amháin aige fós, a mhac muirneach. Chuir sé é sin chucu ar deireadh, á rá: ‘Tabharfaidh siad ómós do mo mhac.’

7. Ach dúirt na curadóirí úd le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre; seo, maraímis é, agus beidh an oidhreacht againn.’

8. Agus rug siad air, mharaigh é, agus chaith amach as an bhfíonghort é.

9. Anois, cad a dhéanfaidh máistir an fhíonghoirt? Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí chun báis, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhaoine eile.

10. Nár léigh sibh an scrioptúr seo:‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir,rinneadh di ceann an chúinne;

11. obair an Tiarna é seoagus is iontach inár súile é.’ ”

12. Agus ba fhonn leo é a ghabháil, ach bhí eagla orthu roimh an slua. Bhí fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal. Agus d'fhág siad ansin é agus d'imigh siad leo.

Cion Chéasair agus Cion Dé

13. Agus chuir siad chuige cuid de na Fairisínigh agus de na Héaródaigh chun breith air ina chaint.

14. Tháinig siad chuige agus dúirt siad leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach tú, gan beann agat ar dhuine ar bith; óir ní fhéachann tú do phearsa seachas a chéile ach slí Dé a mhúineadh de réir na fírinne. An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach? An dtabharfaimid í nó nach dtabharfaimid?”

15. Ach bhí a fhios ag Íosa an fhimíneacht a bhí iontu agus dúirt sé leo: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam? Tugaigí chugam déanar go bhfeicfidh mé.”

16. Agus shín siad chuige é. Dúirt sé leo: “Cé hé arb é seo a íomhá agus a inscríbhinn?” “Céasar,” ar siad leis.

17. Dúirt Íosa leo: “Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar, agus le Dia na nithe is le Dia.” Bhain an freagra sin dá mboinn iad le hionadh.

Aiséirí na Colainne

18. Ansin tháinig chuige Sadúcaigh - iad seo a shéanann an t‑aiséirí a bheith ann - agus chuir siad ceist air:

19. “A Mháistir,” ar siad, “scríobh Maois dúinn: ‘Má fhaigheann deartháir duine bás agus go bhfágann sé bean, ach nach bhfágann sé clann, go bpósfadh a dheartháir an bhaintreach, agus go dtógfadh sé sliocht dá dheartháir.’

20. Sea, bhí seachtar dearthár ann. Phós an chéad duine bean agus fuair sé bás gan sliocht a fhágáil.

21. Phós an dara duine an bhaintreach ansin agus fuair sé bás gan sliocht a fhágáil; agus an tríú duine mar an gcéanna;

22. níor fhág an seachtar aon sliocht. An bhean féin is déanaí a fuair bás.

23. San aiséirí, nuair a éireoidh siad arís, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige, óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar?”

24. Dúirt Íosa leo: “Nach é atá do bhur gcur amú, nach eol daoibh na scrioptúir ná cumhacht Dé?

25. Óir nuair a éireoidh siad ó mhairbh, ní bhíonn fir ag pósadh ná mná á dtabhairt le pósadh, ach bíonn siad ar nós aingil Dé ar neamh.

26. Maidir leis na mairbh a éirí arís, nár léigh sibh i Leabhar Mhaois, sa dréacht faoin Tor, conas mar a labhair Dia leis agus a dúirt: ‘Is mise Dia Abrahám, agus Dia Íosác, agus Dia Iacóib.’

27. Ní hé Dia na marbh é, ach Dia na mbeo. Tá dul amú mór oraibh.”

An Phríomhaithne

28. Duine de na scríobhaithe, a bhí ag éisteacht leo ag aighneas, nuair a thug sé faoi deara a fheabhas a fhreagair Íosa iad, tháinig sé chuige agus chuir sé ceist air: “Cén chéad aithne de na haitheanta go léir?”

29. D'fhreagair Íosa: “Seo í an chéad cheann: ‘Cluin, a Iosrael, an Tiarna ár nDia is aon Tiarna ann

30. agus gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán, agus ó d'anam go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán agus ó do neart go hiomlán.’

31. Seo í an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’ Níl aithne eile is mó ná iadsan.”

32. Dúirt an scríobhaí leis: “Maith mar a labhair tú, a Mháistir. Dúirt tú le fírinne gur aon é agus nach bhfuil aon neach eile ann ach é.

33. É a ghráú ón gcroí go hiomlán, ón tuiscint go hiomlán, agus ón neart go hiomlán, agus an chomharsa a ghráú mar an duine féin, is mó sin go mór ná na híobairtí dóite agus na hofrálacha go léir.”

34. Nuair a chonaic Íosa gur labhair sé go ciallmhar, dúirt sé leis: “Ní fada thú ó ríocht Dé.” Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air as sin amach.

Conas is Mac do Dháiví Críost

35. Fad is a bhí Íosa ag teagasc sa Teampall d'fhreagair sé agus dúirt: “Conas is féidir leis na scríobhaithe a rá gur Mac do Dháiví an Críost?

36. Is é Dáiví féin a dúirt faoi luí an Spioraid Naoimh:‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna:Suigh ar mo dheis,nó go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’

37. “Glaonn Dáiví féin Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?” D'éist an slua mór leis le háthas.

Na Scríobhaithe á gCáineadh

38. Dúirt sé ina theagasc: “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí,

39. agus na príomhshuíocháin acu sna sionagóga, agus na príomhthoilg ag na fleánna;

40. iadsan na daoine a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth a bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad.”

Cianóg na Baintrí

41. Shuigh Íosa síos os comhair an chiste agus bhí sé ag faire ar an slua ag cur airgid isteach sa chiste, agus chuir a lán de na daoine saibhre mórán isteach ann.

42. Agus tháinig baintreach dhealbh agus chaith sí isteach dhá chianóg, is é sin feoirling.

43. Ghlaoigh sé chuige a dheisceabail, agus dúirt sé leo: “Deirim libh go fírinneach gur mó a chaith an bhaintreach bhocht seo isteach ná mar a chaith aon duine eile dár chaith ann.

44. Óir is den iomarca a bhí acu a chaith an chuid eile isteach, ach chaith sise isteach as a huireasa a raibh aici go léir, a cuid den saol.”