Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuaigh sé isteach sa tsionagóg uair eile, agus bhí fear ann a raibh lámh leis seargtha,

2. agus bhíodar ag faire air féachaint an leigheasfadh sé é lá na sabóide chun go gciontóidís é.

3. Dúirt sé le fear na láimhe seargtha: “Tar i leith.”

4. Agus dúirt sé leo: “Cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t‑olc, beatha a shaoradh nó a mharú?” Ach ní raibh focal astu.

5. Agus ar dhearcadh timpeall le fearg orthu uile, agus brón air mar gheall ar dhúire a gcroí, dúirt sé leis an duine: “Sín amach do lámh.” Shín, agus bhí a lámh slán arís.

6. Ghabh na Fairisínigh amach, agus rinne siad comhairle láithreach leis na Héaródaigh ina aghaidh conas a mhillfidís é.

Na Sluaite ag Leanúint Íosa

7. Chuaigh Íosa i leataobh i dtreo na farraige, é féin agus a dheisceabail, agus lean slua mór ón nGailíl é - ó Iúdáia fós,

8. ó Iarúsailéim, ó Idiúmáia, ón taobh thall den Iordáin, agus ó thimpeall na Tuíre agus na Síodóine, tháinig slua mór chuige, nuair a chuala siad a raibh á dhéanamh aige.

9. Agus dúirt sé lena dheisceabail bád a bheith ullamh acu dó mar gheall ar an slua le heagla go mbeidís ag brú air.

10. Mar bhí sé tar éis mórán daoine a leigheas, sa chaoi, iad seo uile a raibh aicídí orthu, go mbídís ag plódú air chun baint leis.

11. Agus nuair a d'fheiceadh na spioraid mhíghlana é, chaithidís iad féin síos roimhe agus screadadh siad amach: “Is tú Mac Dé!”

12. Ach d'ordaigh sé go dian dóibh gan é chur in iúl.

An Dáréag á dToghadh

13. Chuaigh sé an sliabh suas agus ghlaoigh sé chuige iad seo ab áil leis féin. Tháinig siad chuige,

14. agus cheap sé dáréag mar chompánaigh aige féin agus chun go gcuirfeadh sé uaidh iad ag seanmóir,

15. agus údarás acu chun na deamhain a chaitheamh amach.

16. Cheap sé an dáréag, Síomón ar ar thug sé Peadar mar ainm,

17. Séamas mac Zeibidé agus Eoin deartháir Shéamais ar thug sé Bóanaeirgis mar ainm orthu, is é sin, clann na toirní,

18. Aindrias, Pilib, Parthalán, Matha, Tomás, Séamas mac Alfáias, Tadáias, Síomón an Cananáiach,

19. agus Iúdás Isceiriót an fear a bhraith é.

Diamhasla na Scríobhaithe

20. Chuaigh sé isteach agus tháinig an slua le chéile arís sa chaoi nár fhéad siad fiú amháin béile a ithe.

21. Agus nuair a fuair a mhuintir scéala air, ghabh siad amach d'fhonn breith air, mar bhí siad ag rá: “As a mheabhair atá sé.”

22. Agus na scríobhaithe a bhí tar éis teacht anuas ó Iarúsailéim, deiridís: “Béalzabúl atá ann,” agus “Is trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé na deamhain amach.”

23. Ghlaoigh sé chuige iad agus labhair sé i bparabail leo: “Conas a fhéadann Sátan Sátan a chaitheamh amach?

24. Má bhíonn ríocht ar deighilt ina haghaidh féin, ní fhéadann an ríocht sin seasamh.

25. Agus má bhíonn teaghlach ar deighilt ina aghaidh féin, ní fhéadfaidh an teaghlach sin seasamh.

26. Agus má tá Sátan éirithe amach ina aghaidh féin agus é ar deighilt, ní fhéadann sé seasamh.

27. Ach ní fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a chreachadh gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús, agus ansin ní miste dó a theach a chreachadh.

28. “Deirim libh go fírinneach, maithfear don chine daonna a gcuid peacaí agus cibé diamhaslaí a dhéanfaidh siad,

29. ach duine ar bith a dhéanfaidh diamhasla in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bheidh maithiúnas le fáil aige go deo, ach tá sé ciontach i bpeaca síoraí,” -

30. mar go ndúirt siad: “Tá spiorad míghlan ann.”

Máthair Chríost agus a Bhráithre

31. Ansin tháinig a mháthair agus a bhráithre, agus ina seasamh dóibh amuigh chuir siad scéala chuige ag glaoch air.

32. Bhí slua ina suí timpeall air, agus dúirt siad leis: “Tá do mháthair agus do bhráithre amuigh do d'iarraidh.”

33. Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Cé hiad mo mháthair agus mo bhráithre?”

34. Agus ag dearcadh dó ar a raibh ina suí timpeall air, dúirt: “Seo iad mo mháthair agus mo bhráithre!

35. Óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil Dé, sin é mo bhráthair agus mo shiúr agus mo mháthair.”