Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Ceist Faoin Idirscaradh

1. Ar fhagáil na háite sin dó, tháinig sé go dtí críocha Iúdáia ar an taobh eile den Iordáin, agus chruinnigh sluaite móra chuige arís agus bhí sé á dteagasc arís mar ba ghnách leis.

2. Tháinig Fairisínigh chuige agus d'fhiafraigh siad de, ag baint trialach as: “An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh?”

3. D'fhreagair sé agus dúirt leo: “Cad a d'ordaigh Maois daoibh?”

4. Dúirt siadsan: “Thug Maois cead litir idirscartha a scríobh agus í a scaoileadh.”

5. Dúirt Íosa leo: “Is de dheasca bhur gcroí a bheith stuacach a scríobh sé an aithne sin daoibh.

6. Ach ó thús an chruthaithe ‘rinne Dia iad fireann agus baineann;

7. mar gheall air sin fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith go dlúth i bpáirt lena bhean,

8. agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu’. Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin.

9. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.”

10. Cheistigh a dheisceabail é mar gheall air seo arís sa teach,

11. agus dúirt sé leo: “Duine ar bith a scaoileann uaidh a bhean agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas ina coinne.

12. Agus má scaoileann bean a fear uaithi agus fear eile a phósadh, déanann sí adhaltranas.”

Íosa ag Beannú na Leanaí

13. Agus bhí siad ag tabhairt na leanaí chuige chun go sínfeadh sé a lámh orthu, ach bhí na deisceabail ag cur ceartú orthu.

14. Ar a fheiceáil sin dó, tháinig míchéadfa air agus dúirt leo: “Ligigí do na leanaí teacht chugam; na coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé.

15. Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.”

16. Agus rug sé barróg orthu, chuir a lámha orthu, agus bheannaigh iad.

Lucht Saibhris agus Ríocht Dé

17. Agus ag cur chun bóthair dó rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúine ina láthair agus d'fhiafraigh sé de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”

18. Dúirt Íosa leis: “Cad chuige a ndeir tú maith liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin.

19. Is eol duit na haitheanta. ‘Ná déan marú. Ná déan adhaltranas. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Ná déan calaois. Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair.’ ”

20. Dúirt seisean leis: “A Mháistir, choimeád mé iad sin uile ó m'óige.”

21. Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: “Tá aon ní amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh; tar ansin agus lean mise.”

22. Chuir an chaint sin buaireamh air agus d'imigh sé leis go dubhach mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige.

23. Bhreathnaigh Íosa ina thimpeall agus dúirt sé lena dheisceabail: “Cad é chomh deacair is a bheidh sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!”

24. Chuir a bhriathra alltacht ar a dheisceabail, ach d'fhreagair Íosa agus dúirt leo arís: “A chlann liom, cad é chomh deacair is atá sé dóibh siúd a chuireann a muinín i saibhreas dul isteach i ríocht Dé!

25. Óir is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.”

26. Ba mhó ná sin an t‑ionadh a bhí orthu agus dúirt siad lena chéile: “Cé is féidir a shlánú, más ea?”

27. Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: “Tá sé seo dodhéanta ag daoine ach níl ag Dia; óir tá an uile ní sodhéanta ag Dia.”

28. Chrom Peadar ar a rá leis: “Sinne, féach, d'fhágamar an uile ní agus leanamar thusa.”

29. Dúirt Íosa: “Deirim libh go fírinneach nach bhfuil aon duine a d'fhág teach ná deartháireacha, ná deirfiúracha, ná máthair, ná athair, ná clann, ná tailte, mar gheall ormsa agus ar an soiscéal

30. nach bhfaighidh níos mó faoi chéad san aimsir seo anois, tithe agus deartháireacha agus deirfiúracha agus máithreacha agus clann agus tailte, fara géarleanúintí, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.

31. “Tá a lán ar tosach a bheidh ar deireadh, agus a lán ar deireadh a bheidh ar tosach.”

Páis agus Aiséirí: An Tríú Tairngreacht

32. Agus bhí siad ar an tslí ag dul suas go Iarúsailéim; bhí Íosa rompu amach agus bhí ardionadh orthu, agus bhí eagla orthu siúd a bhí ag leanúint laistiar. Rug sé leis an dáréag i leataobh arís agus thosaigh sé ar a insint dóibh cad iad na nithe a bhí le titim amach dó.

33. “Seo anois sinn ag dul suas go Iarúsailéim agus tabharfar Mac an Duine ar láimh d'uachtaráin na sagart agus do na scríobhaithe. Daorfaidh siad chun báis é agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é.

34. Agus déanfaidh siad fonóid faoi agus seilí a chaitheamh air agus é a sciúrséail agus é a chur chun báis; agus éireoidh sé arís tar éis trí lá.”

Achainí Chlann Zeibidé

35. Tháinig Séamas agus Eoin, clann Zeibidé; chuige á rá leis: “A Mhaistir, is mian linn go ndéanfá dúinn cibé ní a iarrfaimid ort.”

36. Dúirt seisean leo: “Cad ab áil libh a dhéanfainn daoibh?”

37. Agus dúirt siadsan leis: “Tabhair dúinn go suífimis, duine againn ar do dheis, agus duine againn ar do chlé, i do ghlóir.”

38. Dúirt Íosa leo: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh. An bhféadann sibh an cupa a ól atá á ól agamsa, agus sibh do bhur mbaisteadh leis an mbaisteadh lena bhfuilimse do mo bhaisteadh?”

39. Dúirt siad leis: “Féadaimid.” Dúirt Íosa leo: “An cupa atáim a ól, ólfaidh sibh, agus leis an mbaisteadh lena bhfuilim do mo bhaisteadh, baistfear sibh;

40. ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agamsa atá sin le tabhairt, ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán.”

41. Ar a chloisteáil sin don deichniúr thosaigh siad ar a bheith míchéadfach i dtaobh Shéamais agus Eoin.

42. Agus ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo: “Tá fhios agaibh go mbíonn an mhuintir, a shamhlaíonn a bheith ag rialú na ngintlithe, ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu.

43. Ach ní mar sin atá an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis a bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh,

44. agus an duine ar mian leis a bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábhaí ag cách.

45. Óir níor tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air, ach chun go ndéanfadh sé féin freastal, agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”

Dall Ireachó

46. Agus tháinig siad go Ireachó; agus ag dul amach as Ireachó dó fara a dheisceabail agus slua mór, bhí dall, fear déirce, Bairtiméas mac Thiméas, ina shuí le hais an bhóthair.

47. Nuair a chuala sé gurbh é Íosa an Nazairéanach a bhí ann thosaigh sé ar screadach agus ar a rá: “A Mhic Dháiví, a Íosa, déan trócaire orm!”

48. Agus bhagair a lán daoine air a bheith ina thost, ach is ea ba mhó a scread sé: “A Mhic Dháiví, déan trócaire orm.”

49. Stad Íosa agus dúirt: “Glaoigí anseo air.” Agus ghlaoigh siad ar an dall á rá leis: “Bíodh misneach agat! Éirigh! Tá sé ag glaoch ort!”

50. Chaith sé siúd de a bhrat, d'éirigh de phreab, agus tháinig chun Íosa.

51. Ansin labhair Íosa leis: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” ar sé. Dúirt seisean leis: “Rabúní, mo radharc a bheith agam!”

52. Dúirt Íosa leis: “Imigh leat! Shlánaigh do chreideamh thú.” Tháinig a radharc dó láithreach agus lean sé é sa tslí.