Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Parabal an tSíoladóra

1. Thosaigh sé ag teagasc cois na farraige uair eile, agus bhailigh slua chomh líonmhar sin chuige go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti ar farraige, agus bhí an slua go léir le hais na farraige ar an talamh.

2. Rinne sé mórán nithe a theagasc dóibh i bparabail, agus dúirt sé leo ina chuid teagaisc:

3. “Éistigí liom! Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl.

4. Agus sa síolchur, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair agus tháinig an éanlaith á ithe suas.

5. Thit cuid eile den ghrán ar an gcreagán, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus d'eascair sé gan mhoill de bhrí nach raibh an ithir dhomhain aige;

6. agus nuair d'éirigh an ghrian loisceadh é, agus toisc nach raibh fréamh aige d'fheoigh sé.

7. Thit cuid eile den ghrán sa deilgneach, agus d'fhás an deilgneach aníos agus phlúch é, agus níor thug sé aon toradh uaidh.

8. Ach thit gráinní eile ar an talamh maith agus thug toradh uathu ag fás suas agus ag méadú, agus bhí barr air faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.”

9. Agus dúirt sé: “An té a bhfuil cluas chun éisteachta air, éisteadh!”

10. Nuair a bhí sé ina aonar, iad seo a bhíodh ina thimpeall leis an dáréag, d'fhiafraigh siad de i dtaobh na bparabal.

11. Dúirt sé leo: “Tá rúndiamhair ríocht Dé tugtha daoibhse; ach dóibh seo atá amuigh, is i bparabail a bhíonn an uile ní,

12. chun go‘mbreathnóidís go deimhin ach nach bhfeicfidís,agus go gcluinfidís go deimhin ach nach dtuigfidís,d'eagla go n‑iompóidís agus go maithfí dóibh.’ ”

13. Agus dúirt sé leo: “An ea nach dtuigeann sibh an parabal seo? Conas a gheobhaidh sibh fios ar na parabail uile?

14. Síolann an síoladóir an briathar.

15. Na daoine seo le hais an bhóthair, mar a shíoltar an briathar, is daoine iad agus nuair a chluineann siad, tagann Sátan láithreach agus tógann an briathar a shíoltar iontu.

16. Mar an gcéanna, is iad na daoine a ghlac an síol ar an gcreagán, iad seo a ghabhann an briathar chucu le háthas láithreach nuair a chluineann siad é,

17. ach ní bhíonn fréamh acu iontu féin ach iad neamhbhuan agus ansin, nuair a bhíonn trioblóid nó géarleanúint ann mar gheall ar an mbriathar, cliseann orthu láithreach.

18. Daoine eile iad seo a ghlac an síol sa deilgneach: is iad siúd na daoine a chuala an briathar,

19. ach go dtagann cúraimí an tsaoil agus mealladh an tsaibhris agus mianta i rudaí eile isteach, go bplúchann siad an briathar agus fágtar gan toradh é.

20. Agus iad seo a ghlac an síol ar an talamh maith, is iad seo na daoine a chluineann an briathar agus a ghabhann chucu é, agus a thugann toradh uathu faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.”

Tá an Teagasc le Foilsiú

21. Dúirt sé leo: “An dtugtar lampa isteach chun go gcuirfí faoi bhéal peice é, nó faoi leaba? Nach ar chrann solais atá sé le cur?

22. Óir níl aon ní faoi cheilt ach chun go mbeadh sé soiléir, ná aon ní ina rún ach chun go dtiocfadh sé chun solais.

23. Má bhíonn cluasa chun éisteachta ar aon duine éisteadh sé!”

24. Dúirt sé leo: “Bígí aireach faoina gcluineann sibh. Is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh, agus tabharfar tuilleadh daoibhse a chluineann.

25. Óir an duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó, agus an duine a bhíonn gan ní bainfear de fiú amháin a mbíonn aige.”

Parabal an tSíl a Bhorrann uaidh Féin

26. Agus dúirt: “Is amhlaidh atá ríocht Dé, mar a scaipfeadh duine síol ar an talamh,

27. agus go gcodlódh sé féin agus go n‑éireodh, oíche agus lá, agus go mbeadh an síol ag eascar agus ag fás gan fhios dó.

28. Tugann an talamh toradh uaidh féin, an geamhar ar dtús, an dias ansin, ansin an gráinne iomlán sa dias.

29. Nuair a bhíonn an barr aibí, tugann sé an corrán dó gan mhoill de bhrí go mbíonn an fómhar ar fáil.”

An Gráinne Mustaird

30. Agus dúirt: “Cad leis a gcuirfimid ríocht Dé i gcomparáid, nó cén parabal a luafaimid léi?

31. Tá sí mar a bheadh gráinne de shíol mustaird, atá ar an ngráinnín síl is lú ar bith de na síolta go léir nuair a bhíonn sé á chur sa talamh,

32. ach nuair a bhíonn sé curtha, fásann sé suas agus bíonn ar an gceann is mó de na glasraí go léir agus cuireann sé craobhacha móra amach sa chaoi go bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh faoina scáth.”

33. Is trí mhórchuid parabal den sórt sin a bhíodh sé ag labhairt an bhriathair leo, de réir mar a d'fhéad siad éisteacht leis.

34. Ní labhraíodh sé leo gan pharabal, ach go míníodh sé gach aon ní dá dheisceabail féin os íseal.

Smacht ag Críost ar na Dúile

35. Nuair a bhí an tráthnóna ann an lá sin, dúirt sé leo: “Téimis trasna anonn.”

36. Agus ag fágáil an tslua ina ndiaidh, thug siad leo é sa bhád mar a bhí sé, agus bhí báid eile á thionlacan.

37. D'éirigh cuaifeach mór gaoithe, agus bhí na farraigí ag bualadh an bháid sa chaoi go raibh sí ag líonadh cheana féin.

38. Bhí sé féin i ndeireadh an bháid ina chodladh agus a cheann ar an bpillín, agus mhúscail siad é agus dúirt leis: “A Mháistir, an ea nach cás leat go bhfuil an bás againn?”

39. Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus dúirt leis an bhfarraige: “Éist, bí socair!” Agus thit an ghaoth, agus bhí sé ina théigle mhór. Dúirt sé leo:

40. “Cén fáth a bhfuil an eagla seo oraibh? An ea nach bhfuil creideamh agaibh?”

41. Bhí uamhan agus eagla orthu agus bhí siad á rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go ndéanann gaoth agus farraige rud air?”