Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Léirscrios Iarúsailéim

1. Ag dul amach as an Teampall dó, dúirt duine dá dheisceabail leis: “Féach, a Mháistir, cad iad mar chlocha agus cad iad mar fhoirgnimh iad seo!”

2. Dúirt Íosa leis: “An bhfeiceann tú na foirgnimh mhóra seo? Ní fhágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas.”

3. Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg ar aghaidh an Teampaill, chuir Peadar, Séamas, Eoin agus Aindrias ceist chuige ar leithligh:

4. “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cén comhartha a bheidh ar na nithe sin eile a bheith ag teacht chun cinn.”

5. Agus thosaigh Íosa ar a rá leo: “Bígí aireach agus ná cuireadh duine ar bith amú sibh.

6. Tiocfaidh a lán daoine i m'ainmse á rá: ‘Is mise é,’ agus cuirfidh siad a lán daoine amú.

7. Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar ráflaí ar chogaí, ná glacaigí scéin; óir ní foláir sin a theacht chun cinn, ach ní hé deireadh fós é.

8. Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. Beidh maidhmeanna talún anseo agus ansiúd; beidh gortaí. Ní bheidh sa mhéid sin ach na harraingeacha tosaigh.

9. “Féachaigí chugaibh féin. Tabharfaidh siad ar láimh sibh do na sainidríní agus buailfidh siad sibh sna sionagóga; seasfaidh sibh i láthair gobharnóirí agus ríthe mar gheall ormsa, chun fianaise a thabhairt os a gcomhair.

10. Ní foláir ar dtús an soiscéal a fhógairt do na náisiúin go léir.

11. Agus nuair a thabharfaidh siad leo sibh le tabhairt ar láimh, ná bígí go himníoch roimh ré féachaint cad a déarfaidh sibh, ach an rud a thabharfar daoibh an uair sin, abraigí é; óir ní sibhse a bheidh ag labhairt ach an Spiorad Naomh.

12. Tabharfaidh an deartháir a dheartháir suas chun báis, agus an t‑athair a mhac; éireoidh an chlann in aghaidh a dtuismitheoirí agus cuirfidh siad chun báis iad.

13. Beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse; ach an té a bheidh seasmhach go deireadh, slánófar eisean.

14. “Nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ agus é ina sheasamh san áit nach dual - tuigeadh an té a léann - ansin, iad sin a bheidh in Iúdáia teithidís faoi na sléibhte;

15. an té a bheidh ar bharr an tí, ná téadh sé síos agus ná téadh sé isteach chun rud a bhreith leis as a theach;

16. agus an té a bheidh sa ghort, ná filleadh sé ar ais chun a bhrat a bhreith leis.

17. Lucht clainne a iompar, áfach, agus lucht cíche a thabhairt, is mairg dóibh san aimsir sin.

18. Bígí ag guí nach sa gheimhreadh a tharlóidh sé.

19. Óir beidh sna laethanta sin trioblóid nach raibh a leithéid ann ó thús an domhain, a rinne Dia, go dtí anois; agus nach mbeidh.

20. Agus mura ngiorródh an Tiarna na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán; ach ar son na dtofach a thogh sé, ghiorraigh sé na laethanta.

21. “Má deir aon duine libh ansin: ‘Féach, tá an Críost anseo,’ ‘Féach, ansiúd é,’ ná creidigí é.

22. Óir éireoidh Críostanna bréige agus fáithe bréige, agus tabharfaidh siad comharthaí uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mba fhéidir.

23. Sibhse, dá bhrí sin, bígí aireach. Féach, tá gach ní inste agam daoibh roimh ré.

Téarnamh Mhac an Duine

24. “Ach sna laethanta sin, tar éis na trioblóide sin, dorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a solas,

25. agus beidh na réaltaí ag titim ón spéir, agus beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith.

26. Agus ansin feicfidh siad Mac an Duine ag teacht sna scamaill le mórchumhacht agus glóir.

27. Agus ansin cuirfidh sé na haingil amach agus baileoidh sé na tofaigh ó na ceithre gaotha, ó imill na talún go himill neimhe.

Parabal an Chrann Fígí

28. “Ach ón gcrann fígí foghlaimígí an parabal. Nuair a bhíonn an ghéag úr agus í ag cur na mbachlóg amach, bíonn a fhios agaibh an samhradh a bheith in achmaireacht.

29. Amhlaidh sin daoibh, nuair a fheicfidh sibh na nithe seo ag titim amach, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé in achmaireacht, ar an tairseach.

30. Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan na nithe seo uile a bheith tagtha chun cinn.

31. Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.

Ní Foláir bheith ag Faire

32. “Ach mar gheall ar an lá sin agus ar an uair, níl a fhios ag duine ar bith, fiú ag na haingil sna flaithis, ná ag an Mac, ach ag an Athair.

33. Bígí aireach, déanaigí faire, mar níl a fhios agaibh cén uair a bheidh an t‑am ann.

34. Is é dála duine é a d'fhág a theach agus a d'imigh ar an gcoigríoch; thug sé an t‑údarás dá sclábhaithe, gach duine díobh i mbun a chúraim féin; agus d'ordaigh sé don doirseoir faire a dhéanamh.

35. Déanaigí faire, dá bhrí sin, mar ní fios daoibh cén uair a thiocfaidh tiarna an tí, um thráthnóna, i lár na hoíche, ar ghlao an choiligh, nó ar maidin.

36. Má thagann sé gan choinne, ná faigheadh sé sibh in bhur gcodladh.

37. An rud a deirim libhse, deirim le gach duine é: Déanaigí faire.”