Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Cainticí Bua ar Neamh

1. Ina dhiaidh sin chuala mé mar a bheadh glór mathshlua mhóir sna flaithis á rá:“Alleluia! Is lenár nDia slánú agus glóir agus neart.

2. Óir is fíor iad a bhreitheanna agus is cóir.Thug sé breith ar an striapach mhóra thruailligh an domhan lena striapachas.Agus rinne sé fuil a sheirbhíseach a agairt uirthi.”

3. Ghlaoigh siad arís:“Alleluia! Éiríonn a deatach uaithi ar feadh na síoraíochta.”

4. Agus chaith an ceathrar seanóirí ar fhichid agus na ceithre dhúil bheo iad féin ar an talamh agus shléacht siad do Dhia a bhí ina shuí sa ríchathaoir á rá: “Amen. Alleluia.”

5. Agus tháinig guth ón ríchathaoir amach á rá:“Molaigí bhur nDia, a sheirbhíseacha go léir leis,sibhse ar a bhfuil a eagla, idir bheag agus mhór.”

6. Ansin chuala mé glór mar a bheadh glór mathshlua mhóir agus mar a bheadh glór tuiltí lána, agus mar a bheadh glór toirní tréine, agus iad á rá:“Alleluia! Óir tháinig an Tiarna, ár nDia Uilechumhachtach, i réim.

7. Déanaimis gairdeas agus lúcháir agus tugaimis glóir dó.Óir tá bainis an Uain tagtha,agus tá a nuachair arna hullmhú féin.

8. Deonaíodh di í féin a ghléasadh i línéadach mín geal glioscarnach”(óir is iad oibreacha fíréantachta na naomh an línéadach mín).

9. Agus dúirt [an t‑aingeal] liom: “Is méanar dóibh siúd a fhaigheann cuireadh chun bainis an Uain.” Ansin dúirt sé liom: “Focail fhíora Dé iadsan.”

10. Agus chaith mé mé féin ag a chosa á adhradh. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.”

An Chéad Chath in aghaidh na bPágánach

11. Ansin chonaic mé na flaithis ar oscailt agus b'shiúd each bán agus ag marcaíocht ar a mhuin an té ar a dtugtar Dílis agus Fírinneach, agus a dhéanann breithiúnas agus cogadh de réir an chirt.

12. Bladhm thine a shúile, agus ar a cheann tá mórán mionn ríoga, agus tá ainm aige scríofa nach eol d'aon duine ach dó féin amháin.

13. Tá sé gléasta in éide a tumadh i bhfuil, agus is é ainm a ghoirtear air “Briathar Dé.”

14. Agus bhí sluaite neimhe á leanúint ar eacha geala, agus iad feistithe i línéadach mín gléigeal glan.

15. Bhí claíomh géar ag síneadh óna bhéal chun ciníocha a bhascadh. Déanann sé iad a rialú le slat iarainn agus pasálann sé cantaoir fhíon feirge Dé Uilechumhachtaigh.

16. Scríofa ar a fhallaing agus ar a shliasaid aige tá: “Rí na Ríthe agus Tiarna na dTiarnaí.”

17. Ansin chonaic mé an t‑aingeal ina sheasamh ar an ngrian, agus ghlaoigh sé in ard a ghutha agus dúirt sé leis na héin go léir ar eitilt i mbuaic neimhe: “Tagaigí agus cruinnigí chun fleá mhór Dé,

18. chun go n‑íosfaidh sibh feoil ríthe, agus feoil cheanafort, agus feoil na laochra, agus feoil na n‑each, agus feoil a marcach, agus feoil gach n‑aon idir shaoránach is dhaoránach, idir bheag agus mhór.”

19. Agus chonaic mé an beithíoch, agus ríthe an domhain, agus a sluaite arna dtóstal chun cogadh a fhearadh ar an marcach agus ar a shlua-san.

20. Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.

21. Maraíodh an chuid eile le claíomh mharcach an eich, an claíomh úd a bhí ag síneadh óna bhéal. Agus fuair na héin go léir a sáith dá bhfeoil.