Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Cúigiú Trumpa

1. Ansin shéid an cúigiú haingeal a thrumpa agus chonaic mé réalta a thit chun na talún ó na flaithis agus tugadh dó eochair an phoill duibheagáin.

2. Agus d'oscail sé an poll duibheagáin agus d'éirigh as an bpoll deatach mar dheatach bhéilteach thine agus dhorchaigh an ghrian agus an spéir ó dheatach an phoill.

3. Ansin snigh lócaistí as an deatach ar an talamh agus tugadh dóibh cumhacht mar an gcumhacht atá ag scairpí na talún.

4. Dúradh leo gan dochar a dhéanamh d'fhéar na talún, ná d'aon fhás ná d'aon chrann, ach amháin do na daoine nach raibh séala Dé ar a n‑éadan.

5. Ná níor tugadh de chead dóibh iad a mharú, ach a bheith á bpianadh ar feadh chúig mhí, agus cealg a bpéine mar chealg scairpe nuair a chuireann sí i nduine í.

6. Sna laethanta úd beidh daoine ar lorg an bháis ach gan é a fháil, agus ag tnúth le bás a fháil, ach éalóidh an bás uathu.

7. Ba chuma iad na lócaistí, le féachaint orthu, le capaill feistithe chun catha; ar a gceann bhí coróin mar a bheadh d'ór, agus a gceannaithe mar a bheadh ceannaithe daoine;

8. bhí gruaig orthu mar ghruaig ban, agus fiacla acu mar fhiacla leon.

9. Bhí lúirigh orthu mar lúirigh iarainn, agus bhí torann a sciathán mar a bheadh torann mórán carbad agus a gcapaill ar ruathar chun catha.

10. Tá eireaball orthu cosúil le scairp agus cealg ann; agus is san eireaball atá a gcumhacht chun bheith ag pianadh na ndaoine ar feadh chúig mhí.

11. Tá aingeal an duibheagáin acu mar rí orthu; tugtar Abadón mar ainm air san Eabhráis agus Apolúón [nó Scriostóir] sa Ghréigis.

12. Tá mairg a haon imithe léi. Féach, seo dhá mhairg eile le teacht fós.

An Séú Trumpa

13. Ansin shéid an séú haingeal a thrumpa, agus chuala mé an glór ag teacht ó cheithre chorr na haltóra óir a bhí os comhair Dé,

14. agus é á rá leis an séú haingeal a raibh an trumpa aige: “Scaoil na ceithre haingil atá faoi chuibhreacha lámh le habhainn mhór an Eofrataes.”

15. Agus scaoileadh leis na ceithre haingil a bhí ar tinneall socair don uair agus don lá agus don mhí agus don bhliain, chun go maróidís trian an chine dhaonna.

16. Agus ba é líon na ndíormaí marcshlua - chuala mé a líon - dhá oiread deich míle de dheich míle fear.

17. Agus is mar seo a chonaic mé na heacha i m'fhís: bhí lúireacha lasracha ar dhath na hiasainte agus na ruibhe ar na marcaigh; bhí cinn na n‑each mar chinn leon agus bhí tine agus deatach agus ruibh ag sileadh óna mbéala.

18. Ba leis na trí plánna sin a maraíodh trian den chine daonna, leis an tine, leis an deatach agus leis an ruibh ag sileadh óna mbéal.

19. Óir tá cumhacht na n‑each ina mbéal agus ina n‑eireaball. Tá a n‑eireabaill mar nathracha nimhe, agus cinn orthu, agus is leo a dhéanaid dochar.

20. Ach an chuid eile den chine daonna a fágadh gan marú ag na plánna seo, ní dhearna siad aithrí in oibreacha a lámh agus gan adhradh do na deamhain ná do na híola óir ná airgid ná cré-umha ná cloiche ná adhmaid, nithe atá gan cumas radhairc ná éisteachta ná siúil.

21. Ní mó ná sin a rinne siad aithrí ina ndúnmharuithe ná ina n‑asarlaíocht ná ina gcuid striapachais ná gadaíochta.