Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Bhablóin an Striapach Mhór

1. Ansin tháinig ceann de na seacht n‑aingeal leis na seacht soitheach chugam, agus labhair sé liom á rá: “Gabh i leith! taispeánfaidh mé duit an breithiúnas ar an striapach mhór, í siúd atá ina suí ar na tuiltí lána.

2. Rinne ríthe an domhain striapachas léi-se, agus chuir fíon a striapachais áitritheoirí an domhain ar meisce.”

3. Rug sé leis isteach i bhfásach ansin mé faoi luí an Spioraid, agus chonaic mé an bhean ina suí ar bheithíoch craorag, agus eisean breac le hainmneacha diamhasla agus seacht gceann air agus deich n‑adharc.

4. Bhí an bhean gafa i gcorcra agus i gcraorag, agus í órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí. Bhí cupán óir ina deaslámh agus é lán d'uafáis agus de shalachair a striapachais.

5. Ar chlár a héadain bhí ainm scríofa (rúndiamhair é): “An Bhablóin Mhór, Máthair Striapacha agus Uafáis an Domhain.”

6. Agus chonaic mé an bhean agus í ar meisce le fuil na naomh agus le fuil finnéithe Íosa. Arna feiceáil dom ghabh ionadh thar na bearta mé.

7. Agus dúirt an t‑aingeal liom: “Cad a bheir ionadh ort? Inseoidh mise duit rúndiamhair na mná agus an bheithígh atá á hiompar, é siúd ar a bhfuil seacht gceann agus deich n‑adharc.”

Diamharchiall an Bheithígh agus na Striapaí

8. “An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d'áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.

9. Éilíonn sé seo ceann lán d'eagna. Na seacht gceann, seacht gcnoc iadsan ar a bhfuil a suíochán ag an mbean,

10. agus seachtar ríthe leis; tá cúigear díobhsan tite, tá duine díobh faoi réim, agus duine eile gan teacht fós; nuair a thiocfaidh sé, ní mór an mhoill a bheidh air.

11. Agus an beithíoch, a bhí ann, agus nach bhfuil, eisean an t‑ochtú duine, cé go bhfuil sé ar an seachtar, agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta.

12. Agus na deich n‑adharc a chonaic tú, deichniúr ríthe iad nár ghabh ríocht fós, ach tá cumhacht le fáil acu ar feadh aon uaire amháin mar ríthe le cois an bheithígh.

13. Táid d'aon mhéin agus ag toirbhirt a nirt agus a gcumhachta don bheithíoch.

14. Fearfaidh siad sin cogadh ar an Uan, ach cloífidh an tUan iad mar is é sin tiarna na dtiarnaí agus rí na ríthe; agus a lucht leanúna, is iadsan an lucht a glaodh, na tofaigh, na dílsigh.”

15. Lean sé air ag caint liom: “Na huiscí a chonaic tú mar a bhfuil an striapach ina suí, pobail agus slóite iad, agus ciníocha agus teangacha.

16. Agus na deich n‑adharc a chonaic tú, agus an beithíoch, tiocfaidh fuath acu don striapach, agus fágfaidh siad tréigthe lomnocht í; íosfaidh siad a cuid feola agus loiscfidh í féin le tine,

17. óir chuir Dia ina gcroí a mhian féin a dhéanamh, a bheith d'aon mhéin, agus a ríocht a thoirbhirt don bheithíoch nó go gcomhlíonfar briathra Dé.

18. Agus an bhean a chonaic tú, ise an chathair mhór, í siúd a bhfuil údarás aici ar ríthe an domhain.”