Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Bheirt Fhinné

1. Ansin tugadh bata dom mar shlat tomhais agus é á rá liom: Éirigh agus tomhais teampall Dé, agus an altóir agus an lucht adhartha ansiúd;

2. ach cúirt sheachtrach an teampaill, ná bac léi, agus ná tomhais í mar tugadh í do na ciníocha agus satlóidh siad ar an gcathair naofa faoina gcosa ar feadh dhá mhí agus daichead.

3. Ach fágfaidh mé faoi mo bheirt fhinné é, agus beidh siad ag fáidheoireacht ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá, agus iad gléasta i sacéadaí.

4. Is iadsan an dá chrann ola, agus an dá lóchrann a sheasaíonn os comhair Tiarna an domhain.

5. Agus más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, tagann tine as a mbéal agus slogann a naimhde. Más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, más ea, is mar sin nach foláir é a mharú.

6. Tá sé de chumhacht acu na spéartha a iamh i dtreo nach mbeadh aon bháisteach ann le linn laethanta a bhfáidheoireachta; agus tá de chumhacht acu na huiscí a iompú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le gach sórt plá a mhinice agus is mian leo.

7. Agus ar gcríochnú a bhfianaise dóibh, an beithíoch a éiríonn aníos as an duibheagán, fearfaidh sé cogadh orthu agus cloífidh iad agus maróidh iad.

8. Agus beidh a gcorpáin ina luí ar shráid na cathrach móire - ar a dtugtar go fíorúil Sodom, agus an Éigipt mar ar céasadh a dTiarna chomh maith;

9. agus daoine ó gach pobal agus treibh agus teanga agus cine ag stánadh ar a gcorpáin ar feadh trí lá go leith, gan cead a thabhairt iad a adhlacadh;

10. agus gairdeas ar áitritheoirí an domhain ina dtaobh. Cuirfidh siad tabhartais chun a chéile mar gur chiap an bheirt fháidh seo áitritheoirí an domhain.”

11. Ansin tar éis trí lá go leith chuaigh spiorad beatha ó Dhia isteach iontu, agus sheas siad ar a mbonna, agus ghabh scéin mhór a raibh ag faire orthu.

12. Agus chuala siad guth tréan ó na flaithis á rá leo: “Tagaigí anseo aníos!” Agus chuaigh siad suas chun na bhflaitheas i néal agus a naimhde ag faire orthu.

13. Ag an nóiméad sin tharla crith mór talún agus thit deachú den chathair, agus fuair seacht míle duine bás sa chrith talún; ghabh eagla an chuid eile agus thug siad glóir do Dhia na bhflaitheas.

An Seachtú Trumpa

14. Tá an dara mairg imithe léi. Féach, tá an tríú mairg ag teacht gan mhoill.

15. Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus b'shiúd guthaí tréana sna flaithis á rá: “I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.”

16. Agus an ceathrar seanóirí ar fhichid a bhí ina suí ina ríchathaoireacha os comhair Dé, chaith siad iad féin ar a mbéala agus thug siad adhradh do Dhia

17. á rá:“Beirimid buíochas leat, a Thiarna, a Dhia Uilechumhachtaigh, an té atá ann agus a bhímar gur ghlac tú chugat do mhórchumhachtagus go ndeachaigh tú i mbun rialaithe.

18. Ghabh fearg na ciníocha,ach tháinig fraoch d'fheirge agus uain an bhreithiúnais ar na mairbh,uain cúiteamh a thabhairt do do sheirbhísigh, na fáithe,agus do na naoimh agus don dream ag a bhfuil urraim do d'ainm, idir bheag agus mhór,uain scriosta lucht scriosta an domhain.”

19. Ansin osclaíodh teampall Dé ar neamh, agus bhí radharc ar áirc a chonartha ina theampall agus tharla tintreacha, agus glórtha agus toirneacha, agus crith talún agus a lán clocha sneachta.