Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Eifeasas

1. “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise in Eifeasas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil greim aige ar na seacht n‑eaglaisí ina dheasláimh, agus a shiúlann i measc na seacht gcoinnleoirí óir:

2. Is eol dom d'oibreacha, agus do shaothar, agus d'fhoighne, agus mar nach féidir duit lucht an oilc a fhulaingt, agus mar a phromhaigh tú an dream a thug aspail orthu féin agus nach amhlaidh dóibh, agus mar a fuair tú bréagach iad.

3. Is eol dom go bhfuil foighne agat, gur fhulaing tú ar son m'ainm gan traochadh.

4. Ach tá seo agam i d'aghaidh: gur thréig tú an grá a bhí agat a chéaduair.

5. Cuimhnigh, más ea, ar cad as ar thit tú, agus déan aithrí agus déan na hoibreacha a rinne tú ar dtús. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat agus tógfaidh mé do choinnleoir óna ionad, mura ndéana tú aithrí.

6. Ach tá seo i d'fhabhar, go bhfuil an ghráin agat ar oibreacha na Niocoláiteach faoi mar atá an ghráin agamsa leis.

7. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé bia dó ó chrann na beatha atá i bparthas Dé.’ ”

Smiorna

8. “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Smiorna: ‘Mar seo a deir an té atá ar tosach agus ar deireadh, an té ba mharbh agus ar tháinig anam ann:

9. Is eol dom do dhuainéis agus do bhochtaine - cé gur saibhir tú - agus tromaíocht an dreama a thugann Giúdaigh orthu féin, ach nach amhlaidh dóibh ach gur sionagóg le Sátan iad.

10. Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.

11. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua, ní baol dó dochar ón dara bás.”

Peargamas

12. “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bPeargamas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil an claíomh géar dhá fhaobhar aige:

13. Is eol dom cá bhfuil cónaí ort, mar a bhfuil ríchathaoir Shátain; agus coinníonn tú m'ainm agus níor thréig tú do chreideamh ionam fiú i laethanta Aintipeas, an finné dílis liom a cuireadh chun báis ar an mbaile agaibh, mar a bhfuil cónaí ar Shátan.

14. Tá beagán agam i d'aghaidh, áfach, mar tá daoine agat ansin atá ag cloí le teagasc Bhalám, an té a mhúin do Bhalac ceap tuisle a chur os comhair chlann Iosrael le go n‑íosfaidís bia íobartha d'íola agus striapachas a dhéanamh.

15. Tá daoine agat chomh maith atá ag cloí le teagasc na Niocoláiteach sa tslí chéanna.

16. Déan aithrí dá bhrí sin. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat gan mhoill agus troidfidh mé leo le claíomh mo bhéil.

17. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé dó cuid den mhana folaigh; agus tabharfaidh mé dó cloch gheal agus ainm nua scríofa ar an gcloch, ainm nach fios d'aon duine ach don té a ghlacann é.”

Tíaitíora

18. “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i dTíaitíora: ‘Mar seo a deir Mac Dé, an té a bhfuil súile aige mar bhladhm thine, agus a bhfuil a chosa mar phrás líofa:

19. Is eol dom d'oibreacha, agus do ghrá agus do chreideamh, agus do sheirbhís agus d'fhoighne, agus go sáraíonn d'oibreacha le déanaí ar d'oibreacha a chéaduair.

20. Ach tá sé seo agam i d'aghaidh, go scaoileann tú leis an mbean Ízeibil a thugann banfháidh uirthi féin, agus a mhúineann agus a mheallann mo sheirbhísigh chun adhaltranas a dhéanamh agus bia íobartha d'íola a ithe.

21. Thug mé cairde di chun aithrí a dhéanamh, ach ní háil léi aithrí a dhéanamh ina hadhaltranas.

22. Féach! caithfidh mé ar leaba péine í agus lucht déanta striapachais léi i nduainéis mhór mura ndéana siad aithrí ina hoibreacha;

23. agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha.

24. An chuid agaibhse i dTíaitíora, áfach, atá fágtha, iadsan uile nár ghlac leis an teagasc seo agus nár chuir eolas ar dhiamhra Shátain mar a thugann siad orthu, ní chuirfidh mé, a deirim libh, aon ualach eile oraibh;

25. ach coinnígí greim daingean ar a bhfuil agaibh go dtaga mé.

26. Agus an té a bheireann bua agus a choimeádann m'oibreacha go dtí an deireadh, tabharfaidh mé údarás dó ar na ciníocha,

27. mar a fuair mise ó m'athair, agus déanfaidh sé iad a rialú le slat iarainn, faoi mar a bheadh soithí cré á mbascadh;

28. agus tabharfaidh mé dó réalta na maidne.

29. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.”