Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Apacailipsis (Taispeántadh) 4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Na Físeanna Fáigiúla

Cuireann Dia an Domhan i Lámh an Uain

1. Bhí fís agam ina dhiaidh sin, agus ba shiúd doras oscailte ar neamh, agus an chéad ghlór a chuala ag labhairt liom mar ghlór trumpa, bhí sé á rá: “Gabh anseo aníos agus taispeánfaidh mé duit a gcaithfidh teacht ina ndiaidh seo.”

2. Bhí mé faoi luí an Spioraid gan mhoill, agus, féach, bhí ríchathaoir suite sna flaithis, agus neach ina shuí sa chathaoir sin.

3. Agus an té a bhí ina shuí bhí sé ar lí seaspair agus sairdis agus bhí bogha ceatha timpeall na ríchathaoireach ar dhealramh na smaragaide.

4. Bhí ceithre ríchathaoir fichead mórthimpeall na ríchathaoireach agus ceathrar seanóirí fichead ina suí sna ríchathaoireacha, iad gléasta in éidí geala agus corónacha óir ar a gceann.

5. Gabhann amach ón ríchathaoir splancacha tintrí, glórtha agus toirneacha; bíonn seacht lóchrann tine ar lasadh os comhair na ríchathaoireach, agus is iadsan seacht spiorad Dé.

6. Agus os comhair na ríchathaoireach tá mar a bheadh farraige gloine, cosúil le criostal. Agus i lár baill ag an ríchathaoir, agus mórthimpeall na ríchathaoireach, tá ceithre dhúil bheo atá lán de shúile chun tosaigh agus laistiar.

7. Is cosúil an chéad dúil bheo le leon agus an dara dúil le damh; tá aghaidh mar aghaidh duine ar an tríú dúil, agus tá an ceathrú dúil cosúil le hiolar ar eitilt.

8. Agus bíonn sé sciatháin ar gach ceann de na ceithre dúile beo, agus iad lán de shúile mórthimpeall agus laistigh; ní théann aon stad orthu de lá ná d'oíche ach ag rá:

9. “Is naofa, naofa, naofa,an Tiarna Dia Uilechumhachtach;an té a bhí ann, atá, agus atá le teacht.”

10. Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa ríchathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa ríchathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na ríchathaoireach á rá:

11. “A Thiarna agus a Dhia linn, is fiú thú glóir agus onóir agus cumhacht a fháil, óir is tú a chruthaigh an uile ní agus is trí do thoil a tháinig siad ann agus a cruthaíodh iad.”