Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Dhá Dhrochrí

1. Bhí Manaise dhá bhliain déag d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana déag agus daichead i réim in Iarúsailéim. Heifzí Bá ab ainm dá mháthair.

2. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus rinne aithris ar na nósanna náireacha a chleacht na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.

3. Thog sé arís na hardionaid a scrios a athair Hiziciá agus chuir sé suas altóirí do Bhál agus rinne cuaille naofa mar a rinne Acháb rí Iosrael agus thug sé ómós do shluaite uile na spéire agus rinne seirbhís dóibh.

4. Thóg sé altóirí i dTeampall an Tiarna a ndúirt an Tiarna faoi: “In Iarúsailéim a thabharfaidh mé áit lonnaithe do m'ainm.”

5. Thóg sé altóirí do shluaite uile na spéire i dhá chúirt Theampall an Tiarna.

6. Chuir sé d'iallach ar a mhac gabháil trí thine. Chleacht sé fáistineoireacht agus draíocht agus thug sé isteach lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna á ghriogadh chun feirge.

7. An íomhá ghreanta d'Aiséará a rinne sé, chuir sé suas í sa teach a ndúirt an Tiarna le Dáiví agus le Solamh a mhac faoi: “Sa Teampall seo, agus in Iarúsailéim, an chathair a thogh mé as treibheanna Iosrael go léir, tabharfaidh mé áit lonnaithe do m'ainm go brách.

8. Ní thabharfaidh mé a thuilleadh ar chosa Iosrael dul ar fán ón tír a thug mé dá sinsir ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad go beacht gach ar ordaigh mé dóibh de réir an dlí go léir a d'ordaigh mo shearbhónta Maois dóibh.”

9. Ach níor éist siad agus mheall Manaise iad le níos mó oilc a dhéanamh ná na náisiúin a scrios an Tiarna roimh chlann Iosrael.

10. Ansin labhair an Tiarna ó bhéal a shearbhóntaí na fáithe:

11. “Ós rud go ndearna Manaise rí Iúdá na coireanna gráiniúla seo agus go ndearna sé nithe níos gráiniúla ná gach a ndearna na hAmóraigh a bhí roimhe, agus gur thug sé ar Iúdá féin peaca a dhéanamh lena chuid íol,

12. seo mar a deir an Tiarna, rí Iosrael: ‘Féach! tabharfaidh mé a leithéid de thubaiste ar Iarúsailéim agus ar Iúdá go gcuirfidh sé gigilt ar chluais gach duine a chluinfidh faoi.

13. Sínfidh mé an dorú tomhais céanna ar Iarúsailéim agus ar an tSamáir agus an dorú pluma céanna le teaghlach Acháb. Déanfaidh mé Iarúsailéim a sciomradh faoi mar a dhéanfadh duine mias a sciomradh, agus a bhualadh béal faoi tar éis a sciomartha.

14. Caithfidh mé uaim iarmhar m'oidhreachta, agus tabharfaidh mé iad i lámha a naimhde á chur d'iallach orthu bheith mar chreach agus mar éadáil ag a naimhde go léir,

15. mar rinne siad an t‑olc i m'fhianaise agus d'adhain siad m'fhearg ón lá a tháinig a sinsir amach as an Éigipt go dtí inniu féin.’ ”

16. Dhoirt Manaise an oiread sin d'fhuil neamhchiontach gur líon sé Iarúsailéim ó cheann ceann, gan trácht ar na peacaí inar sheol sé Iúdá i dtreo go ndearnadar an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.

17. An chuid eile de stair Mhanaise, a imeachtaí go léir, na coireanna a rinne sé, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

18. Ansin chuaigh Manaise chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é i ngairdín a pháláis, gairdín Uzá; agus tháinig a mhac Ámón i gcomharbacht air.

19. Bhí Ámón dhá bhliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain i réim in Iarúsailéim. Misilimit, iníon Hárúz ó Iotbá, ab ainm dá mháthair.

20. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne Manaise a athair.

21. Rinne sé aithris ar a athair i ngach slí, agus é ag fónamh do na híola dar fhóin a athair, agus ag adhradh dóibh.

22. Thréig sé an Tiarna, Dia a shinsear, agus níor lean sé bealach an Tiarna.

23. Rinne oifigigh Ámón comhcheilg ina aghaidh agus mharaigh é ina phálás.

24. Ach mharaigh muintir na tuaithe gach duine a rinne comhcheilg in aghaidh an rí Ámón, agus d'fhógair siad Ióisíá a mhac ina rí ina dhiaidh.

25. An chuid eile de stair Ámón, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

26. Adhlacadh é i dtuama a athar i gairdín Uzá, agus tháinig a mhac Ióisíá i gcomharbacht air.