Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Lena linn rinne Nabúcadnazar rí na Bablóine ionradh, agus bhí Iahóiácaím ag tabhairt ómóis dó ar feadh trí bliana, ach ansin d'iompaigh sé uaidh agus rinne ceannairc ina aghaidh.

2. Ach chuir [seisean] díormaí armtha de Chaildéigh, d'Amóraigh, de Mhóábaigh, agus d'Amónaigh ina choinne; chuir sé in aghaidh Iúdá iad le hé a scrios de réir an bhriathair a labhair an Tiarna trí bhéal a shearbhóntaí na fáithe.

3. Tharla sé seo go léir do Iúdá de bharr [fhearg] an Tiarna; bheartaigh seisean iad a chaitheamh as a radharc de bharr pheacaí Mhanaise agus gach a ndearna sé,

4. agus chomh maith de bharr gach a raibh d'fhuil neamhchiontach doirte aige agus Iarúsailéim á líonadh aige ó cheann ceann le fuil neamhchiontach. Ní raibh maithiúnas le fáil ón Tiarna.

5. An chuid eile de stair Iahóiácaím, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

6. Ansin chuaigh Iahóiácaím chun suain lena shinsir agus tháinig Iahóiácaín i gcomharbacht air.

7. Níor fhág rí na hÉigipte a thír féin arís mar bhí gach dúiche a bhain le rí na hÉigipte ó ghleann na hÉigipte go habhainn an Eofrataes gafa ag rí na Bablóine.

8. Bhí Iahóiácaín ocht mbliana déag d'aois ag teacht i gcoróin dó, agus bhí sé trí mhí ina rí in Iarúsailéim. Nachuisteá, iníon Ealnátán ó Iarúsailéim, ab ainm dá mháthair.

9. Rinne sé an t olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne a athair roimhe.

An Chéad Dream Deoraithe

10. San am sin mháirseáil sluaite Nabúcadnazar rí na Bablóine in aghaidh Iarúsailéim agus rinne siad an chathair a thimpeallú.

11. Tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine é féin chun an chathair a ionsaí fad a bhí sí faoi léigear ag a mhuintir.

12. Ansin ghéill Iahóiácaín rí Iúdá do rí na Bablóine, é féin, a mháthair, a oifigigh, a uaisle agus a choillteáin, agus chuir rí na Bablóine i mbraighdeanas iad. Ba é sin an t‑ochtú bliain de réimeas Nabúcadnazar.

13. Rug seisean leis a raibh de shaibhreas i dTeampall an Tiarna agus de mhaoin i bpálás an rí. Bhris sé ina smionagar an trealamh óir a rinne Solamh rí Iosrael i gcomhair shanctóir an Tiarna. Is mar sin a comhlíonadh briathar an Tiarna.

14. Thug sé Iarúsailéim ar fad leis ar deoraíocht; na huachtaráin uile agus na laochra gaile uile, deich míle cime, mar aon leis na gaibhne agus leis na ceardaithe go léir; níor fágadh ina ndiaidh ach bochtáin na tíre.

15. Dhíbir sé Iahóiácaín chun na Bablóine, mar aon le máthair an rí, mná an rí, a choillteáin agus uaisle na tíre; thug sé iad go léir leis ó Iarúsailéim ar deoraíocht chun na Bablóine.

16. Na daoine gradamacha go léir, seacht míle acu, na gaibhne agus na ceardaithe, míle acu, agus gach duine acu in ann arm a iompar, thug rí na Bablóine an t‑iomlán leis ar deoraíocht chun na Bablóine.

17. Mar chomharba ar Iahóiácaín cheap rí na Bablóine Matainiá a uncail ina rí, agus d'athraigh sé a ainm go Zidicíá.

18. Bhí Zidicíá bliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim. Hamútal, iníon Irimia ó Libneá, ab ainm dá mháthair.

19. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne Iahóiácaím.

20. Tharla sin in Iarúsailéim agus in Iúdá de bharr fhearg an Tiarna i dtreo gur chaith sé i leataobh óna láthair iad ar deireadh. Rinne Zidicíá ceannairc in aghaidh rí na Bablóine.