Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Bású Theaghlach Acháb

1. Bhí deichniúr mac agus trí fichid ag Acháb sa tSamáir, agus scríobh Iéahú litir agus sheol í go dtí an tSamáir, go huachtaráin na cathrach, go dtí na sinsir agus go lucht altrama chlann Acháb, á rá:

2. “Nuair a gheobhaidh sibh an litir seo, ós rud é go bhfuil clann mhac bhur máistir in bhur dteannta, agus go bhfuil carbaid agus eachra, cathracha daingne agus airm agaibh,

3. toghaigí an té is fearr agus is cumasaí de chlann mhac bhur máistir, agus cuirigí i ríchathaoir a athar é, agus troidigí ar son ríshliocht bhur máistir.”

4. Bhuail scéin agus scanradh iad. “Féach,” ar siad, “níor fhéad an dá rí an fód a sheasamh ina aghaidh, agus conas a d'fhéadfaimisne, más ea?”

5. Dá bhrí sin sheol reachtaire an pháláis, agus rialtóir na cathrach, na sinsir agus an lucht altrama scéala go dtí Iéahú: “Searbhóntaí de do chuid sinne; déanfaimid cibé rud a ordóidh tú dúinn; ní dhéanfaimid rí d'aon duine; déan mar is áil leat.”

6. Scríobh sé litir eile chucu á rá: “Má tá sibh liom, agus má tá sibh sásta mo réir a dhéanamh, tugaigí libh cinn chlann mhac bhur máistir agus tagaigí chugamsa anseo in Izréil um an dtaca seo amárach.” (Bhí deichniúr mac agus trí fichid leis an rí á n‑oiliúint ansiúd ag taoisigh na cathrach.)

7. Nuair a shroich an litir sin iad, thógadar clann mhac an rí agus chuireadar chun báis iad, an deichniúr agus trí fichid go léir, agus chuireadar a gcinn i gciseáin agus sheoladar chuige in Izréil iad.

8. Tháinig an teachtaire le scéala go Iéahú: “Thugadar leo,” ar sé, “cinn chlann mhac an rí.” “Fág ina dhá gcarn iad,” ar seisean, “ag an mbealach chun an gheata go maidin.”

9. Ansin, ar maidin, ghabh sé amach, sheas, agus dúirt leis an bpobal go léir: “Tá sibh saor ó chion; rinne mé comhcheilg in aghaidh mo mháistir, ceart go leor, agus mharaigh mé é. Ach cé chuir iad seo go léir chun báis?

10. Bíodh a fhios agaibh dá bhrí sin nach rachaidh focal amú dá bhfuil ráite ag an Tiarna in aghaidh shliocht Acháb. Tá gach a ndúirt sé trína shearbhónta Éilias déanta ag an Tiarna.”

11. Ansin mharaigh Iéahú gach ar mhair de shliocht Acháb in Izréil, a mhaithe go léir, a dhlúthchairde agus a shagairt, gan duine díobh a fhágáil ina bheatha.

12. Chuir sé chun bóthair ansin go dtí an tSamáir. Ar an tslí dó

13. tharla sé le bráithre Achaizíá rí Iúdá ag Béit Éicid na nAoirí: “Cé hé sibh féin?” a d'fhiafraigh sé. “Sinne bráithre Achaizíá,” ar siad, “agus táimid ar ár mbealach síos ar thuairisc chlann mhac an rí agus chlann mhac na banríona.”

14. “Gabhaigí ina mbeatha iad,” ar sé. Agus ghabhadar ina mbeatha iad agus chuir sé chun báis iad ag an umar ag Béit Éicid, beirt agus daichead díobh, gan fear inste scéil a fhágáil.

15. D'fhág sé an áit sin agus bhuail sé le Iahónádáb mac Raecáb a bhí ag teacht ina choinne. Bheannaigh sé dó agus dúirt leis: “An bhfuil do chroíse dílis do mo chroíse faoi mar atá mo chroíse do do chroíse?” “Tá,” d'fhreagair Iahónádáb. “Má tá,” arsa Iéahú, “tabhair dom do lámh.” Thug sé a lámh dó agus thóg Iéahú suas taobh leis é ina charbad.

16. “Tar liom,” ar sé, “agus feic mo dhúthracht ar son an Tiarna,” agus thiomáin sé leis ina charbad é.

17. Nuair a chuaigh sé isteach sa tSamáir chuir sé chun báis ar fhan beo de shliocht Acháb sa tSamáir; scrios sé iad de réir mar a dúirt an Tiarna le hÉilias a tharlódh.

Bású Mhóidíní Bhál

18. Ansin chruinnigh Iéahú an pobal go léir agus dúirt: “Rinne Acháb beagán seirbhíse do Bhál, ach déanfaidh Iéahú mórán.

19. Glaoigí chugam dá bhrí sin ar fháithe Bhál ar a mhóidíní go léir, agus ar a shagairt; ná bíodh aon duine in easnamh mar tá íobairt mhór le hofráil agam do Bhál. Má bhíonn aon duine ar iarraidh, caillfidh sé a anam dá bharr.” Cleas ab ea é seo ag Iéahú le móidíní Bhál a scrios.

20. Agus dúirt Iéahú: “Cruinnigí tionól naofa do Bhál!” Agus thugadar fógra cruinnithe.

21. Chuir Iéahú teachtairí ar fud Iosrael agus tháinig lucht adhartha Bhál go léir, agus níor fhan oiread agus duine gan teacht. Isteach leo i dteampall Bhál agus líonadh teampall Bhál ó cheann ceann.

22. Ansin dúirt Iéahú le coimeádaí na n‑éidí: “Tabhair amach na héidí do lucht adhartha Bhál go léir,” agus thug sé amach na héidí dóibh.

23. Chuaigh Iéahú ansin isteach i dteampall Bhál le Iahónádáb mac Raecáb agus dúirt le lucht adhartha Bhál: “Cuardaigí agus déanaigí deimhin de nach bhfuil aon searbhónta leis an Tiarna anseo in bhur measc, ach lucht adhartha Bhál amháin.”

24. Ansin ghabh [sé] isteach le hofrálacha agus íobairtí loiscthe a ofráil.Bhí ceithre fichid fear curtha lasmuigh ag Iéahú á rá leo: “An té a ligfidh d'aon duine den mhuintir a thabharfaidh mé in bhur lámha éalú, díolfaidh sé as lena anam.”

25. A luaithe dá bhrí sin a bhí an íobairt loiscthe ofráilte aige dúirt Iéahú leis an ngarda agus leis na hoifigigh: “Isteach libh agus cuirigí chun báis iad; ná scaoiligí le haon duine.” Agus chuaigh an garda agus na hoifigigh isteach agus chuireadar iad go léir chun báis go dtí gur bhaineadar amach sanctóir theampall Bhál.

26. Thógadar an [cuaille naofa] as teampall Bhál agus dhódar é.

27. Scriosadar [altóir] Bhál agus scriosadar teampall Bhál chomh maith, agus rinneadar camraí de agus tá sé amhlaidh go dtí an lá inniu féin.

28. Sin mar a scrios Iéahú Bál as Iosrael.

29. Ach níor thug sé cúl leis na peacaí inar sheol Iarobám mac Nabát Iosrael, na laonna óir i mBéitéil agus i nDán.

30. Dúirt an Tiarna le Iéahú: “Ós rud é go ndearna tú go maith a raibh taitneamhach i mo láthair, agus gur chuir tú i gcrích gach ar bheartaigh mé i mo chroí in aghaidh theaghlach Acháb, beidh do shliocht ina suí i ríchathaoir Iosrael síos go dtí an ceathrú glúin.”

31. Ach níor lean Iéahú dlí an Tiarna, Dia Iosrael, go dílis ná óna chroí go hiomlán; níor thug sé cul leis na peacaí inar sheol Iarobám mac Nabát Iosrael.

32. Um an dtaca sin chrom an Tiarna ar Iosrael a shnoí; fuair Hazáéil an lámh in uachtar orthu ar fud críocha Iosrael go léir

33. lastoir den Iordáin; críocha Ghileád go léir, na Gádaigh, na Reúbaenaigh, na Manaisigh, óAroéir atá láimh le Gleann Arnón, Gileád agus Báiseán.

34. An chuid eile de stair Iéahú, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?

35. Ansin chuaigh Iéahú chun suain lena shinsir agus adhlacadh é sa tSamáir; tháinig a mhac Iahóácház i gcomharbacht air.

36. Bhí Iéahú ocht mbliana fichead i réim ar Iosrael sa tSamáir.