Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Réimeas Ióáis

1. Bhí Ióáis seacht mbliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin.

2. Rinneadh rí de Ióáis sa seachtú bliain de réimeas Iéahú, agus bhí sé daichead bliain i réim in Iarúsailéim. Zibiá ó Bhéar Seaba ab ainm dá mháthair.

3. Rinne Ióáis an ceart i bhfianaise an Tiarna gach lá dá shaol mar go raibh Iahóideá an sagart á theagasc.

4. Níor scriosadh na hardionaid, áfach; lean na daoine orthu ag íobairt agus ag ofráil túise ar na hardionaid.

5. Dúirt Ióáis leis na sagairt: “An t‑airgead go léir as na dleachta naofa a thugtar go Teampall an Tiarna, an t‑airgead as na cánacha pearsanta (an t‑airgead ó na daoine de réir mar áiríonn sé iad), agus an t‑airgead a thugtar le deabhóid chroí isteach i dTeampall an Tiarna -

6. glacadh na sagairt leis, ó gach duine dá lucht aitheantais, agus déanaidís an Teampall a dheisiú de réir mar a fheicfear a bheidh sin riachtanach.”

7. Ach faoin tríú bliain fichead de réimeas Ióáis rí, ní raibh aon deisiú déanta ag na sagairt ar an Teampall.

8. Uime sin chuir Ióáis fios ar Iahóideá agus ar na sagairt eile. “Cén fáth nach bhfuil an Teampall á dheisiú agaibh?” d'fhiafraigh sé. “Ná tógaigí a thuilleadh airgid dá bhrí sin ó bhur lucht aitheantais ach é a thabhairt suas ar son deisiú an Teampaill.”

9. D'aontaigh na sagairt dá bhrí sin gan a thuilleadh airgid a thógáil ó na daoine, agus nach iad a thuilleadh a chaithfeadh an Teampall a dheisiú.

10. Ansin fuair Iahóideá an sagart cófra, chuir poll ina chlab agus chuir é le taobh [án cholúin] ar dheis ar an tslí isteach i dTeampall an Tiarna; chuireadh na sagairt a bhí i bhfeighil an dorais an t‑airgead go léir a thugtaí go dtí Teampall an Tiarna isteach ann.

11. Nuair a d'fheicidís go raibh a lán airgid sa chófra, thagadh rúnaí an rí agus an t‑ardsagart agus dhéanaidís an t‑airgead i dTeampall an Tiarna a leá agus a thomhas.

12. Nuair a bhíodh sé tomhaiste thugaidís an t‑airgead do na saoistí a bhí i bhfeighil obair Theampall an Tiarna, agus chaithidís é ar na siúinéirí agus ar na tógálaithe a bhíodh ag obair ar Theampall an Tiarna,

13. ar na saoir agus ar na gearrthóirí cloch; chaithidís chomh maith é ag ceannach adhmaid agus cloch gearrtha chun Teampall an Tiarna a dheisiú, agus ag díol as costais deisiú an Teampaill go léir.

14. Ní dhearnadh báisíní airgid, ná smóladáin, ná miasa, ná trumpaí, ná soithí óir ná airgid, as an airgead a toirbhríodh do Theampall an Tiarna,

15. mar tugadh é go léir do na fir oibre agus bhaineadarsan feidhm as ag deisiú Teampall an Tiarna.

16. Níor éilíodh cuntas ón muintir dár tugadh an t‑airgead le caitheamh ar na fir oibre mar go rabhadar ionraic i mbun a ngnó.

17. An t‑airgead a ofráladh mar éiric ar choir, nó mar chúiteamh i bpeaca, níor tugadh é do Theampall an Tiarna; leis na sagairt ab ea é sin.

18. Um an dtaca sin chuaigh Hazáéil rí Arám suas agus throid sé in aghaidh Ghat agus ghabh é agus ansin chrom sé ar ullmhú d'ionsaí ar Iarúsailéim.

19. Thóg Ióáis rí Iúdá na tabhartais naofa go léir a thíolaic a shinsir Iahóiseáfát agus Iahórám, agus Achaizíá, ríthe Iúdá, agus iad siúd a thíolaic sé féin, agus a bhfuarthas d'ór i gcistí Theampall an Tiarna, agus phálás an rí, agus sheol iadsan go Hazáéil rí Arám. D'imigh seisean leis ansin ó Iarúsailéim.

20. An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

21. Rinne a oifigigh ceannairc agus comhcheilg agus mharaigh siad Ióáis i dteach Mhileo, ar an mbealach síos go Sileá.

22. Ba iad a shearbhóntaí Iózácár mac Shimeát agus Iahózábat mac Shiomaer a threascair agus a mharaigh é. Rinneadar é a adhlacadh i nDúnfort Dháiví lena shinsir agus tháinig a mhac Amaiziá i gcomharbacht air.