Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Stair Iéahú: Ungtar É

1. Ghlaoigh Eilíseá ar dhuine de bhráithreachas na bhfáithe: “Cuir crios faoi do choim,” ar sé, “beir an crúiscín ola seo i do láimh, agus téigh go Rámot Gileád.

2. Nuair a shroichfidh tú an áit sin, lorg Iéahú mac Iahóiseáfát mac Nimsí. Téigh isteach agus abair leis éirí agus imeacht óna chomrádaithe, agus tabhair isteach i seomra cúil é.

3. Ansin faigh an crúiscín ola agus doirt ar a cheann é, agus abair: ‘Seo é briathar an Tiarna: Déanaim thú a ungadh i do rí ar Iosrael.’ Ansin oscail an doras agus teith leat le teann deabhaidh.”

4. Chuir an t‑ógánach, an fáidh, chun bóthair go Rámot Gileád,

5. agus nuair a shroich sé, fuair sé oifigigh shinsearacha an airm ina suí le chéile. “Tá teachtaireacht agam duit, a thaoisigh,” ar sé. “Do cé acu againn go léir?” arsa Iéahú. “Duitse, a thaoisigh,” d'fhreagair sé.

6. D'éirigh sé agus chuaigh sé isteach sa teach. Dhoirt an t‑ógánach an ola ar a cheann á rá: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Déanaim thú a ungadh i do rí ar phobal an Tiarna, ar Iosrael.

7. Déan teaghlach Acháb do mháistir a scrios, agus déanfaidh mé fuil mo shearbhóntaí na fáithe agus searbhóntaí an Tiarna go léir a agairt ar Ízeibil.

8. Scriosfar clann Acháb go léir. Déanfaidh mé gach fireannach de shliocht Acháb, cibé acu saor nó daor, in Iosrael, a scrios.

9. Agus tabharfaidh mé an cor céanna ar shliocht Acháb le sliocht Iarobám mac Nabát agus sliocht Bháiseá mac Aichíá.

10. Maidir le Ízeibil, íosfaidh na madraí í i nduiche Izréil; ní dhéanfaidh aon duine í a chur.’ ” Ansin d'oscail sé an doras agus d'éalaigh leis.

11. Ansin tháinig Iéahú amach go hoifigigh a mháistir. “An bhfuil gach ní ina cheart?” d'fhiafraigh siad de. “Cad a thug an ghealt seo chugat?” “Tá aithne agaibh air siúd agus tá a fhios agaibh cad deir sé,” ar sé.

12. “Scéal thairis,” ar siad. “Téanam agus inis dúinn.” “A leithéid seo, a dúirt sé,” ar sé; “seo mar a deir an Tiarna: ‘Déanaim thú a ungadh i do rí ar Iosrael.’ ”

13. Ansin ar an toirt thóg gach duine a bhrat agus leathadar faoi ar na leaca loma iad; shéid siad an trumpa agus chuir siad gáir suas: “Sé Iéahú an rí!”

Comhcheilg

14. Rinne Iéahú mac Iahóiseáfát mac Nimsí comhcheilg in aghaidh Iórám. (Bhí Iórám agus Iosrael go léir um an dtaca sin ag cosaint Rámot Gileád in aghaidh Hazáéil rí Arám;

15. ach bhí Iórám tar éis filleadh go hIzréil le leigheas a fháil ar na créachtaí a thug na hArámaigh air nuair a bhí sé ag troid le Hazáéil rí Arám.) “Más mar sin a bhraitheann sibh,” arsa Iéahú, “ná héalaíodh aon duine ón gcathair leis an scéal a bhreith go hIzréil.”

16. Ansin chuaigh Iéahú isteach ina charbad agus d'imigh go hIzréil mar a raibh Iórám ina luí; bhí Achaizíá rí Iúdá tagtha anuas ar thuairisc Iórám.

17. An fear faire ar an túr in Izréil, chonaic sé díorma Iéahú chuige agus dúirt: “Feicim díorma fear,” ar sé. Thug Iórám ordú: “Cuir eachlach ina gcoinne agus fiafraíodh sé díobh: ‘An síocháin bhur ngnó?’ ”

18. Chuaigh eachlach i gcoinne Iéahú dá bhrí sin agus dúirt: “Deir an rí: ‘An síocháin bhur ngnó?’ ” Agus d'fhreagair Iéahú: “Nach cuma duitse faoi shíocháin? Cas timpeall agus lean mé.” Agus thug an fear faire scéala: “Shroich an teachtaire iad ach níl sé ag filleadh ar ais.”

19. Ansin sheol sé eachlach eile agus tháinig chucu agus dúirt: “Deir an rí: ‘An síocháin bhur ngno?’ ” Agus d'fhreagair Iéahú: “Nach cuma duitse faoi shíocháin? Cas timpeall agus lean mé.”

20. Agus thug an fear faire scéala arís: “Shroich sé iad, ach níl sé ag filleadh. Agus tá an tiomáint ar aon dul le tiomáint Iéahú mac Nimsí mar go dtiomáineann sé mar fhear buile.”

21. “Gabhaigí mo charbad,” arsa Iórám, agus gabhadh a charbad dó. Ansin chuaigh Iórám rí Iosrael agus Achaizíá rí Iúdá amach i gcoinne Iéahú, gach duine díobh ina charbad. Bhuaileadar leis i ngort Nábót an tIzréileach.

22. Nuair a chonaic Iórám Iéahú d'fhiafraigh sé de: “An síocháin bhur ngnó, a Iéahú?” D'fhreagair sé: “Cén tsíocháin a d'fhéadfadh a bheith i gceist agus a bhfuil de striapachas agus phisreoga gan áireamh ar siúl ag do mháthair Ízeibil.”

23. Ansin d'iompaigh Iórám timpeall agus theith sé á rá: “Feall, a Achaizíá!”

24. Ach tharraing Iéahú a bhogha le lán a nirt agus d'aimsigh Iórám idir an dá shlinneán; chuaigh an tsaighead trí chroí an rí, agus thit sé ar lár ina charbad.

25. Dúirt Iéahú le Bidcear a chaptaen: “Tóg é agus caith isteach i ngort Nábót an tIzréileach é. Cuimhnigh nuair a bhí tú féin agus mise ag marcaíocht le chéile ar chúl Acháb, a athair, gur fhógair an Tiarna an bhreith seo air:

26. ‘Seo mo mhionn: Chonaic mé fuil Nábót agus fuil a chlann mhac inné - sé an Tiarna atá ag caint - déanfaidh mé é a chúiteamh leatsa sa ghort céanna.’ Tóg suas é mar sin agus caith isteach i ngort Nábót é de réir bhriathar an Tiarna.”

27. Nuair a chonaic Achaizíá rí Iúdá a raibh ar siúl, theith sé leis i dtreo Bhéit Hagán, ach chuaigh Iéahú ar a thóir agus dúirt: “Treascair eisean chomh maith.” [Ghoineadar é] ina charbad ag ardán Ghúr atá i gcóngar Ibleám agus theith sé go Migideo mar a bhfuair sé bás.

28. Thug a shearbhóntaí i gcarbad é go Iarúsailéim agus chuireadar ina thuama lena shinsir é i nDúnfort Dháiví.

29. San aonú bliain déag de réimeas Iórám mac Acháb a tháinig Achaizíá i gcoróin ar Iúdá.

Bás Ízeibil

30. Nuair a tháinig Iéahú go Izréil, chuala Ízeibil faoi, agus mhaisigh sí a súile, agus chóirigh a ceann agus bhí ag féachaint amach an fhuinneog.

31. Ag teacht an geata isteach do Iéahú dúirt sí: “An síocháin do ghnó, a Zimrí, a fhir mharaithe do mháistir?”

32. D'fhéach Iéahú in airde i dtreo na fuinneoige, agus dúirt: “Cé tá liom? Cé tá?” agus d'fhéach dhá choillteán nó trí anuas air.

33. “Caith anuas í,” ar sé. Agus chaitheadar anuas í agus scaip a fuil ar na ballaí agus ar na capaill, agus shatail siad faoina gcrúba í.

34. Ghabh sé isteach ansin agus chaith bia agus deoch agus dúirt: “Féachaigí chun na mná mallachta sin anois agus déanaigí í a adhlacadh mar is iníon rí í.”

35. Ach nuair a chuadar á hadhlacadh, ní bhfuaireadar ach a cloigeann, a cosa agus a dearnana.

36. Thángadar ar ais dá bhrí sin leis an scéala sin go Iéahú, agus dúirt sé: “Sin é briathar an Tiarna, an briathar a labhair sé ó bhéal Éilias an Tisbíoch: ‘Íosfaidh na madraí feoil Ízeibil i gcríocha Izréil.

37. Beidh conablach Ízeibil mar aoileach ar an ithir (i gcríocha Izréil) i dtreo nach bhféadfaidh aon duine a rá: Ba í seo Ízeibil.’ ”