Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Léigear Iarúsailéim

1. Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí, ar an deichiú lá den mhí, tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine faoi lán nirt le hionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim. Shuigh sé a champa ar aghaidh na cathrach amach agus thóg sé túir léigir ina timpeall.

2. Bhí an chathair faoi léigear go dtí an t‑aonú bliain déag de réimeas Zidicíá rí.

3. Sa cheathrú mí, ar an naoú lá den mhí, nuair a bhí gorta ag réabadh roimhe sa chathair, agus gan bia ar bith ann don phobal,

4. rinneadh bearna i mballa na cathrach. Láithreach bonn [d'éalaigh an rí] amach faoi choim na hoíche agus an lucht troda uile ina theannta tríd an ngeata idir an dá bhalla atá in aice ghairdín an rí - mar bhí na Caildéigh ar gach taobh den chathair - agus rinne sé a bhealach ionsar an Arabá.

5. Lean na saighdiúirí Caildéacha an rí agus nuair a tháinig siad suas leis ar mhánna Ireachó, thréig a chuid saighdiúirí féin go léir é.

6. Ghabh na Caildéigh an rí agus thug siad os comhair rí na Bablóine i Ribleá é, agus thug seisean breith air.

7. Chuir siad mic Zidicíá chun báis os a chomhair; ansin bhain na súile as Zidicíá féin agus rug leo chun na Bablóine é faoi thromgheimhle.

8. Sa chúigiú mí, ar an seachtú lá den mhí - ba í an naoú bliain déag í de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine - tháinig Nabúzaradán, captaen an gharda, oifigeach de chuid rí na Bablóine, isteach in Iarúsailéim.

9. Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.

10. Scrios na saighdiúirí Caildéacha go léir a bhí i dteannta chaptaen an gharda na ballaí a bhí thart ar Iarúsailéim.

11. Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.

12. D'fhág captaen an gharda cuid de bhochtáin na tuaithe chun bheith ag treabhadh agus ag saothrú na bhfíonghort.

13. Bhris na Caildéigh ina smidiríní na colúin chré-umha i dTeampall an Tiarna; na seastáin agus an mhuir chré-umha a bhí i dTeampall an Tiarna, agus thug siad an cré-umha leo go dtí an Bhablóin.

14. Thug siad leo chomh maith na miasa, na sluaistí, na smóladáin, na loingíní túise, na fearais chré-umha go léir a d'úsaidtí i seirbhís an Teampaill,

15. na túisteáin agus na babhlaí. Thug captaen an gharda leis a raibh déanta d'ór mar ór, agus a raibh déanta d'airgead mar airgead.

16. Maidir leis an dá cholún, an t‑aon mhuir agus na seastáin, a rinne Solamh do Theampall an Tiarna, níorbh fhéidir a raibh de chré-umha iontusan go léir a thomhas.

17. Bhí aon cholún amháin ocht mbanlámh déag ar airde agus bhí mullach cré-umha air; trí bhanlámh airde an mhullaigh; timpeall an mhullaigh bhí fíolagrán agus pomagránaití, agus iad go léir de chré-umha. Ba é an scéal céanna é ag an dara colún lena fhíolagrán.

18. Ghabh captaen an gharda Saráiá an t‑ardsagart, agus Zafainiá an sagart den dara grád, agus trí gharda na tairsí.

19. Ghabh sé sa chathair coillteán a bhí i gceannas na saighdiúirí, cúigear de chomhairle an rí a fuarthas sa chathair, rúnaí cheann feadhna an airm, a bhí i bhfeighil arm a thionól faoin tír, agus trí fichid de mhaithe na tíre a fuarthas sa chathair.

20. Thug Nabúzaradán, captaen an gharda, iad sin leis agus thug iad chun rí na Bablóine i Ribleá.

21. Chuir rí na Bablóine chun báis iad i Ribleá, i dtír Hamát. Rinneadh Iúdá a dhíbirt óna thír féin ar an gcuma sin.

22. Agus maidir leis an muintir a d'fhan i dtír Iúdá, a d'fhág Nabúcadnazar rí na Bablóine ina dhiaidh, cheap sé Gadailiá mac Aichíceám mac Sheáfán mar rialtóir orthu.

23. Nuair a chuala ceannairí na ndíormaí [faoin tuath] agus a gcuid fear gur cheap rí na Bablóine Gadailiá mar rialtóir, tháinig siad lena gcuid fear chuige i Mizpeá - .i. Ísmeáéil mac Natainiá, Ióchánán mac Cháiréach, agus Saráiá mac Thanchuimit an Natofátach, agus Iázainiá mac an Mhácátaigh.

24. Thug Gadailiá mionn dóibhsean agus dá gcuid fear á rá: “Ná bíodh eagla oraibh roimh na Caildéigh; cuirigí fúibh sa tír, agus déanaigí seirbhís do rí na Bablóine; agus rithfidh libh go seoidh.”

25. Ach sa seachtú mí, tháinig Ísmeáéil mac Natainiá mac Eilíseámá, de shliocht na ríthe, agus deichniúr fear leis, agus mharaigh sé Gadailiá agus na Giúdaigh, agus na Caildéigh a bhí ina theannta i Mizpeá.

26. Ansin chuir an dream go léir, idir bheag agus mhór, agus ceannairí na ndíormaí, chun bóthair chun na hÉigipte le heagla roimh na Caildéigh.

27. Sa seachtú bliain tríochad de dheoraíocht Iahóiácaín rí Iúdá, sa dara mí déag, ar an seachtú lá fichead den mhí, rinne Eivíl Marodac rí na Bablóine, an bhliain a tháinig sé i gcoróin, pardún fial a thabhairt do Iahóiácaín rí Iúdá [agus scaoil sé] ón bpríosún é.

28. Bhí sé lách cneasta leis agus thug cathaoir dó a bhí os cionn cathaoireacha na ríthe eile a bhí in éineacht leis sa Bhablóin.

29. Chuir Iahóiácaín a éide phríosúin i leataobh agus gach lá dá shaol chaith sé bia go rialta ag bord an rí.

30. Agus thug an rí liúntas rialta dó lena chothú, lá i ndiaidh an lae, fad a mhair sé.