Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Dhá Cheist Faoi Dhlí na Sabóide

1. San aimsir sin ghabh Íosa trí na goirt arbhair lá sabóide. Bhí ocras ar a dheisceabail, agus thosaigh siad ag stoitheadh na ndias agus á n‑ithe.

2. Chonaic na Fairisínigh é sin agus dúirt siad: “Féach, tá do dheisceabail ag déanamh ruda nach dleathach a dhéanamh lá sabóide.”

3. Dúirt sé leo: “An ea nár léigh sibh mar a rinne Dáiví é nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh?

4. Conas mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus mar a d'ith builíní na fianaise, siúd is nár dhleathach dó féin ná dá chompánaigh iad a ithe, ach do na sagairt amháin.

5. Nó fós, nár léigh sibh sa dlí, na sagairt sa Teampall lá sabóide, go sáraíonn siad an tsabóid agus nach mbíonn locht ar bith orthu?

6. Ach deirim libh, tá ní anseo is mó ná an Teampall.

7. Agus dá mb'eol daoibh a chiall siúd: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt,’ ní dhaorfadh sibh na daoine atá gan locht.

8. Óir tá Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid.

9. D'fhág sé an áit sin agus chuaigh isteach ina sionagóg.

10. Bhí fear ansiúd a raibh lámh leis seargtha, agus chuir siad an cheist seo ar Íosa: “An bhfuil sé dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide?” chun go gciontóidís é.

11. Ach dúirt sé leo: “Cén duine agaibh a mbeadh an t‑aon chaora amháin aige agus go dtitfeadh sí i bpoll lá sabóide, nach mbéarfadh sé greim uirthi á tarraingt as?

12. Agus is mó is fiú duine ná caora. Dá réir sin, tá sé dleathach an mhaith a dhéanamh lá sabóide.”

13. Ansin dúirt sé leis an duine: “Sín amach do lámh.” Shín, agus rinneadh chomh slán leis an láimh eile arís í.

14. Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é.

Tairngreacht Íseáia

15. Bhí a fhios ag Íosa, áfach, agus chuaigh sé i leataobh as sin. Lean sluaite móra é, agus leigheas sé iad uile,

16. ach thug ordú láidir dóibh gan é chur in iúl;

17. chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:

18. “Is é seo mo ghiolla, an té ba rogha liom,m'aonghrá ar a bhfuil gnaoi m'anama.Cuirfidh mé air mo Spioradagus fógróidh sé an reacht do na ciníocha.

19. Ní dhéanfaidh sé bruíon ná gáir,ná ní chluinfear a ghlór sna sráideanna.

20. Ní bhrisfidh sé an ghiolcach leontaná ní mhúchfaidh sé buaiceas an deataigh,nó go mbéarfaidh sé an reacht chun bua.

21. Beidh muinín ag na ciníocha as a ainm.”

An Deamhnaíoch Dall Balbh -- Diamhasla na bhFairisíneach

22. Tugadh chuige ansin duine a raibh deamhan ann, é dall agus balbh. Leigheas sé é; tháinig a chaint don bhalbh agus a radharc.

23. Agus tháinig alltacht ar na sluaite uile agus bhí siad ag rá: “An féidir gurb é an duine seo Mac Dháiví?”

24. Ach nuair a chuala na Fairisínigh é sin, dúirt siad: “Ní chaitheann an duine seo na deamhain amach ach trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan.”

25. Bhí a fhios aige cad a bhí ina gcroí agus dúirt sé leo: “Gach ríocht a bhíonn ar deighilt ina haghaidh féin, bánaítear í, agus níl cathair ná teaghlach a bhíonn ar deighilt ina aghaidh féin a fhéadfaidh seasamh.

26. Agus más é Sátan a chaitheann Sátan amach, tá sé ar deighilt ina aghaidh féin, agus dá réir sin conas a sheasfaidh a ríocht?

27. Agus más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd a gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh.

28. Ach más trí Spiorad Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh cheana.

29. Nó fós, conas a d'fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a shlad gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús? Ansin creachfaidh sé a theach.

30. An té nach bhfuil liom tá sé i m'aghaidh, agus an té nach gcnuasaíonn liom, scaipeann.

31. “Mar sin, táim á rá libh go maithfear do dhaoine gach peacadh agus gach diamhasla; ach diamhasla in aghaidh an Spioraid, ní bhfaighfear maithiúnas ann.

32. Agus duine ar bith a labhróidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é. Ach duine ar bith a labhróidh in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann sa saol seo ná sa saol atá le teacht.

33. Déanaigí maith an crann agus maith a thoradh, nó déanaigí olc an crann agus olc a thoradh; óir is ar a thoradh a aithnítear an crann.

34. A sceith na bpéisteanna, conas a d'fhéadfadh sibh an mhaith a labhairt agus sibh féin olc, agus gur as lán an chroí a labhraíonn an béal?

35. Tógann an dea-dhuine dea-nithe amach as a dhea-stór, agus tógann an drochdhuine drochnithe amach as a dhrochstór.

36. Ach deirim libh, gach focal gan bhun dá labhróidh daoine, tabharfaidh siad cuntas ann lá an bhreithiúnais,

37. óir is as do bhriathra a shaorfar thú agus is as do bhriathra a dhaorfar thú.”

Comhartha Ióna

38. Ansin labhair cuid de na scríobhaithe agus de na Fairisínigh leis: “B'áil linn, a Mhaistir,” ar siad, “comhartha a fheiceáil uait.”

39. Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: “Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna fáidh.

40. Óir, amhail mar a thug Ióna trí lá agus trí oíche i mbolg na hollphéiste, sin mar a bheidh Mac an Duine i gcoim na talún trí lá agus trí oíche.

41. Éireoidh muintir Nínivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a d'fhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna.

42. Éireoidh banríon an deiscirt in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo agus daorfaidh sí í, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.”

Athionsaí an Spioraid Mhíghlain

43. “Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus ní fhaigheann.

44. Deir sé ansin: ‘Rachaidh mé ar ais chun mo thí as ar tháinig mé amach.’ Agus ar theacht dó, faigheann sé folamh é, scuabtha, maisithe.

45. Imíonn sé ansin agus beireann sé in éineacht leis seacht spioraid eile is measa ná é féin: téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús. Sin mar a bheidh an scéal ag an drochghlúin seo freisin.”

Máthair Chríost agus a Bhráithre

46. Ag caint mar sin leis na sluaite a bhí sé nuair a tháinig a mháthair agus a bhráithre agus sheas siad amuigh ag iarraidh labhairt leis.

47. Dúirt duine éigin leis: “Feach, tá do mháthair agus do bhráithre lasmuigh ag iarraidh labhairt leat.”

48. Agus dúirt leis an té a d'inis dó é: “Cé hí mo mháthair agus cé hiad mo bhráithre?”

49. Agus ag síneadh a láimhe faoina chuid deisceabal, dúirt: “Féach mo mháthair agus mo bhráithre!

50. óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil m'Athar atá ar neamh, is bráthair dom é agus is siúr agus is máthair.”