Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Té is Mó: An Scannal

1. Tháinig na deisceabail san am sin ag triall ar Íosa chun a rá: “Cé hé mar sin an té is mó i ríocht na bhflaitheas?”

2. Ghlaoigh sé leanbh chuige, chuir ina sheasamh ina lár é

3. agus dúirt: “Deirim libh go fírinneach, mura gcasa sibh arís chun bheith ar nós na leanaí, ní rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas choíche.

4. Mar sin, duine ar bith a dhéanfaidh é féin uiríseal ar nós an linbh seo, beidh sé sin ar an té is mo i ríocht na bhflaitheas.

5. Agus cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m'ainm, glacann sé mise.

6. Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b'fhearr dó go gcrochfaí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a bhá i nduibheagán na farraige.

7. Is mairg don domhan mar gheall ar na scannail. Is éigean na scannail a theacht, ach is mairg don duine a dtagann an scannal tríd.

8. “Más siocair pheaca duit do lámh nó do chos, gearr anuas í agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach nó bacach ná an dá láimh nó an dá chois a bheith agat agus tú a chaitheamh sa tine shíoraí.

9. Agus más siocair pheaca duit do shúil, srac amach í agus caith uait í: is fearr duit bheith ar leathshúil ag dul isteach sa bheatha ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh i dtine ifrinn.

10. “Aire daoibh gan bheith neamhshuimiúil i nduine ar bith de na rudaí beaga seo, óir deirim libh, bíonn a n‑aingil ar neamh ag breathnú de shíor ar ghnúis m'Athar atá ar neamh.

11. “Óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a shlánú.

An Seachránaí Caorach

12. “Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine agus aon chaora amháin díobh a dhul amú, nach bhfágfaidh sé an naoi nóchad ar na sléibhte agus dul ag lorg an tseachránaí?

13. Agus más rud é go bhfaigheann sé í, deirim libh go fírinneach, is mó is cúis áthais leis í ná an naoi nóchad a bhí gan dul amú.

14. Mar an gcéanna, ní hé toil i láthair bhur nAthar atá ar neamh go gcaillfí aon duine amháin de na rudaí beaga seo.

Spreagadh Bráthar

15. “Má dhéanann do bhráthair peaca i d'aghaidh, gabh chuige á áiteamh air is gan ann ach é agus tú.

16. Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat;

17. ach mura n‑éisteann, beir leat duine nó beirt eile, chun go mbeadh focal a dó nó a trí d'fhinnéithe ag deimhniú gach scéil. Má dhiúltaíonn sé éisteacht leo sin, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn éisteacht leis an eaglais féin, bíodh sé ina phágánach agus ina phoibleacánach agat.

18. “Deirim libh go fírinneach, gach uile ní a cheanglaíonn sibh ar talamh beidh siad ceangailte ar neamh, agus nithe ar bith a scaoilfidh sibh ar talamh beidh siad scaoilte ar neamh.

Urnaithe Cumainn

19. “Agus deirim go fírinneach rud eile libh má bhíonn beirt agaibh ar talamh ar aon aigne faoi rud ar bith a bhíonn le hiarraidh acu, beidh sé le fáil acu ó m'Athair atá ar neamh.

20. Óir, mar a mbíonn beirt nó triúr tagtha i gceann a chéile i m'ainmse, bím féin ansin ina measc.”

Cionta a Chéile a Mhaitheamh

21. Tháinig Peadar chuige ansin agus dúirt leis: “A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i m'aghaidh? Go dtí seacht n‑uaire?”

22. Dúirt Íosa leis: “Ní go dtí seacht n‑uaire a deirimse leat ach go dtí seacht n‑uaire seachtód.

An Féicheamh a bhí Dian san Éileamh

23. “Agus dá réir sin is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag rí arbh áil leis cuntais a réiteach lena chuid seirbhíseach.

24. Agus i dtosach an réitigh dó, tugadh chuige duine a raibh deich míle tallann amuigh air.

25. Agus ó tharla gan an t‑íoc a bheith aige, d'ordaigh an maistir é a dhíol, agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus an t‑íoc a dhéanamh.

26. Mar sin, chaith an seirbhíseach é féin ar lár, agus ag umhlú dó dúirt: ‘Bíodh foighne agat liom a mháistir, agus íocfaidh mé an t‑iomlán leat.’

27. Agus le barr trua, scaoil máistir an tseirbhísigh sin uaidh é agus mhaith na fiacha dó.

28. Ag dul amach don seirbhíseach sin, casadh air duine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige féin air, agus rug sé greim scóige air ag rá: ‘Íoc a bhfuil amuigh ort!’

29. Mar sin, chaith a chomhsheirbhíseach é féin ar lár ag achainí air: ‘Bíodh foighne agat liom,’ ar seisean, ‘agus íocfaidh mé leat é.’

30. Ach níorbh áil leis siúd é gan dul agus é theilgean i bpríosún nó go n‑íocfadh sé na fiacha.

31. Nuair a chonaic a chomhsheirbhísigh an méid sin, ghabh buaireamh mór iad, agus chuaigh siad ag insint an scéil ar fad dá máistir.

32. Chuir an máistir fios air: ‘A sheirbhísigh mhallaithe,’ ar seisean, ‘mhaith mé féin duitse na fiacha úd ar fad mar go ndearna tú achainí orm.

33. Nár cheart go ndéanfása mar an gcéanna trócaire ar do chomhsheirbhíseach faoi mar a rinne mise trócaire ort?’

34. Agus le barr feirge thug a mháistir suas do na céastúnaigh é nó go n‑íocfadh sé na fiacha leis go hiomlán.

35. Sin é freisin mar a dhéanfaidh m'Athair neamhaí libhse ach mura maitheann gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí.”