Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Parabal na Bainise

1. Chuir Íosa chun labhartha i bparabail leo arís:

2. “Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag rí a rinne bainis dá mhac.

3. Chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh ag glaoch orthu seo a fuair cuireadh chun na bainise, ach níorbh áil leo teacht.

4. Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh agus dúirt leo a rá leo siúd a fuair an cuireadh: ‘Feach, tá an féasta ullamh agam, mo chuid mart agus méithe maraithe, agus gach aon ní i gcóir: tagaigí chun na bainise.’

5. Ach ba chuma leo é, ach imeacht, duine acu chun a fheirme agus duine eile i mbun cheannaíochta,

6. agus an chuid eile acu rug siad ar a chuid seirbhíseach, thug siad easmailt dóibh agus mharaigh siad iad.

7. Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.

8. Ansin dúirt sé leis na seirbhísigh: ‘Tá an bhainis réidh, ach an dream a fuair an cuireadh, níorbh fhiú iad é.

9. Mar sin, téigí sibhse i mbéal na mbóithre poiblí, agus cibé daoine a chasfar oraibh, tugaigí cuireadh chun na bainise dóibh.’

10. Chuaigh na seirbhísigh sin amach ar na bóithre agus bhailigh siad ar casadh orthu, olc agus maith, go raibh halla na bainise lán de chuideachta.

11. Ghabh an rí isteach ag féachaint ar an gcuideachta, agus chonaic sé fear ann nach raibh aon éadach bainise air.

12. Dúirt sé leis: ‘Cad a thug isteach anseo thú, a chara, gan éadach bainise ort?’ Ach ní raibh focal as.

13. Ansin dúirt an rí leis an lucht freastail: ‘Cuirtear ceangal cos agus lámh air agus caítear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’

14. Óir tá glaoite ar mhórán ach níl tofa ach beagán.”

Cion Chéasair agus Cion Dé

15. D'imigh na Fairisínigh ansin ag déanamh comhairle le chéile chun go mbéarfaidís i ngaiste air sa chaint,

16. agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé san fhírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachain do phearsa seachas a chéile.

17. Abair linn do bharúil, mar sin: An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach?”

18. Ach bhí a fhios ag Íosa an mhallaitheacht a bhí iontu agus dúirt: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam, a bhréagchráifeacha? Taispeánaigí bonn na cánach dom,”

19. agus shín siad déanar chuige.

20. Dúirt sé leo: “Cé hé arb í seo a íomhá agus a inscríbhinn?”

21. “Céasar,” ar siad leis. “Maith go leor,” ar seisean leo, “íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.”

22. Nuair a chuala siad é sin, bhí ionadh orthu: d'fhág siad é agus d'imigh siad leo.

Aiséirí na Colainne

23. Tháinig Sadúcaigh chuige an lá céanna - dream a deir nach bhfuil aiséirí ar bith ann - agus chuir siad ceist air:

24. “A Mháistir,” ar siad, “dúirt Maois: ‘Má fhaigheann duine bás gan chlann, pósadh a dheartháir an bhaintreach, chun sliocht a thógáil dá dheartháir.’

25. Bhí, inár meascna, seachtar dearthár. Phós an chéad duine acu agus fuair bás gan sliocht, ag fágáil a mhná ag a dheartháir.

26. An dara duine mar an gcéanna agus an tríú duine, go dtí an seachtar,

27. agus b'í an bhean féin is déanaí a fuair bás.

28. San aiséirí, más ea, cé acu den seachtar a mbeidh sí ina bean chéile aige? Óir bhí sí acu uile.”

29. Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Tá dul amú oraibh, de bhrí nach eol daoibh na scrioptúir ná cumhacht Dé.

30. Óir, san aiséirí, ní bheidh fir ag pósadh ná mná á dtabhairt le posadh, ach bíonn siad ar nós aingeal Dé ar neamh.

31. Ach mar gheall ar aiséirí na marbh, nár léigh sibh a ndúirt Dia libh:

32. ‘Is mise Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacóib’? Ní hé Dia na marbh é ach Dia na mbeo.”

33. Ar a chloisteáil sin do na sluaite, ghabh iontas iad faoina theagasc.

An Phríomhaithne

34. Nuair a chuala na Fairisínigh nár fhág sé focal ag na Sadúcaigh, chruinnigh siad féin le chéile,

35. agus duine acu, a bhí ina dhlíodóir, chuir sé ceist air ag baint trialach as:

36. “A Mháistir, cén aithne mhór sa dhlí?”

37. Dúirt sé leis: “ ‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán’ -

38. is í sin an aithne mhór agus an phríomhaithne.

39. Agus is cosúil léise an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’

40. Ag brath ar an dá aithne sin atá an dlí ar fad agus na fáithe.”

Conas is Mac do Dháiví an Críost

41. Le linn do na Fairisínigh bheith i dteannta a chéile, d'fhiafraigh Íosa díobh:

42. “Cad é bhur mbarúil faoin gCríost? Cé dó ar mac é?” Dúirt siad leis: “Do Dháiví.”

43. Dúirt sé leo: “Más ea, cad a bheir do Dháiví Tiarna a ghlaoch air nuair a dúirt sé faoi luí an Spioraid:

44. ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna:Suigh ar mo dheis,nó go gcuirfead do naimhde faoi do chosa’?

45. “Má ghlaonn Dáiví Tiarna air, mar sin, cad a bheir ina mhac dó é?”

46. Ach ní fhéadfadh aon duine focal a rá á fhreagairt, ná ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air ón lá sin amach.