Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Parabal no nOibrithe san Fhíonghort

1. “Óir is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag fear tí a ghabh amach go moch ar maidin chun lucht oibre a fhostú i gcomhair a fhíonghoirt.

2. Réitigh sé leis na fir oibre ar dhéanar sa lá agus sheol sé isteach ina fhíonghort iad.

3. Nuair a chuaigh sé amach timpeall an tríú huair, chonaic sé daoine eile ina seasamh díomhaoin in áit an mhargaidh

4. agus dúirt sé leo: ‘Isteach i m'fhíonghort libhse freisin, agus díolfaidh mé libh an pá ceart.’

5. Agus isteach leo. Chuaigh sé amach arís timpeall an séú agus an naoú huair agus rinne sé an rud céanna.

6. Ach nuair a chuaigh sé amach timpeall an aonú huair déag, fuair sé tuilleadh acu ann agus dúirt leo: ‘Cad a d'fhág anseo ar feadh an lae sibh agus sibh díomhaoin?’

7. Dúirt siad: ‘Mar nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo: ‘Sibhse freisin, isteach san fhíonghort libh.’

8. Nuair a bhí an tráthnóna ann, dúirt úinéir an fhíonghoirt leis an mbainisteoir: ‘Glaoigh ar na fir oibre agus tabhair dóibh a dtuarastal, siar ón dream déanach go dtí an dream is túisce a tháinig.’

9. Nuair a tháinig muintir an aonú huair déag, fuair siad déanar an duine.

10. Agus shíl an chéad dream nuair a tháinig siad go bhfaighidís níos mó. Ach is déanar an duine a fuair siad sin féin.

11. Agus nuair a fuair siad é, bhí siad ag monabhar ar fhear an tí:

12. ‘An dream déanach seo,’ deiridís, ‘níor thug siad ach an t‑aon uair amháin, agus chuir tú ar aon dul iad féin agus sinne a d'fhulaing ualach an lae agus an brothall.’

13. D'fhreagair sé duine acu á rá: ‘Nílim ag déanamh aon éagóra ort, a chara: nach ar dhéanar a réitigh tú liom?

14. Tóg a bhfuil ag dul duit agus imigh. Ach is áil liomsa oiread a thabhairt don fhear deireanach seo agus a thugaim duit.

15. An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’

16. Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.”

Páis agus Aiséirí: An Tríú Tairngreacht

17. Bhí Íosa ag dul suas go Iarúsailéim, agus rug sé leis an dáréag ar leithligh agus sa tslí dóibh dúirt sé leo:

18. “Seo anois sinn ag dul suas go Iarúsailéim, agus tabharfar Mac an Duine ar láimh d'uachtaráin na sagart agus do na scríobhaithe, agus daorfaidh siad sin chun báis é,

19. agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é chun go ndéanfaí fonóid faoi agus go sciúrsálfaí é agus go gcéasfaí é, agus eireoidh sé an treas lá.”

Achainí Mháthair Chlann Zeibidé

20. Ansin tháinig máthair chlann Zeibidé chuige agus a mic in éineacht léi agus d'umhlaigh sí síos ag iarraidh aisce air.

21. Dúirt sé léi: “Cad ab áil leat?” “Tá,” ar sise leis, “an bheirt mhac seo agamsa, go n‑ordófá iad a bheith ina suí, duine acu ar do dheis agus an duine eile ar do chlé, i do ríocht.”

22. D'fhreagair Íosa: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh,” ar seisean. “An bhféadann sibh an cupa a ól atá le hól agamsa?” Dúirt siad leis: “Féadaimid.”

23. Dúirt sé leo: “Ólfaidh sibh go deimhin as mo chupa, ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agamsa atá é sin a thabhairt ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán ag m'Athair.”

24. Ar a chloisteáil sin don deichniúr, bhí míchéadfa acu ar an mbeirt dearthár.

25. Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt: “Tá a fhios agaibh go mbíonn prionsaí na ngintlithe ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu.

26. Ach ní mar sin a bheidh an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh,

27. agus an duine ar mian leis bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábha daoibh;

28. díreach faoi mar nár tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air ach chun go ndéanfadh sé féin freastal agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”

Beirt Dhall á Leigheas

29. Ag dul amach as Ireachó dóibh, lean slua mór é,

30. agus bhí an bheirt dhall seo ina suí le hais an bhóthair. Nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul thar bráid, scread siad amach: “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!”

31. Bhagair an slua orthu bheith ina dtost, ach is ea ba mhó a scread siad: “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!”

32. Stad Íosa dá shiúl, ghair sé iad agus dúirt: “Cad ab áil libh mé a dhéanamh daoibh?”

33. Dúirt siad leis: “Ár súile a oscailt dúinn, a Thiarna!”

34. Ghlac Íosa trua dóibh, leag a lámh ar a súile, tháinig a radharc dóibh láithreach agus lean siad é.