Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Pairiliseach á Leigheas

1. Ar dhul ar bord dó, chuaigh sé trasna agus tháinig isteach ina chathair féin.

2. Tugadh pairiliseach chuige ina luí ar leaba. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “Bíodh misneach agat, a mhic! tá do pheacaí maite.”

3. Leis sin, dúirt cuid de na scríobhaithe leo féin: “Sin diamhasla dó.”

4. Ach bhí a fhios ag Íosa cad a bhí ina gcroí agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil na smaointe mallaithe seo in bhur gcroí?

5. Cé acu is fusa a rá, más ea: ‘Tá do pheacaí maite’; nó a rá: ‘Éirigh agus siúil’?

6. Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh” - dúirt sé ansin leis an bpairiliseach: “Éirigh, tóg leat do leaba agus gabh abhaile.”

7. D'éirigh seisean agus chuaigh abhaile.

8. Nuair a chonaic na sluaite é, tháinig uamhan orthu agus thug siad glóir do Dhia a thug a leithéid sin d'údarás do dhaoine.

Matha á Ghlaoch

9. Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D'éirigh seisean agus lean sé é.

10. Ina shuí chun boird dó sa teach, tháinig mórán de na poibleacánaigh agus de na peacaigh agus shuigh siad isteach le hÍosa agus lena dheisceabail.

11. Nuair a chonaic na Fairisínigh é sin, dúirt siad lena dheisceabail: “Cén fáth a mbíonn bhur máistir ag ithe leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?”

12. Chuala sé iad agus dúirt: “Ní ag na daoine slána a bhíonn gá le lia ach ag na daoine tinne.

13. Ní miste daoibh a chiall siúd a fhoghlaim: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt.’ Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a tháinig mé a ghlaoch.”

Ceist Faoin Troscadh

14. Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin agus dúirt siad: “Cén fáth a mbíonn a lán troscaidh ar siúl againne agus ag na Fairisínigh, ach nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?”

15. Dúirt Íosa leo: “An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin.

16. Ní chuirfeadh aon duine preabán d'éadach gan ramhrú ar sheanbhrat, mar thógfadh an paiste a chuirfí air cuid den bhrat leis agus ba mhiste an stróiceadh é.

17. Ná ní chuirtear fíon nua i seanseithí: má chuirtear, pléascann na seithí; agus sin an fíon doirte agus na seithí millte. Ach cuirtear fíon nua i seithí nua, agus bíonn siad araon slán.”

Iníon an Chinn Urra -- Leigheas na Mná sa Slua

18. Le linn dó bheith ag caint leo, tháinig ceann urra agus d'umhlaigh síos ina láthair agus dúirt: “An iníon atá agam, fuair sí bás anois, díreach, ach tar thusa, cuir do lámh uirthi agus beidh sí beo.”

19. D'éirigh Íosa agus lean é, é féin agus a dheisceabail.

20. Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag, tháinig sí taobh thiar de agus chuir sí a lámh le scothóg a bhrait,

21. mar dúirt sí léi féin: “Mura ndéanaim ach mo lámh a chur lena bhrat, beidh mé slán.”

22. Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach.

23. Ar theacht isteach i dteach an chinn urra dó, nuair a chonaic Íosa lucht na bhfliút agus an slua ag déanamh calláin,

24. “Imígí libh,” ar seisean, “ní marbh atá an cailín; ina codladh atá sí,” ach bhí siad ag magadh faoi.

25. Tiomáineadh an slua amach agus ansin, tar éis dó dul isteach, rug sé ar láimh ar an gcailín, agus d'éirigh sí aniar.

26. Agus chuaigh cáil an scéil ar fud na tíre sin go léir.

Beirt Dhall á Leigheas -- agus Balbhán

27. Nuair a bhí Íosa ag imeacht leis as sin, lean beirt dhall é agus iad ag screadach amach: “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!”

28. Agus tháinig na daill chuige nuair a chuaigh sé isteach sa teach. Dúirt sé leo: “An gcreideann sibh gur féidir dom é seo a dhéanamh?” Dúirt siad: “Creidimid, a Thiarna.”

29. Ansin, leag sé a lámh ar a súile agus dúirt: “Bíodh agaibh de réir bhur gcreidimh.”

30. Agus osclaíodh a súile. Agus labhair Íosa go corraiceach leo: “Aire daoibh! ná bíodh a fhios sin ag duine ar bith.”

31. Ach ní túisce amuigh iad ná leath siad a cháil ar fud na tíre sin go léir.

32. Ag dul amach dóibh sin, tugadh duine balbh chuige a raibh deamhan ann.

33. Agus nuair a bhí an deamhan caite amach as, tháinig a chaint don duine balbh, agus rinne na sluaite ionadh de agus dúirt siad: “Ní fhacthas a leithéid seo in Iosrael riamh.”

34. Is é a dúirt na Fairisínigh, áfach: “Trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé amach na deamhain.”

Misean na nAspal: An Dáréag

35. Ghabh Íosa ar fud na gcathracha agus na mbailte go léir, ag teagasc ina sionagóga agus ag fógairt dea-scéil na ríochta, ag leigheas gach galar agus gach éagruas.

36. Agus nuair a chonaic sé na sluaite, ghlac sé trua dóibh, mar go raibh siad ina luí go tréith mar a bheadh caoirigh gan aoire.

37. Ansin dúirt sé lena dheisceabail: “Tá an fómhar fairsing ach níl ann ach meitheal bheag.

38. Dá bhrí sin guígí Máistir an fhómhair go gcuireadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.”