Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

In Éadan Rí na Tuíre

1. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

2. “A mhic an duine, abair le prionsa na Tuíre: Seo mar a deir an Tiarna Dia:Dúirt tú le teann mórchúise:Is dia mé,suím in ionad Dé i lár na farraige.Cé gur duine thú agus nach dia,measann tú bheith ar aon chéim le Dia.

3. Is eagnaí thú ná Dainéil;níl aon rún ceilte ort.

4. Le gaois agus le tuiscintghnóthaigh tú saibhreas;chruinnigh tú ór agus airgeadi do chistí.

5. Mhéadaigh tú do stórle do chríonnacht i gcúrsaí gnó;bhorr do chroí de thairbhe do mhaoine.

6. Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia:Measann tú bheith ar aon chéim le Dia.

7. Féach, tabharfaidh mé coimhthígh anuas ort,an náisiún is barbartha ar na náisiúin;tarraingeoidh siad an claíomhin aghaidh scéimh d'eagna,truailleoidh siad do ghlóir.

8. Teilgfidh siad síos thú go Seól,agus gheobhaidh tú anbhási gceartlár na farraige móire.

9. An ndéarfaidh tú fós: ‘Is dia mé,’i láthair lucht do mharfa?Ní hea, is duine thú agus ní dia,agus tú i lámha marfóirí!

10. Éagfaidh tú le láimh an choimhthíghamhail duine gan timpeallghearradh.Mise a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

11. Tháinig briathar an Tiarna chugam arís:

12. “A mhic an duine, caoin rí na Tuíre agus abair leis: Seo mar a deir an Tiarna Dia:Rug tú craobh na foirfeachta leatle feabhas do ghaoise,agus le maise do scéimhe;

13. bhí tú in Éidin, i ngairdín Dé.Bhí gach sort seoide i ndéantús do chloca,sard, tópas, diamant,criosailít, beiril, oinisc,saifír, carmhogal, smaragaid;ba as ór a rinneadh do thiompáinagus do phíbeanna.Gléasadh an t‑iomlánan lá ar cruthaíodh thú.

14. Chuir mé thú i gcuideachtaceiribín ungtha choimhdeachta;bhí tú ar shliabh naofa Dé,shiúil tú i measc na n‑aibhleog dearg-the.

15. Bhí d'iompar gan lochtón lá ar cruthaíodh thúgo dtí gur tháinig an t‑olc fad leat.

16. Ba é do thrádáil ghnóthacha líon le foréigean agus le peaca thú.Chaith mé síos thúmar rud truaillithe ó shliabh Dé;theilg an ceiribín coimhdeachta amach thúas lár na n‑aibhleog te.

17. D'éirigh do chroí teann as do scéimh,thruailligh tú do ghaoismar gheall ar do niamhracht.Theilg mé síos go talamh thú,nocht mé thú os comhair rítheionas go mbainfidís lán na súl asat.

18. Le hiomad do pheacaíagus caimiléireacht do ghnóthaí,thruailligh tú do shanctóirí;bhain mé tine asat le do dhó,rinne mé luaithreach díot ar an talamhos comhair gach duine a chonaic thú.

19. Is uafás thúag do lucht aitheantais uile;is tubaisteach an chríoch a d'imigh ort;ní bheidh tú ann arís choíche.”

In Éadan Shíodóine

20. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

21. “A mhic an duine, iompaigh i dtreo Shíodóine agus tairngir ina héadan.

22. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia:Féach! tá mise i do choinne, a Shíodón;foilseoidh mé mo ghlóir tríotsa,agus tuigfidh siad gur mise an Tiarnanuair a ghearrfaidh mé breithiúnais uirthi,agus nuair a thaispeánfaidh mé mo naofacht inti.

23. Cuirfidh mé plá intiagus fuil ag rith ar na sráideanna.Titfidh na mairbh inti leis an gclaíomhina timpeall ar gach taobh,agus tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.

Saorfar Iosrael ó na Náisiúin

24. Ní bheidh na comharsana tarcaisneacha arísmar dhris a scríobann,nó mar dhealg a stróiceann muintir Iosrael.Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna Dia.

25. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nuair a bhaileoidh mé muintir Iosrael as na ciníocha ina bhfuil siad scaipthe, is mar seo a thaispeánfaidh mé mo naofacht ina measc os comhar na gciníocha. Cuirfidh siad fúthu ina dtír féin, an tír a thug mé do Iacób, mo sheirbhíseach.

26. Cuirfidh siad fúthu ann le muinín, tógfaidh siad tithe cónaithe, cuirfidh síos fíonghoirt; cuirfidh siad fúthu ann le muinín. Nuair a ghearrfaidh mé breithiúnas ar na comharsana tarcaisneacha uile, tuigfidh siad gur mise an Tiarna, a nDia.”