Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Parabal na dTréadaithe

1. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

2. “A mhic an duine, tairngir i gcoinne tréadaithe Iosrael. Tairngir agus abair leo, is é sin, leis na tréadaithe: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mairg do thréadaithe Iosrael a bheathaíonn iad féin! Nár chóir do thréadaithe an tréad a bheathú?

3. Itheann sibhse an tsaill, gléasann sibh sibh féin le holann, maraíonn sibh an beithíoch biata, ach ní bheathaíonn sibh an tréad.

4. Níor neartaigh sibh an t‑easlán, níor leigheas an chaora thinn, níor cheangail sibh an bacach, níor thug ar ais an seachránaí, níor chuardaigh sibh an ceann a bhí caillte. Ba le láimh laidir throm a rialaigh sibh iad.

5. De cheal tréadaí scaipeadh iad, ina gcreach ag na hainmhithe allta.

6. Scaipeadh mo chaoirigh, chuaigh siad ar seachrán ar an uile shliabh agus ar an uile chnoc ard; scaipeadh mo chaoirigh ar fud an domhain gan aon duine lena lorg nó lena gcuardach.

7. “Dá bhrí sin, a thréadaithe, éistigí le briathar an Tiarna.

8. Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - de bhrí go bhfuil mo chaoirigh mar chreach agus mar chothú ag na hainmhithe allta de cheal tréadaí, agus de bhrí nár bhac na tréadaithe leis na caoirigh a lorg, ach gur bheathaigh siad iad féin agus nár bheathaigh siad mo chaoirigh;

9. dá bhrí sin uile, a thréadaithe, éistigí le briathar an Tiarna.

10. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé na tréadaithe chun cúitimh. Bainfidh mé na caoirigh díobh agus ní ligfidh mé dóibh mo chaoirigh a bheathú níos mó. Ní bheathóidh na tréadaithe iad féin ach oiread as seo amach; sábhálfaidh mé mo chaoirigh óna mbéal. Ní bheidh siad mar chreach le hithe acu a thuilleadh.

11. “Óir seo mar a deir an Tiarna Dia. Cuardóidh mé féin na caoirigh agus beidh a gcúram orm féin amháin.

12. Dála mar a bhíonn cúram na gcaorach ar an tréadaí a fhanann i lár an tréada scaipthe ar fán, coinneoidh mise súil ar mo chaoirigh. Déanfaidh mé iad a fhuascailt ó cibé áit ina ndeachaigh siad ar seachrán sa cheo agus sa dorchadas.

13. Bainfidh mé amach as na ciníocha iad, baileoidh mé ó na tíortha iad, agus seolfaidh mé isteach ina ndúiche féin iad. Beathóidh mé iad ar shléibhte Iosrael, láimh leis na toibreacha agus i ngach uile áit chónaithe sa tír.

14. Beathóidh mé iad in innilt mhéith agus beidh a mbanrach ar shléibhte arda Iosrael. Luífidh siad síos ansin i mbanrach mhaith agus beidh féarach méith acu ar shléibhte Iosrael.

15. Beathóidh mise féin mo chaoirigh agus tabharfaidh orthu a scíste a ligean - an Tiarna Dia a labhraíonn.

16. Cuardóidh mé an chaora chaillte, tabharfaidh ar ais an seachránaí, ceanglóidh mé an bacach agus cuirfidh an t‑easlán ina neart. [Tabharfaidh mé aire] don mhéith agus don láidir agus gheobhaidh siad cothú ceart uaimse.”

Scaradh na gCaorach

17. “Maidir libhse, a thréad, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tugaim breith idir caoirigh agus caoirigh, idir reithí agus pocáin.

18. Ní leor libh innilt ar an bhféar méith ach satlaíonn sibh ar an gcuid eile le bhur gcrúba. Ní leor libh an t‑uisce glan a ól ach truaillíonn sibh an chuid eile le bhur gcrúba.

19. Caithfidh mo chaoirigh an féarach ar ar shatail sibh le bhur gcrúba a ithe agus an t‑uisce a thruailligh bhur gcrúba a ól.

20. Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tabharfaidh mise breith idir caora mhéith agus caora thanaí.

21. De bhrí go mbrúnn sibh an uile easlán ar leataobh le bhur ngeadáin agus le bhur shlinneáin agus go mbuaileann sibh le bhur n‑adharca iad leis an ruaig a chur orthu,

22. déanfaidh mé mo chaoirigh a fhuascailt; ní bheidh siad ina gcreach a thuilleadh. Tabharfaidh mé breith idir caora agus caora.

23. “Cuirfidh mé aon tréadaí amháin i gceannas, is é sin, mo sheirbhíseach Dáiví, agus beathóidh sé iad. Beathóidh sé iad agus beidh ina thréadaí acu.

24. Beidh mise, an Tiarna, i mo Dhia acu agus beidh Dáiví, mo sheirbhíseach, ina thaoiseach orthu. Mise, an Tiarna, a labhair.

25. Déanfaidh mé conradh síochána leo agus díbreoidh na hainmhithe allta ón tír, ionas gur féidir leo cur fúthu gan bhaol san fhásach agus codladh sna coillte.

26. [Socróidh mé iad thart ar] mo chnoc agus tabharfaidh an fhearthainn dóibh in am trátha agus beidh sí ina fearthainn beannachtaí dóibh.

27. Tabharfaidh crainn na tuaithe a dtoradh agus an talamh a biseach, agus beidh siad gan bhaol ar a bhfód dúchais. Tuigfidh siad gur mise an Tiarna nuair a scaoilfidh mé ceangal a gcuinge agus iad a fhuascailt ó lucht a ndaoirse.

28. Ní bheidh siad ina gcreach níos mó ag na ciníocha; ní bheidh siad á n‑alpadh ag ainmhithe allta na tíre. Cónóidh siad gan bhaol agus ní bheidh aon duine ina chúis imní acu choíche.

29. Cuirfidh mé rathúnas fáis sna páirceanna dóibh ionas nach gcaillfear níos mó iad le gorta sa bhaile agus nach mbeidh orthu cur suas níos mó le masla na gciníocha.

30. Tuigfidh siad go bhfuil mise, a nDia, ina gcuideachta, agus gurb iadsan muintir Iosrael, mo phobal féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.

31. Is sibhse mo chaoirigh, an tréad atá ar féarach agam, agus is mise bhur nDia - an Tiarna Dia a labhraíonn.