Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An tIosrael Nua

An Teampall Nua

1. Sa chúigiú bliain is fiche dár mbraighdeanas, ag tús na bliana, ar an deichiú lá den mhí, ceithre bliana déag tar éis scrios na cathrach, bhí lámh an Tiarna orm.

2. I bhfís ó Dhia thug sé leis mé go tír Iosrael agus leag síos mé ar shliabh an-ard a raibh mar a bheadh cathair ó dheas uaidh.

3. Thug sé ansin mé agus, féach, bhí fear ann a raibh cuma práis air. Bhí corda lín agus slat tomhais ina láimh aige agus é ina sheasamh sa gheata.

4. Dúirt an fear liom: “A mhic an duine, féach go grinn, éist go haireach agus leag d'intinn ar a dtaispeánfaidh mé duit. Óir is chun go dtaispeánfainn duit é a tugadh anseo thú. Foilsigh a bhfeiceann tú do mhuintir Iosrael.”

5. Féach, bhí balla thart timpeall an Teampaill ar fad lasmuigh agus i láimh an fhir bhí slat tomhais a bhí sé bhanlámh ar fad - banlámh ar chomhfhad le cnámh rí agus leithead boise a bhí i gceist. Thomhais sé leithead an bhalla, a bhí slat; agus a airde, a bhí slat.

Geataí an Teampaill

6. Chuaigh sé go dtí an geata thoir, chuaigh na céimeanna suas agus thomhais tairseach an gheata, a bhí slat ar a dhoimhneas;

7. agus na taobhsheomraí, a bhí slat ar fad agus slat ar leithead; agus an spás idir na taobhsheomraí a bhí cúig bhanlámh ar leithead; agus tairseach an gheata isteach ó phóirse an gheata, a bhí slat.

8. Ansin thomhais sé póirse an gheata, a bhí ocht mbanlámh;

9. agus a ursaineacha, a bhí dhá bhanlámh. Bhí póirse an gheata ar an taobh istigh.

10. Bhí trí thaobhsheomra ar gach taobh den gheata thoir; bhí na trí cinn ar aon mhiosúr; agus na hursaineacha ar gach taobh bhí siad ar aon mhiosúr.

11. Thomhais sé leithead bhéal an gheata, a bhí deich mbanlámh; agus leithead an gheata tríd síos, a bhí trí bhanlámh déag.

12. Bhí ráille os comhair na dtaobhsheomraí, a bhí banlámh ar gach taobh; agus bhí na taobhsheomraí sé bhanlámh ar gach taobh.

13. Ansin thomhais sé an geata ó [chúl] taobhsheomra amháin go [cúl] taobhsheomra eile; bhí sé cúig bhanlámh is fiche ar leithead ó dhoras go doras.

14. Thomhais sé an póirse, a bhí fiche banlámh; in aice leis an bpóirse bhí an chúirt sheachtrach.

15. Ó dhul isteach an gheata fad leis an bpóirse istigh bhí caoga banlámh.

16. Ar gach taobh den gheata bhí fuinneoga spréite, sna taobhsheomraí agus sna spásanna eatarthu, agus mar an gcéanna bhí fuinneoga thart timpeall an phóirse agus crainn phailme ar na hursaineacha.

17. Thug sé isteach mé ansin sa chúirt sheachtrach a raibh seomraí ann agus pábháil thart timpeall na cúirte; tríocha seomra ar aghaidh na pábhála.

18. An phábháil a shín leis na geataí agus a bhí ar aon fhad leo, sin an phábháil íochtarach.

19. Thomhais sé ansin ón taobh istigh den gheata íochtarach go dtí an taobh amuigh den chúirt inmheánach, bhí sé céad banlámh soir agus ó thuaidh.

20. Thomhais sé geata thuaidh na cúirte seachtraí ar a fhad agus ar a leithead.

21. Bhí trí thaobhsheomra ann ar gach taobh; bhí na hursaineacha agus an póirse ar aon mhiosúr leo siúd ag an gcéad gheata, caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.

22. Bhí a fhuinneoga, a phóirse agus a chrainn phailme ar aon mhiosúr leo siúd ag an ngeata thoir. Bhí seacht gcéim ag dul suas chuige agus bhí a phóirse ar an taobh istigh.

23. Sa chúirt inmheánach os comhair an gheata thuaidh bhí geata mar a bhí os comhair an gheata thoir. Thomhais sé ó gheata go geata; bhí sé céad banlámh.

24. Thug sé ansin mé ó dheas mar a raibh geata ag oscailt ó dheas. Thomhais sé na hursaineacha agus an póirse ann; bhí siad ar aon mhiosúr leis na cinn eile.

25. Bhí fuinneoga thart timpeall air agus sa phóirse amhail fuinneoga an chinn eile; bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.

26. Bhí seacht gcoiscéim ag dul suas chuige, bhí an póirse ar an taobh istigh agus crainn phailme ar na hursaineacha, ceann ar gach taobh.

27. Bhí geata ó dheas sa chúirt inmheánach; thomhais sé ó gheata go geata ó dheas, bhí sé céad banlámh.

28. Thug sé isteach mé ansin sa chúirt inmheánach tríd an ngeata theas. Thomhais sé an geata theas agus bhí sé ar aon mhiosúr leis na cinn eile.

29. A thaobhsheomraí, a ursaineacha agus a phóirse bhí siad uile ar aon mhiosúr leis na cinn eile. Bhí fuinneoga thart timpeall air agus sa phóirse ann; bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.

30. Bhí póirsí thart timpeall, cúig bhanlámh is fiche ar fad agus cúig bhanlámh ar leithead.

31. Bhí a phóirse ar aghaidh na cúirte seachtraí, bhí crainn phailme ar a ursaineacha agus ocht gcéim ag dul suas chuige.

32. Thug sé ansin go dtí [an geata thoir] mé. Thomhais sé an geata; bhí sé ar aon mhiosúr leis na cinn eile.

33. A thaobhsheomraí, a ursaineacha agus a phóirse bhí siad uile ar aon mhiosúr leis na cinn eile. Bhí fuinneoga thart timpeall air agus sa phóirse ann; bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.

34. Bhí a phóirse ar aghaidh na cúirte seachtraí, bhí crainn phailme ar na hursaineacha, ceann ar gach taobh, agus ocht gcéim ag dul suas chuige.

35. Thug sé go dtí an geata thuaidh mé. Thomhais sé é:

36. bhí sé ar aon mhiosúr leis na cinn eile. Bhí a thaobhsheomraí, a ursaineacha agus a phóirse [ar aon mhiosúr leis na cinn éile]. Bhí fuinneoga thart timpeall air: bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.

37. Bhí a phóirse ar aghaidh na cúirte seachtraí, bhí crainn phailme ar a ursaineacha, ceann ar gach taobh, agus ocht gcéim ag dul suas chuige.

Seomraí an Teampaill

38. Bhí seomra a raibh bealach isteach ann ó phóirse an gheata, áit a nídís an íobairt dhóite.

39. I bpóirse an gheata bhí dhá thábla ar gach taobh le haghaidh marú na híobartha dóite, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh.

40. Ag dul isteach ag an ngeata thuaidh bhí dhá thábla; agus ar an taobh eile den phóirse ag an ngeata bhí dhá thábla.

41. Bhí ceithre thábla taobh istigh agus ceithre thábla taobh amuigh den phóirse; ocht dtábla ar fad ar a maraídís na híobairtí.

42. Bhí fosta ceithre thábla de chlocha snoite do na híobairtí dóite, a bhí banlámh go leith ar fad, banlámh go leith ar leithead agus banlámh ar airde, ar a gcuirtí na gréithre go léir le haghaidh marú na n‑íobairtí dóite agus na n‑ofrálacha.

43. Bhí crúcaí i ngreim timpeall laistigh agus leithead boise d'fhad iontu. Chuirtí feoil na híobartha ar na táblaí sin.

44. Thug sé ansin mé isteach sa chúirt inmheánach. Bhí dhá sheomra sa chúirt inmheánach, [ceann] ag taobh an gheata thuaidh ag féachaint ó dheas agus an ceann eile ag taobh an gheata theas ag féachaint ó thuaidh.

45. Ar seisean liom: “An seomra seo a fhéachann ó dheas is do shagairt an Teampaill é;

46. do shagairt na haltóra an seomra a fhéachann ó thuaidh. Mic Zádóc iad, an t‑aon dream de mhic Léiví a thagann i ngar don Tiarna chun freastal air.”

47. Thomhais sé an chúirt inmheánach. Ba chearnóg í a bhí céad banlámh ar fad agus céad banlámh ar leithead; bhí an altóir os comhair an Teampaill.

48. Thug sé ansin mé go póirse an Teampaill. Thomhais sé ursaineacha an phóirse; bhí siad cúig bhanlámh ar gach taobh. Bhí an geata isteach ceithre bhanlámh déag ar leithead agus bhí [balla] thrí bhanlámh ar gach taobh de.

49. Bhí an póirse fiche banlámh ar fad agus dhá bhanlámh déag ar leithead. Bhí deich gcéim ag dul suas chuige agus colúin le hais na n‑ursaineacha ar gach taobh.