Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Freagracht Phearsanta

1. Tháinig briathar an Tiarna chugam arís:

2. “Cad chuige a n‑aithriseann sibh an seanfhocal seo faoi thír Iosrael:D'ith a n‑aithreacha caora searbha;agus tá déistin ar fhiacla na clainne?

3. “Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní bheidh an seanfhocal seo sa chaint a thuilleadh eadraibh in Iosrael.

4. Féach, is liomsa an uile bheo, is liom anam an athar agus anam an mhic. An duine a pheacaíonn, eisean a éagfaidh.

5. “Géilleann an fíréan don dlí agus don cheart,

6. ní itheann sé ar na sléibhte, ní thógann sé a shúile chun íola mhuintir Iosrael, ní thruaillíonn sé bean a chomharsan, ní théann i ndáil mhná le linn a fola míosúla.

7. Ní imríonn sé éagóir ar aon duine, ach tugann sé a gheall ar ais dá fhéichiúnaí; ní ghoideann sé, ach tugann arán don ocrach agus éadaí don nocht.

8. Ní thugann sé uaidh ar úsaireacht, ní ghlacann sé brabús, staonann sé ón olc, tugann sé breithiúnas cóir idir duine agus duine;

9. siúlann sé de réir mo reachtanna agus comhlíonann mo dheasghnátha go cúramach. Tá a leithéid fíréanta dáiríre agus mairfidh sé go deimhin. Is é an Tiarna Dia a labhraíonn.

10. “Ach má ghineann sé bithiúnach fuilteach de mhac

11. nach ndéanann aon dualgas díobh seo, ach a itheann ar na sléibhte, a thruaillíonn bean a chomharsan,

12. a imríonn éagóir ar an mbochtán agus ar an ainniseoir, a ghoideann, nach dtugann geall ar ais, a thógann a shúile chun na n‑íol, a mbíonn imeachtaí gránna ar siúl aige,

13. a thugann uaidh ar úsaireacht agus a ghlacann brabús; an mairfidh seisean? Go deimhin, ní mhairfidh. Tar éis dó na coireanna gránna seo a dhéanamh éagfaidh sé cinnte agus beidh a chuid fola air féin.

14. “Ach má ghineann an fear seo mac a fheiceann na peacaí a rinne a athair, a ghabhann eagla agus nach ndéanann beart dá réir,

15. nach n‑itheann ar na sléibhte, nach dtógann a shúile chun íola mhuintir Iosrael, nach dtruaillíonn bean a chomharsan,

16. nach n‑imríonn éagóir ar aon duine, nach n‑éilíonn geall, nach ngoideann; ach a thugann arán don ocrach agus éadaí don nocht,

17. a staonann ón olc, nach dtugann uaidh ar úsaireacht agus nach nglacann brabús, a chomhlíonann mo dheasghnátha agus a shiúlann de réir mo reachtanna; ní éagfaidh seisean de bharr peacaí a athar, ach mairfidh sé go deimhin.

18. Ach de bhrí gur imir an t‑athair éagóir, gur chreach sé a dheartháir agus nach ndearna gar riamh i measc a mhuintire, éagfaidh sé cinnte de bharr a oilc.

19. “Deir sibh: ‘Cad chuige nach n‑iompraíonn an mac peacaí an athar?’ Má ghéilleann an mac don dlí agus don cheart agus mo dheasghnátha a chomhlíonadh go cúramach, mairfidh sé gan amhras.

20. An duine a pheacaíonn, éagfaidh sé. Ní bheidh an mac freagrach i bpeacaí an athar ná an t‑athair i bpeacaí an mhic; gheobhaidh an fíréan creidiúint as a fhíréantacht féin amháin agus an drochdhuine as a urchóid.

21. “Ach má thréigeann an drochdhuine na peacaí go léir a rinne sé, má chomhlíonann sé mo dheasghnátha uile agus géilleadh don dlí agus don cheart, mairfidh sé go deimhin; ní éagfaidh sé.

22. Na peacaí go léir a rinne sé ní labhrófar leis arís orthu; as an bhfíréantacht a chleacht sé mairfidh sé.

23. An mbainim sult as bás an drochdhuine? - an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach é mo mhian go dtréigfeadh sé a bhealaí agus go mairfeadh sé?

24. Ach má thréigeann an fíréan a fhíréantacht, agus olc a dhéanamh, agus imeachtaí gránna an drochdhuine a bheith ar siúl aige, an mairfidh sé? Ní bheidh aon trácht ar an bhfíréantacht a chleacht sé; de bhrí gur fheall sé agus gur pheacaigh sé, gheobhaidh sé bás.

25. “Ach deir sibhse: ‘Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.’ Éistigí liom, a mhuintir Iosrael; nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir?

26. Má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peacú, éagfaidh sé dá bharr; éagfaidh sé de bharr an oilc atá déanta aige.

27. Arís, má thréigeann an drochdhuine a pheacaí agus déanamh mar is ceart agus mar is cóir, tabharfaidh sé a bheatha slán.

28. De bhrí gur mhachnaigh sé agus gur thréig sé a pheacaí go léir mairfidh sé go deimhin; ní bhfaighidh sé bás.

29. Ach deir muintir Iosrael: ‘Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.’ A mhuintir Iosrael, nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir?

30. Dá bhrí sin, tabharfaidh mé breithiúnas ort, a mhuintir Iosrael; ar gach duine de réir a ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn. Déanaigí aithrí agus tréigigí bhur bpeacaí go léir; seachnaígí gach ócáid scannail agaibh.

31. Teilgigí uaibh na peacaí uile a rinne sibh orm; agus cothaígí ionaibh féin croí nua agus spiorad nua. Cad chuige gur toil libh bás a fháil, a mhuintir Iosrael?

32. Ní bhainimse sult as bás aon duine - an Tiarna Dia a labhraíonn. Ar an ábhar sin guím aithrí daoibh agus beatha.”