Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 46 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Féile na mBothanna -- An tSabóid

1. “Seo mar a deir an Tiarna Dia. Dúnfar an geata thoir den chúirt inmheánach ar feadh na sé lá oibre. Osclófar é lá na sabóide agus lá na ré nua;

2. rachaidh an prionsa isteach trí phóirse an gheata sheachtraigh agus bunóidh sé é féin ag ursaineacha an gheata. Ofrálfaidh na sagairt ansin a íobairt dhóite agus a íobairt síochána. Déanfaidh sé adhradh ag tairseach an gheata agus rachaidh sé amach, ach ní dhúnfar an doras go tráthnóna.

3. Adhrfaidh pobal na tíre ag béal an gheata i láthair an Tiarna ar shabóidí agus ar laethanta na ré nua.

4. Sé uan gan smál agus reithe gan smál a bheidh san íobairt dhóite a ofrálfaidh an prionsa don Tiarna lá na sabóide.

5. Tabharfaidh sé éafá mar abhlann leis an reithe, a rogha tabhartais leis na huain, agus hín ola le gach éafá.

6. Lá na ré nua ofrálfaidh sé tarbh óg gan smál, sé uan gan smál agus reithe gan smál.

7. Tabharfaidh sé éafá leis an reithe, a rogha tabhartais leis na huain, agus hín ola le gach éafá.

Deasghnátha Éagsúla

8. “Ar dhul isteach don phrionsa rachaidh sé trí phóirse an gheata isteach agus fágfaidh sé an bealach céanna.

9. Nuair a thiocfaidh pobal na tíre i láthair an Tiarna ag na féilte sollúnta, an lucht a thiocfaidh isteach an geata thuaidh ag adhradh rachaidh siad amach an geata theas. Ní fhillfidh siad ar an ngeata trínar ghabh siad isteach ach rachaidh amach an geata atá díreach rompu.

10. Tiocfaidh an prionsa leo, ag dul isteach agus amach mar a dhéanfaidh siadsan.

11. Ag na féilte agus na séasúir chinnte ofrálfar éafá mar abhlann le gach tarbh, éafá le gach reithe, rogha tabhartais leis na huain agus hín ola le gach éafá.

12. Nuair a ofrálfaidh an prionsa íobairt dheonach, bíodh sí dóite nó ina híobairt síochána, don Tiarna, osclófar an geata thoir dó agus ofrálfaidh sé a íobairt dhóite agus a íobairt síochána mar a dhéanfaidh lá na sabóide. Ar dhul amach dó, dúnfar an geata ina dhiaidh.

13. Ofrálfaidh sé uan bliana gan smál mar íobairt dhóite don Tiarna gach lá; ofrálfaidh sé seo gach maidin.

14. Ofrálfaidh sé chomh maith gach maidin an séú cuid d'éafá agus an tríú cuid de hín ola le meascadh leis an bplúr. Sin tabhartas don Tiarna, deasghnáth buan síoraí.

15. Mar sin a dhéanfar an t‑uan agus an íobairt bhia agus an ola a sholáthar, maidin i ndiaidh maidine mar íobairt dhóite go brách.

Ceart an Phrionsa

16. “Seo mar a deir an Tiarna Dia. Má bhronnann an prionsa cuid dá oidhreacht ar a chlann mhac rachaidh an bronntanas i seilbh na mac agus beidh sé acu mar oidhreacht.

17. Ach má bhronnann sé cuid dá oidhreacht ar dhuine dá sheirbhísigh beidh sí aige go bliain na saoirse amháin agus fillfidh ansin ar an bprionsa. Ní choinneoidh aon duine cuid den oidhreacht ach an chlann mhac amháin.

18. Ní ghabhfaidh an prionsa aon chuid d'oidhreacht an phobail, á ndíbirt as seilbh go héagórach. Tabharfaidh sé oidhreacht dá chlann mhac as a mhaoin féin ionas nach ndíbreofar aon duine de mo phobal as seilbh.”

Cistineacha an Teampaill

19. Thug sé isteach mé ansin tríd an mbealach a bhí ag taobh an gheata thuaidh go dtí na seomraí sa sanctóir a bhain leis na sagairt. Chonaic mé áit ansin siar uaim ag deireadh.

20. Dúirt sé liom: “Seo é an áit a mbruithfidh na sagairt an íobairt leorghnímh agus an íobairt pheaca, agus a mbacálfaidh siad an abhlann ionas nach mbeidh orthu iad a bhreith leo amach sa chúirt sheachtrach agus an pobal a naomhú.”

21. Rug sé amach sa chúirt sheachtrach mé agus thug orm dul go ceithre chúinne na cúirte; agus i ngach cúinne den chúirt bhí clós.

22. Sna ceithre chúinne den chúirt bhí ceithre chlós, a bhí daichead banlámh ar fad agus daichead banlámh ar leithead. Bhí siad ceathrar ar aon mhiosúr.

23. Bhí balla timpeall laistigh ar gach ceann acu agus teallach ag bun gach balla.

24. Dúirt sé liom ansin: “Seo iad na cistineacha ina mbruithfidh lucht freastail an Teampaill íobairtí an phobail.”