Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 41 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Thug sé isteach sa halla mé. Thomhais sé na hursaineacha; bhí siad sé bhanlámh ar tiús ar thaobh amháin agus sé bhanlámh ar tiús ar an taobh éile.

2. Bhí an bealach isteach deich mbanlámh ar leithead. Na ballaí ag dul isteach bhí siad cúig bhanlámh ar thaobh amháin agus cúig bhanlámh ar an taobh eile. Thomhais sé an halla; bhí sé daichead banlámh ar fad agus fiche banlámh ar leithead.

3. Isteach leis. Thomhais sé na hursaineacha ag dul isteach, a bhí dhá bhanlámh; ansin an bealach isteach, a bhí sé bhanlámh ar leithead; agus na ballaí ar gach taobh ag dul isteach, a bhí seacht mbanlámh.

4. Thomhais sé a fhad, a bhí fiche banlámh; agus a leithead thar an halla, a bhí fiche banlámh. Dúirt sé liom ansin: “Is é seo an áit is naofa.”

5. Thomhais sé balla an Teampaill, a bhí sé bhanlámh ar tiús. Bhí na taobhsheomraí thart timpeall an Teampaill ceithre bhanlámh ar leithead.

6. Bhí tríocha taobhsheomraí ann ar trí urlár, gach ceann os cionn a chéile. Na taobhsheomraí thart timpeall fuair siad tacaíocht ó bhallaí an Teampaill taobh amuigh ionas nach mbeidís sáite i mballa an Teampaill.

7. Mhéadaigh ar leithead na dtaobhsheomraí ó urlár go hurlár de réir méadú na tacaíochta ar an taobh amuigh ó urlár go hurlár. Ar thaobh an Teampaill bhí staighre ag dul suas agus ba é seo an dóigh a ndeachaigh duine ón urlár in íochtar go dtí an t‑urlár ar barr tríd an urlár láir.

8. Chonaic mé ansin go raibh pábháil thart timpeall an Teampaill. Ba é bunsraith na dtaobhsheomraí é seo agus bhí slat tomhais iomlán sé bhanlámh ann.

9. Bhí tiús cúig bhanlámh i mballa seachtrach na dtaobh sheomraí agus cúig bhanlámh sa chuid den phábháil a fágadh oscailte.

10. Idir pábháil an Teampaill agus seomraí na cúirte bhí spás fiche banlámh ar leithead thart timpeall an Teampaill.

11. Bhí doirse na dtaobhsheomraí ag oscailt ar ar fágadh saor den phábháil, doras ag oscailt ó thuaidh agus doras ag oscailt ó dheas. An phábháil a fágadh saor bhí sí cúig bhanlámh ar leithead thart timpeall.

12. An foirgneamh os comhair chlós seo an Teampaill ar an taobh thiar, bhí sé seachtó banlámh ar leithead agus nócha banlámh ar fad, agus bhí tiús cúig bhanlámh i mballa an fhoirgnimh thart timpeall.

13. Thomhais sé fad an Teampaill, a bhí céad banlámh; agus fad an chlóis agus an foirgneamh lena bhallaí, a bhí céad banlámh;

14. agus leithead aghaidh an Teampaill agus an chlóis thoir, a bhí céad banlámh.

15. Thomhais sé fad an fhoirgnimh ar an taobh thiar ar aghaidh an chlóis agus na ballaí ar gach taobh de; bhí siad céad banlámh.Halla an Teampaill, an seomra inmheánach agus an póirse seachtrach,

Feisteas an Teampaill

16. bhí tairseacha acu triúr agus fuinneoga laitíse thart timpeall gach ceann acu. Thart faoin tairseach bhí an Teampall painéalta le hadhmad ón urlár go dtí na fuinneoga; ba fhuinneoga laitíse iad.

17. Ón doras isteach go dtí an seomra inmheánach agus thart timpeall bhalla an tseomra inmheánaigh taobh amuigh agus taobh istigh,

18. bhí ceiribíní agus crainn phailme snoite, ceiribín agus crann pailme gach re ceann. Bhí dhá aghaidh ar gach ceiribín,

19. aghaidh duine os comhair an chrainn phailme ar thaobh amháin agus aghaidh leoin os comhair an chrainn phailme ar an taobh eile, agus iad snoite thart timpeall an Teampaill ar fad.

20. Bhí na ceiríbíní agus na crainn phailme snoite ón urlár go dtí os cionn an dorais agus ar an mballa.

21. Bhí colúin an halla cearnógach.Os comhair an tsanctóra bhí mar a bheadh

22. altóir adhmaid, a bhí trí bhanlámh ar airde, dhá bhanlámh ar fad agus dhá bhanlámh ar leithead. Ba d'adhmad a cúinní, a bun agus a taobhanna. Dúirt sé liom: “Seo é an tábla atá os comhair an Tiarna.”

23. Bhí doras dúbailte ar an halla agus doras dúbailte ar an sanctóir.

24. Bhí dhá dhuilleog ag na doirse seo, dhá dhuilleog infhillte ag gach ceann acu.

25. Ar dhoirse an halla bhí ceiribíní agus crainn phailme snoite mar a bhí ar na ballaí; agus bhí scáthlán adhmaid trasna os comhair an phóirse amuigh.

26. Bhí fuinneoga laitíse agus crainn phailme ar gach taobh acu ar bhallaí an phóirse agus ar na taobhsheomraí ag taobh an Teampaill agus ar na scáthláin.