Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 5 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil V

Do chúadar 6666 deamhan annsa tréad mhuc.

1. Agus tangadar don táoibh éíle don fhairge, go tír na Ngadarénach.

2. Agus ar ndul a mach dhó as an luing, ar an mball tárla duine an a raibh spiorad neamhghlan air, ag teachd as na tuámuighibh,

3. Agá raibh a áit chomhnuighe ann sna túamuighibh; agus nár bheidir lé neach ar bith a cheangal, ní headh, lé slabhradhuibh féin:

4. Do bhrígh ar mbeith ceanguilte go mínic dhó le geimhlibh agus lé slabhradhuibh, go mbriseadh sé na slabhruidhe, agus go mionbhruigheadh sé na geimhleacha: agus níor bhéidir lé neach ar bith a smachdughadh.

5. Agus do bhíodh sé do ghnáth, do ló agus doidhche, ar na sléibhtibh, agus annsna túamuighibh, ag éimhghe, agus da ghearradh féin ré clochaibh.

6. Agus ar bhfaicsin Iósa dhó a bhfad úadh, do rith sé agus do shléachd sé dhó,

7. Agus ag eimhghe do ghuth árd, a dubhairt sé, Créd í mo chuidsi dhíot, a Iósa, a Mhic Dé roáird? Cuirim a huchd Dé ort, gan mo phianadh.

8. (Oír a dubhairt sé rís, A spiorad neamhghlan, tárr a mach as an duine.)

9. Agus do fhíafruigh sé dhe, Créd is ainm dhuit? Agus do fhreagair seisean, ag rádh, Léghíon is ainm dhamh: óir a támáoid mórán ann.

10. Agus do íarr sé go roighéur air gan a gcur a mach as an dúthaidh sin.

11. Agus do bhí tréad mór muc ann sin air na sléibhtibh ag ingheilt.

12. Agus do íarradar na deamhuin uile air, ag rádh, Cuir sinne ann sna mucuibh, do chum do rachmáois a sdeach ionnta.

13. Agus tug Iósa cead dóibh ar an mball. Agus ar ndul a mach do na spioradaibh neamhghlana sin do chúadar ann sna mucaibh: agus do thuit an tréd a ndiáigh a gcinn ris an aill san bhfairge, (agus do bhádar timcheall dhá mhíle muc ann;) agus do múchadh íad ann sa bhfairge.

14. Agus do theitheadar búachaillidhe na muc, agus do inneosadar sin don chathraigh, agus don túaith. Agus tangadarsan a mach dá fhéuchain cred do rinneadh ann.

15. Agus tigid síad chum Iósa, agus do chíd an té an a raibh an deamhan, agus agá raibh an léighión ann, na shuidhe agus a éudach uime, agus a chíall aige: agus do ghabh eagla íad.

16. Agus an líon do chonnairc so dinnseadar dhóibhsion, cionnas do rinneadh ris an té an a raibh an deamhan, agus a dtimcheall na muc.

17. Agus do thionnsgnadarsan íarruigh airsion imtheachd as a dteórannuibh féín.

18. Agus ar ndul a luing dhósan, do íarr an té an a raibh an deamhan air é féin do bheith na fhochair.

19. Achd nir léig Iósa dhó, achd a dubhairt sé ris, Imthigh dod thigh a gceann do mhuinntire, agus foillsigh dhóibh méud na neitheadh do rinne an Tighearna dhuit, agus go ndearna sé trócaire ort.

20. Agus do imthigh seision, agus do thionnsgain sé a sheanmorughadh a Ndecapolis méud na neítheadh do rinne Iósa dhó: agus do ghabh iongantus íad uile.

21. Agus an tan do chúaidh Iósa a luing a rís tar ais don táobh eile, do chruinnigh slúagh mor chuige: agus do bhí sé laimh ris an bhfairge.

22. Agus, féuch, táinic fear áirighe dúachdaránuibh na sionagóige, dar bhainm Iáirus; agus an tan do chonnairc sé eisean, do léig se é féin siós agá chosaibh,

23. Agus do ghuidh sé é go roighér, ag rádh, A tá minghean bheag a bponc bháis: tárr agus cuir do lámha uirrthe, do chum go sláineochaidhe í; agus go mairfeadh sí.

24. Agus do imthigh Iósa leis; agus do lean slúagh mór é, agus do bhadar dá bhrughadh.

25. (Agus do bhí bean áirighe ann sin, ar a raibh dortadh fola ré dhá bhlíadhain déig,

26. Agus do fhulaing mórán ó léaghuibh iomdha, agus do chaith a raibh aice uile, agus níor bhféairrde í é, achd bá measa uádh í,

27. An tan do chúalaidh sí teachd thar Iósa, táinic sí don táobh shíar dhe a measg an choimhthionóil, agus do chumail sé ré na éudach.

28. Oir a dubhairt sí, Má bheannim ré na éudach a mháin, slainéochthar mé.

29. Agus do thiormaigh a dortadh fola do láthair; agus do airigh sé ar a corp féin go raibh sí slán ón phláigh sin.

30. Agus do aithin Iósa, ar an mball, ann féin an tsúbhailce do chúaidh as, agus do fhill sé ar a tslúagh, agus a dubhairt sé, Cía bhean rém éuduighibh?

31. Agus a dubhradar a dheiscionail ris, Do chí tú an tslúagh dod bhrughadh, agus an bhfhíafruigheann tú, Cia bhean rium?

32. Agus do fheuch seision na thimcheall ionnas go bhfaicfeadh sé an bhean do rinne so.

33. Agus do ghabh crith agus eagla an bhean, ar naithne an neithe do rinneadh innte féin, agus táinic sé agus do shléuchd sí dhó, agus do innis sé an fhírinne uile dhó.

34. Agus a dubhairt seision ría, A inghean, do shlánuigh do chréideamh thú; imthigh a síothcháin, agus bí slán od phláigh.

35. Agus ar mbeith dhósan ag labhairt, tigid dáoine ó thigh úachdaráin na sinagóige, ag rádh, Fúair hinghean bás: créd fá gcuireann tú búaidhreadh ar an Maighisdir feasda?

36. Agus mar do chúalaidh Iósa an comhrádh so a ubhradh, a dubhairt sé ré húachdarán na síonagóge, Na bíodh eagla ort, creid a mháin.

37. Agus níor fhulaing sé neach ar bith dhá leanmhuin, achd Peadar, agus Séumus, agus Eóin dearbhráthair Shéumuis.

38. Agus táínic sé go tigh úachdaráin na siónagóige, agus do chonnairc sé an bhúaidhreadh, agus íad ag gul agus ag cáoineadh go mór.

39. Agus ar ndul a steach, a dubhairt sé ríu, Créd fá bhfuil búaidhreadh oruibh, agus créd fá nguiltí? ni bhfúair an cailín bás, achd is na codladh a tá sí.

40. Agus do rinneadarsan fónamhad fáoi. Achd cheana ar gcur cháich uile a mach dhósan, beiridh sé athair agus máthair an chailín leis, agus an dream do bhí na fhochair féin, agus téid sé a sdeach mar a raibh an cailín na luighe.

41. Agus air mbreith dhó air láimh an chailín, a dubhairt sé ria, Talita cúmi; is é sin, ar na eidirmhínigheadh, A chailín a deirim riot, éirigh:

42. Agus do éirigh an cailín ar an mball, agus do shiubhail sí; óir do bhí sí a gcionn a dá bhlíadhan déug. Agus do ghabh úathbhás romhór íadsan.

43. Agus do aithin sé dhíobh do roighéur, gan a fhios so do thabhairt déanduine; agus a dubhairt sé ní do thabhairt don chailín ré a ithe.