Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XI

Do chothuigh agus scag Críosd an teampall, 20 agus labhair sé um neart an chreidimh.

1. Agus an tan thangadar a bhfogus do Ierusaleim, go Betpháge agus Betánia, ag slíabh na Noluidheadh, do chuir sé días dá dheisciobluibh úadh,

2. Agus a dubhairt sé ríu, Imthighidh don bhaile úd thall as bhur gcomhair, agus mar ráchtáoi a sdeach ann, do gheubhtháoi searrach ceanguilte, ar nár shuidh éunduine ríamh; sgáoilidh é, agus tabhruidh libh é.

3. Agus má deir éinneach ribh, Créud fá ndéuntáoi so? abruidh go bhfuil a ríachdanus ar an Dtighearna; agus cuirfidh sé úadh ann so ar ball é.

4. Achd do imthigheadarsan, agus fúaradar an searrach ceangailte ag an dorus don táoibh a muigh a ccomhrug dhá shligheadh; agus do sgáoileadar é.

5. Agus a dubhradar dream áirighthe don mhuinntir do bhí na seasamh ann sin riú, Créd do níthí, ag sgáoileádh an tsearraigh?

6. Achd a dubhradarsan riú mar do aithin Iósa: agus do leigeadar úatha íad.

7. Agus tugadarsan an searrach chum Iósa, agus do theilgeadar a mbruit air; agus do shuidh sé air.

8. Agus do leathnuigheadar mórán a mbrait ar a tslighe: agus do ghearradar drong eile géuga do na crannuibh, agus do chroitheadar ar a tslighe íad.

9. Agus an luchd do bhí rompa, agus na ndíaigh do éighmheadar, ag rádh, Hosanna; Is beannaighthe an té thig a nainm an Tighearna:

10. Is beannuighthe ríoghachd ar nathar Dáibhí, thig a nainm an Tighearna: Hosanna ann sna hárdaibh.

11. Agus do chúaidh Iósa a sdeach go Híarusaléim, agus don teampoll: agus ar bhféuchain na thimcheall ar gach én ní dhó, ar mbeith don tráth nóna ann, do chúaidh sé a mach go Betánia maille ris an dá fhear dheúg.

12. Agus an la na dhiáigh sin, an tan do chúadar a mach as Betánia, do ghabh ocrus é:

13. Agus an tan do chonnairc sé crann fíge a bhfad úadh ar a raibh duilleabhar, táinic sé, dhá fhéuchain an bhfuigheadh sé éin ní air: agus an tan tháinic sé chuige, ní bhfúair sé éin ní achd na duilléoga; óir nír bhí aimsir na bhfigidhe í.

14. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris an gcrann fíge, O so súas nár ithe duine ar bith toradh dhiot go bráth. Agus do chúaladar a dheisciobail é.

15. Agus tangadar go Híarusaléim: agus ar ndul a sdeach don teampoll Díosa, do thionnsgain sé an dream do bhí ag reic agus ag ceannach ann sa teampoll, da chur a mach agus do theilg sé air lár buird luchd malarta an airgid, agus caithireacha luchd reaca na gcolum;

16. Agus ní fhuilngeadh sé go niomchoradh duine ar bith soightheach thríd an teampoll.

17. Agus tug sé teagasg úadh, ag rádh riú, An né nach bhfuil sgríobhtha, Go ngoirfithear tigh úrnuighthe dom thighse, ag na huile chineadhachuibh? Achd do rinneabhairsi tuinidhe bhiothamhnach dhe.

18. Agus do chúaladar na sgríobuidhe agus uachdárain na sagart so, agus do bhádar ag íarruidh cionnus do mhilltidís é: Oír do bhi eagla orrtha roimhe, do bhrígh go raibh iongantus ag an tslúagh uile an a theagasg.

19. Agus an tan tháinic an tráthnóna, do chúaidh sé a mach as an gcathruigh.

20. Agus ag gabháil thairis, ar maidin dóibh, do chonncadar an crann fíge ar ná chríonadh as a fhréumhach.

21. Agus ar gcuimhniughadh do Pheadar a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, féuch, an crann fíge úd do mhalluigh tú a tá sé ar gcríonadh.

22. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé riú, Bíodh creideamh Dé aguibh.

23. Oír go fírinneach a deirimsi ribh, Gidh bé neach a déura ris an tslíabh so, Togthar thú, agus teilgthear ann sa bhfairrge thú; agus nách bía cunntabháirt aige an a chroidhe, achd go gcreide sé go dtiucfaid na neithe a deir sé chum críche; teigéumhaidh dhó gach ní a déura sé.

24. Ar a nadhbharsin a deirim ribh, Gidh bé ní íarrtháoi, an tan do níthí úrnuighthe, creididh go bhfuighthí, agus do ghéubhtháoi é.

25. Agus an tan bhéithí bhur seasamh ag déanamh úrnuighthe, maithidh, má tá ní ar bith aguibh a naghuidh áonduine: ionnas go maithfeadh bhur nathairsi a tá air néamh bhur ccionta féin dhaoibhsi mar an gcéudna.

26. Oír muna maíthtísi, ní mhaithfi bhur Nathair a tá air neamh bhur ccionta féin dhíbhsi.

27. Agus tangadar a rís go Híarusaléim: agus ar mbeith ag siobhal sa teampoll dósan, tangadar úachdaráin na sagart, agus na sgríobhuidhe, agus na sinnsir chuige,

28. Agus a deirid ris, Créd é an túghdarrás lé a ndéunann tusa na neithesi? Agus cía thug na cumhachda so dhuit do chum na neitheadh so do dhéunamh?

29. Achd ar bhreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Fiafróchaidh misi éin ní a mháin díbhsi, agus tabhruidh freagra oram, agus innéosaidh mé dhíbh cía an tughdarás lé a ndéunuim na neithe so.

30. An ó neamh, tháinic baisdeadh Eóin, nó ó dhaóinibh? Tabhruidh freagra orum.

31. Agus do bhádarsan ag diosbóireachd eatarra féin, ag rádh, Má deirmid, O neamh; a déura sé, Ar a nadhbharsin créd fá nár chréideabhairsi dhó?

32. Achd má deirmid, O dháoinibh; a tá eagla an phobuil oruinn: oír do bé a meas uile ar Eóin, gur bhfáidh é go fírinneach.

33. Agus ar bhfreagra dhóibhsion a dubhradar re Híosa, Ní bhfuil a fhios againn. Agus ar bhfreagra Díosa, a dubhairt sé riú, Ní mó innéosus misi dhibhsi cía an tughdarrás lé a ndéunaim na neithe so.