Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcus 7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil VII

Gan áithne Dé chur ar gcúl, le fúarghnáthuighthibh na sean.

1. Agus do cruinnigheadar na Phairisínigh chuige, agus cuid do na sgríobuidhibh tháinic ó Iarusaléim.

2. Agus ar bhfaicsin dóibh go ndithadar cuid dá dheisciobluibhsion arán lé lamhuibh coitchionna, (eadhón, gan ionnladh,) do rinneadar gearán.

3. (Oír ni ithid na Phairisínigh, agus na Iúduighe uile bíadh, muna nionnlaid síad a lámha go minic, ag coimhéd órduighthe na sinnsior.

4. Agus ar dteachd ón mhargadh, muna nionnlaid, ni ithid siád. Agus a táid móran do neithibh eile, do ghabhadar orra do choimhéud, már a tá níghe na gcopan, agus na bpotadh, agus na soightheach práis, agus na leabthath.

5. Do fhíafruigheadar na Phairisinigh agus na sgríobuidhe dhe tar éis sin, Créd fá nách siubhluid do dheisciobluilsi do réir órduighthe na sinnsior, achd ithid arán lé lamhuibh gan ionnladh?

6. Agus do fhreagair seision agus a dubhairt sé ríu, Go fírinneach is maith do rinne Isaías fáidheadóireachd bhar dtimcheall a luchd an fhúarchrabhuidh, mar a tá sgríobhtha, Onóruighid an pobal so mé le na bpusuibh, achd a tá a gcroidhe a bhfad úaim.

7. Achd is díomháoineach do níd seirbhís damhsa, ag teagasg aitheantadh na ndaoine mar theagasg.

8. Oír air dtréigean áithne Dé, gabhuidh sibh órdughadh na ndáoine mar a tá nighe na bpotadh agus na gcupan: agus do níthí mórán dó neithibh eile is cosmhail ríu so.

9. Agus a dubhairt sé ríu, Is maith churtháoi ar gcúl aithne Dé, ionnas go gcoimhéudfadh sibh bhur ngnáthughadh féin.

10. Oír a dubhairt Máoisi, Onóruigh hathair agus do mháthair féin; agus, Gidh bé a déara olc ré na athair nó ré na mháthair, cuirthear chum báis é:

11. Achd a deirthísi, Dá nabradh éin neach ré na athair ní ré na mháthair, Corbán (éadhón, an tiodhlacadh,) do bheirimsi úaim; rachaidh sé a dtarbha dhuitsi.

12. Agus ní léigthí dhó as sin a mach ní sa mhó do dhéunamh dá athair no dhá mháthair féin;

13. Ag cur bhréithre Dé ar gcúl leis an ngnáthughadh do órduigheabhair féin, agus is mór dá leitheidibh so do níthí.

14. Agus ar ngairm an tslúaigh uile chuige, a dubhairt sé ríu, Eisdigh riumsa uile, agus tuigidh:

15. Ní bhfuil ní ar bith ar an dtáobh a muigh don duine, théid a sdeach ann lé nab éidir a shalchadh: achd na neithe thig as a mach, as íad sin na neithe shalchas an duine.

16. Gidh bé agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.

17. Agus an tan do chúaidh sé a sdeach a dtigh ón tslúagh, do chuireadar a sheisciobuil ceisd air a dtimcheall na cosamhlachda.

18. Agus a dubhairt sé ríu, An bhfuiltisi leis mar an gceudna gan tuisge? AN ne nach dtuigthí, gidh bé ní don táobh a muigh théid a sdeach sa duine, nach éidir leis eisean do shalchadh?

19. Oír ní théid sé a sdeach ann a chroidhe, achd ann a bholg, agus téid sé a mach sa chamra, ghlanus a nuile bhíadh?

20. Achd a dubhairt sé, An ní théid amach as an duine, as é sin shalchus an duine.

21. Oir is ón táobh a sdigh, ó chroidhe na ndáoine, thigid na drochsmúaintighe, adhaltrannas, sdríopachus, dúnmharbhtha,

22. Goid, sainnt, aingídheachd, mealltóireachd, míonáire, drochshúil, blaisphéime, úabhar, amadanachd:

23. Tigid na huilesi uile ón táobh a sdigh, agus salchuid an duine.

24. Agus ar néirghe dhó as sin, do chúaidh sé go críochaibh Thírus agus Shídon, agus ar ndul a sdeach a dtigh dhó, nír bháill leis duine ar bith dfagháil a fheasa: gidheadh nír bhéidir leis bheith a bhfolach.

25. Oír an tan do chúalaidh bean da tháoibh, agá raibh spiorad neamhghlan an a hinghin óg, táinic sí agus do léig sí í féin síos agá chosaibh:

26. (Do budh Gréugach an bhean, Sirophenissa do chinéul;) agus do ghuidh sí é an deamhan do theilgean a mach as a hinghin.

27. Achd a dubhairt Iósa ría, Fulaing ar tús an clann do sháithiughadh: oír ní hiomchubhuigh arán na cloinne do ghlacadh, agus a theilgean chum na gcoiléun.

28. Achd do fhreagair sisi, agus a dubhairt sí ris, Is fíor sin, a Thighearna: gidheadh ithid na cuiléin fáoi an mbórd ní do sbrúileach na leanabh.

29. Agus a dubhairt seisean ríasi, Ar son na cainnti so imthigh romhad; do chúaidh an deamhan a mach as hinghin.

30. Agus do chúaidh sí dhá tigh, agus fúair sí an deamhan a nimtheachd, agus a hinghean na luighe ar a leabuidh.

31. Agus do fhill sé a ris ó theórannuibh Thíruis agus Shídon, agus táinic sé go fairrge na Galilé, tré lár chríochaibh Dhecapolis.

32. Agus tugadar duine bodhar balbh chuige; agus do íarradar air a lámh do chur air.

33. Agus ar na bhreith leis fó leith ón phobal, do chuir sé a mhéir ann a chlúasaibh, agus ag seileagh dhó, do bhean sé ré na theanguidh;

34. Agus ar bhféachain súas ar neamh, do léig sé osnadh, agus a dubhairt sé ris, Ephphatha, éadhon, Bí osgailte.

35. Agus ar an mball do hosgladh a chlúasa, agus do sgáoileadh cuibhreach a theangadh, agus do labhair sé go ceart.

36. Agus do aithin sé dhíobh gan sin dinnisin déainneach: achd ni bhfuil dá mhéud dá dtoirmíosgadh seisean, nach móide go mor dfoillsighidsion é;

37. Agus do ghabh iongantus romhór íad, agus a dubhradar, Do rinne sé gach uile ní go maith: do bheir sé fá deara go gcluinid na bodhair, agus go labhruid na bailbh.