Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 2 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil II

A nam na cingcise, tainic an Spiorad Naomh a riocht teangtha sgoiltighe, ar na heasbalaibh.

1. Agus an tan tháinig lá na Cingcíse go hiomlan, do bhádar uile dáontoil ar áonbhall.

2. Agus tháinig torann ó neamh go hobann mar do thiocfadh séideadh gháoithe ro aintréun, agus do lion sé an tigh uile mar a rabhadarsan na suidhe.

3. Agus do taisbéanadh dhóibh teangtha sgoiltighe mar theine, noch do shuidh air gach áon dióbh.

4. Agus do bhádar uile ar na liónadh don Spiorad Náomh, agus do thosuigheadar labhairt lé teangthuibh eile, do réir mar thug an Spiorad labhairt dhóibh.

5. Agus do bhádar na gcomhnuidh a Niarusalém Iúduidhe, dáoine díadha, do gach uile cheinéul dá bhfuil fáoi neamh.

6. Agus a ndul don tásgso amach, do chruinnigh an coimhthionól, agus do bhádar buáidheartha, do bhrígh go gcúaluidh gach áon aca iádsan ag labhairt ann a dteanguidh féin.

7. Agus do ghábh úathbhás, agus iongantas iád uile, ag rádh ré chéile, Féuch, a né nach Gaililéeanuigh íadso uile labhras?

8. Agus cionnas do chluinn sinne gach áon aguinn a theanguidh féin an a rugadh sinn?

9. Parti, agus Médi, agus Elamíti, agus na dáoine áitigheas a Mesopotámia, agus a Níudéa, agus a Gcappadócia, a Bpontus, agus ann sa Násia,

10. A Bhphrígia, agus a Bpamphília, ann sa Négipt, agus a ranntuibh Libia timcheall Chiréne, agus coigcrióchtha na Rómha, agus Iúduidhe agus Proseliti.

11. Luchd Chréta agus Arábia, do chluinmíd iád ag labhairt ann ar dteangthuibh féin oibreacha mórdhálacha De.

12. Agus do ghabh úathbhás, agus amharas iád úile, ag rádh gach fear ré a chéile, Créd is ciáll dó so?

13. Agus a dubhradar dáoine eile ag fonomhad, Is lán dfíon mhilis atáid síad so.

14. Achd ar seasamh do Pheadar a bhfochair a naóin easbuil dég, dárdaigh sé a ghúth, agus do labhair sé ríu, A phobail Iúdaidhe, agus a luchd áitighe Iarusalém uile, bíodh a dheimhin só agaibh, agus éisdigh rém bhríathruibh:

15. Oír ní bhfuilid siad so aír misge, mar mheastaóise, an tan nach bhfuil sé achd an treas uáir don lá.

16. Achd a sé so an ní a dubhradh tré san bhfáidh Ióel,

17. Agus tíocfuigh chum críche ann sna laéthibh déigheanacha (a deir Día,) dóirtfidh mé dom Spiorad féin air gach uile fheóil: agus do dhéunuid bhur mic agus bhur ningheana fáidheadóireachd, agus do chífid bhur nógánaigh taisbéunta, agus bhur seandáoine aislingthe:

18. Agus fós doirtfidh mé dom Spiorad féin ar mo shearbhfhoghantuidhibh agus air mo bhanóglachuibh ann sna laéthibhsin; agus do dheanuid faidheadoireachd:

19. Agus foillseochuidh mé iongantuis ar neamh shúas, agus comarthaidhe ar a dtalamh shíos; fuil, agus teine, agus gal deatuighe:

20. Iompóchar an ghrían a ndorchadas, agus an ghealach a bhfuil, suil thiocfas ab lá mór oirdheirc sin an Tighearna:

21. Agus tiocfuidh chum críche, gidh bé ghuídhfeas ainm an Tighearna sláineochthair é.

22. Eísdigh na bríathrasa, a chlann Israél; Iósa Nasarrdhá, duine dearbhtha ó Dhía eadruibhsi maille lé cúmhachduibh agus lé miórbhailibh agus le comharthaidhibh; noch do rinne Día thrídsean eadruibhse, mar is aithne dhibh féin:

23. An fearso, ar mbeith ar na thoirbhirt tré chomhairle chinte agus tré réimhfheachuin Dé, do ghabh sibhse, agus ar na chéasadh lé lamhaibh drochdháoine do mharbhabhair é:

24. Noch do thóg Día súas, íar sgáoileadh dhoilghis an bháis: ar a nadhbhar nar bhéidir don bhás a chungbháil.

25. Oír a deir Dáibhi na thimcheallsan, Do chunnairc mé an Tighearna am fhíadhnuisi do ghnáth, óir atá sé ar mo láimh dheis, ionnus nach ccorróchtháoi mé:

26. Ar a shon so do bhí mo chroidhe go súbhach, agus do rinne mo theanga lúathgháire; agus na cheann sin suaimhneóchuidh mfeóil a ndóthchas:

27. Ar a nadhbhar nach bhfúigfe tú manam a nifearn, agus ní fhuileónga tú do Aón Náomhtha féin truáillidheachd dfaicsin.

28. Dfoillsigh tú dhamhsa slighthe na beatha; líonfuidh tú mé do ghairdeachus léd ghnúis féin.

29. A fheara agus a bhraithreacha, is éidir leamsa labhairt go dána ribh a dtimcheall an phatriárc Daibhí, go bhfuil sé tair éis bháis agus ar na adhlacadh, agus atá a thúama eadruinne gus an lá a niu.

30. Ar a nadhbharsin ar mbeith na fháidh dhó, agus a fhios aige go dtug Día móid dhó maille lé mionnuibh, go dtóigfeadh sé Críosd súas, do shíol a leasruighsion, do réir na féola, agus go ccuirfeadh sé na shuídhe ann a chatháoirsean é;

31. Ar na réumhfhaicsin dó do labhair sé a dtimcheall eiséirghe Chríosd, nach bhfúigfithi a anam a nifearn, agus nach bhfaicfeadh a cholann trúailleadh.

32. Do thóg Día an Tiosaso súas, agus atámáoidne uile an bhfíadhnuisibh air.

33. Ar a nadhbharsin ar na bhreith súas lé láimh dheis Dé, agus ar bhfagháil an Spioraid Náoimh do reir gheallamhna a Nathar, do dhóirt sé amach an nísi, do chíthísi a nois agus do chluintí.

34. Oír ní dheachuidh Dáibhi súas air neamh: gidheadh a deir sé, A dubhairt an Tighearna rém Thighearnasa, Suídh ar mo láimh dheis,

35. Nó go gcuire mé do námhaid na sdól fád chosuibh.

36. Uime sin bíodh a fhios go dearbhtha ag tigh Israél uile, go ndearnuidh Día Tighearna agus Críosd, do Níosasa do chrochabhairsi.

37. Agus ar na chloinsin so dhóibh, do goineadh ann a gcroidhe íad, agus a dubhradar ré Peadar agus ris an gcuid eile do na heasbaluibh, A fheara agus a bhráithreacha, créud do dhéunam?

38. Agus do fhreagair Peadar iád, Déanuidh aithrighe, agus baisdear gach áonduine agaibh a nainm Iósa Críosd chum maitheamhnuis na bpeacadh, agus géubhtháoi chugaibh tiodhlacadh a Spioruid Naoimh.

39. Oír is dáoibhsi do rinneadh an gealladh, agus dá bhar gcloinn, agus dá gach nduine a ccían, eadhon gach áon ghoirfeas ar Dtighearna Día.

40. Agus do ghuidh sé agus do theaguisg sé íad ré morán eile do bhríathruibh, ag rádh, Coimhéaduidh sibh féin on drochgheinealachsa.

41. Ann sin na dáoine do ghabh chuca a bhríathra go toileamhail do baisdeadh íad: agus do cuireadh léo an lásin a dtimcheall thrí míle anam.

42. Agus do chomhnuidheadar go daingion a dteagasg na neasbal agus ann a ccumann a mbriseadh aráin, agus a nurnuighibh.

43. Agus do ghabh eagla gach uile anam: agus do rinneadh mórán do mhíorbhuilibh agus do chomharthuibh leis na heasbaluibh.

44. Agus na huile dháoine do chreid do bhádar a bhfochair a chéile, agus do bhádar na huile neithe coitcheann aca;

45. Agus do reacadar a bhfineachas agus a máoin, agus do roinneadar íad ar gach áon, fá leith do réir a ríachdanuis.

46. Agus ag fanmhuin, gach láoi déantoil ann sa teampoll, agus ag briseadh aráin ó thigh go tigh, do chaithdís bíadh maille lé gáirdeachas agus lé simplidheachd chroidhe,

47. Ag moladh Dé, agus ag fagháil ceana ón phobal uile. Agus do chuir an Tighearna leis a neagluis gach láoi, an dream do sláinéochtháoi.