Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 3 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil III

Do leighis Peadar an bácach, 19 agus brosduigh sé filleadh on olc go creidim Chríosd an Tslanaigheoir.

1. Agus do chúaidh Peadar agus Eóin a néaineachd súas don teampoll a nam urrnuighe, a dtimcheall a náoimhadh huáir.

2. Agus do hiomchradh duine áirighe do bhí na mhairtíneach ó bhruinn a mhathar, noch do chuirdís gach láoi ag dorus an teampuill ré a ráitear Breagha, díarruidh déirce ar a ndruing do théigheadh a sdeach don teampoll;

3. An tan do chunnairc an fearso Peadar agus Eóin ar tí dul a steach don teampoll díarr sé déirc.

4. Agus ar bhféuchain go géur do Pheadar air, maille lé Heóin, a dubhairtsé, Féuch oruinne.

5. Agus tug seision aire dhóibh, a ndothchus neithe éigin dfághail úatha.

6. Achd a dubhairt Peadar, Ní bhfuil airgead na ór agamsa; achd an ní atá agam do bheirim dhuitse é: A nainm Iósa Críosd Nasárrdha éirigh agus siubhail.

7. Agus ar mbreith air a láimh dheis dó, do thóg sé súas é: Agus ar an mball do neartuigheadh mugharnaigh agus bonnaidhe a chos.

8. Agus do léim sé súas do sheas, agus do shiubhail sé, agus do chuáidh sé ríu a steach don teampoll, ag siubhal, agus ag léimnidh agus ag moladh Dé:

9. Agus do chunnairc an pobal uile é ag siubhal agus ag moladh Dé:

10. Agus daithneadar é gur ab é do bhíodh ag íarruidh déirce na shuidhe ag geata Bréagh an teampuill: agus do lionadh íad diongantas agus dúathbhás fá a ní sin thárla dhó.

11. Agus ag cungmháil Pheadair agus Eóin don mhairtíneach úd do slánughadh, do rioth an pobal uile chuca ag iongantus, don phoirse da ngoirthear póirse Sholaimh.

12. Agus ar na fhaicsin sin do Pheadar, do fhreagair sé don phobal; A fheara Israél, créd fá bhfuil iongnadh aguibh ann so? nó créd fá bhfuiltí ag sírfhéachuin oruinne, amhuil as gur tré ar gcúmhachdaibh féin nó tré ar náomhthachd do thugamar air an bhfearso siúbhal?

13. Día Abrahám, agus Isáac, agus Iácob, Día ar naithreachne, do ghlóruighe sé a Mhac féin Iósa; noch do bhraitheabhairse, agus do shéunabhair a bhfíadhnuisi Phíolaid, an tan rug sé do bhreith a sgáoileadh.

14. Achd do shéunabhairse an Neach Náomhtha Fíréanta, agus diarrabhair fear dúnmharbhtha do thiodhlacadh dhíbh;

15. Achd do mharbhabhair Ughdar na beatha, noch do dhúisigh Día ó mharbhaibh; agá bhfuilmídne ar bhfíadhnuisibh.

16. Agus tré chreideamh anmasán, do neartaidh a ainm an fearso, do chithí agus áitheantáoi: agus, an creidheamh atá dhá tháobhsan, tug sé dhó so an tsláinte iomlánso ann bhur lathairse uile.

17. Agus a nois, a dhearbhraithe, atá a fhios agam gur tré ainbhfios do rinneabhair na neithe so, agus bhur núachdaráin mar an gcéadna.

18. Achd is mar so do chomhlíon Día, na neithe do réumhfhoillsigh sé tré bhéul a fhaigheadh uile, go bhfuileóngadh Críosd.

19. Ar a nadhbharsin déunaidh aithrighe, agus fillidh, ionnus go sgriosfuidhe bhur bpeacaidh, a núair thiocfus aimsir a nfúaraidh ó fhíadnuise an Tighearna;

20. Agus chuirfeas sé úadh Iósa Críosd, noch do seanmórughadh dhíbh roimhe:

21. Dár ab éigin do neamh a ghabháil go teachd daimsearachaibh aiseagtha na nuile neitheann, noch do labhair Día tré bhéul a uile fháigheadh náomhtha ó thús an domhain.

22. Oír a dubhairt Máoise ris na haithreachuibh, Toigéubhaidh bhur Dtighearna Día fáidh súas díbh dá bhur ndearbhraithreachaibh féin, mar misi; éisdfidh sibh ris sna huile neithíbh laibheórus sé ribh.

23. Agus tiocfuidh chuin críche, gidh bé anam, nách éisfidh ris an bhfáidhsin go sgriosfuighthear é as an bpóbal.

24. Agus, dfoillsigheadar na huile fháidhe mar án gcéudna ó Shámuél agus ón druing do lean é ó shoin, an mhéid do labhair dhíobh, na laéthe so.

25. As sibhsi clann na bhfáigheadh, agus na tiomna do rinne Día ré ar naithreachaibh, ag rádh ré Hábraham, Agus ann do shíolsa bheannóchthar cineadhacha na talmhan uile.

26. As chuguibhse ar tús, do chuir Día a Mhac féin Iósa, ar na dhúsachd ó mharbhuibh, dá bhur mbeannughadh, ionnus go bhfilleadh gach áon aguibh ó bhur nolcaibh.