Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XXII

Aithris ar thús beathaidh, 6 filleadh, 14 úrleisgeul, 25 agus saóirse Phóil mar Romhanach.

1. A Dhaoine, a bhráithreacha, agus a aithre, éisdigh a nois rém sháoradhsa dháoibh.

2. (Agus an tan do chúaladar gur sa teanguidh Eabhra do labhair sé ríu, as móide do rinneadar cíuinus e: agus a dubhairt seision,)

3. As Iúdaighe misi gan amharus, rugadh a Dtarsus, na Cilícia, gidheadh as ann sa chathruighsi ag cosaibh Ghamáliel do hoileadh mé, agus do muineadh go diongmhála a ndligheadh ar naithreadh mé, agus do bhí mé ar lasádh do ghrádh Dé, amhail agus atatháoisi uile a niu.

4. Agus do bhí mé ag gérleanmhuin na sligheadhso gus an mbás, ag ceangal fhear agus ban agus dá dtarraing chum priosúin.

5. Mar do ní uachdarán na sagurt fós fíadhnuisi dhamh, agus na sinnsir uile: ó fuáir mé litreacha mar an gcéudna chum na mbrathar, ré dul go Damascus, ar chor go dtiubhruínn leam ceanguilte go Híarusalém an mhuinntir do bhí ann sin, dfagháil piannuide.

6. Agus tárla dhamh, ar mo thuras, ar rochdain damh go gar do Dhamascus timcheall mheadhóin láoi, gur dheallruigh solus mór ó neamh go hobann am thimcheall.

7. Agus do thuit mé ar talamh; agus do chúaluidh mé gúth dá rádh rium, A Sháuil, a Sháuil, créd fá ngérleanann tú mé?

8. Agus do fhreaguir misi, Cia thú féin, a Thighearna? Agus a dubhairt seisean rium, As misi Iósa Nasardha ar a bhfuil tusa ag gérleanmhuin.

9. Agus na dáoine do bhí am fhochair do chunncadar an solas go deimhin, agus do ghabh eagla íad; gidheadh ní chúaladar gúth an té do labhuir rium.

10. Agus a dubhairt mé, Créd do dhéuna mé, a Thighearna? Agus a dubhairt an Tighearna rium, Eirigh, agus imthigh go Damascus; agus inneósdar dhuit ann sin gach uile ní dár hórduigheadh dhuit dó dhéunamh.

11. Agus mar nach raibh amharc agam tré ghlóir na soillsi sin, do threóruigheadar mo luchd éintsligheadh ar láimh mé, nó go dtáinic mé go Damascus.

12. Agus táinic óglach áirighe, dár bhainm Ananias chugam, duine díadha do réir an dlighidh, air a riabh teisd mhaith ag gach uile Iúduighe dár áitigh ann sin,

13. Agus ar seasamh dhó láimh rium, a dubhairt sé, A Sháuil a bhráthuir, gabh chugad do radharc. Agus ar a núair sin féin dféuch me airsion.

14. Agus a dubhairt sé, Do thogh Día ar naithreachne roimh láimh thusa, chum a thóla féin daithniúghadh, agus an Neach Comhthrom úd dfaicsin, agus glór a chluisden as a bhéul.

15. Oír bíaidh tu ad fhíadhnuisi aige a láthuir na nuile dháoine ar na neithibh do chunnairc agus do chúala tú.

16. Agus a nois créd do bheir ag déunamh moilee thú? éirigh, gabh baisdeadh chugad, agus bí ar do ghlanadh ód pheacadhaibh, ar ngairm ar ainm an Tighearna.

17. Agus tárla, an tan do fhill mé go Hiarusalém, agus do rinne mé urnaighe ann sa teampoll, go ndeachaidh mé a néull;

18. Agus do chunnairc mé eisean dá rádh rium, Déuna deithbhir, agus imthigh go tapuidh as Iárusalém: óir ní ghéubhuid síad chuca thfíadhnuisi am thimcheallsa.

19. Agus a dubhairt misi, A Tighearna, as aithne dhóibhséan go gcuirinnsi a bpriosún an lión do chreideadh ionnadsa agus go ngabhainn orrtha ann gach uile shínagóg:

20. Agus a núair dóirteadh fuil do mhairtír Steaphán, do bhi misi a láthair, agus dáontuigh mé chum a mharbhtha, agus do choimhéud mé éudaighe na muinntire do mharbh é.

21. Agus a dubhairt seisean rium, Imthigh romhad: óir cuirfidh misi ag céin thú chum na Gcineadhach.

22. Agus déisdeadarsan ris gus an bhfocalsin, achd ann sin do thógbhadar a ngúth os áird, ag rádh, Beir uáinn don talamh a lethéid so do dhuine: óir ní cóir a bheith na bheathuidh.

23. Agus an tan do éighmheadar, agus do theilgeadar a néuduighe dhíobh, agus do theilgeadar luaithreadh sa naiér,

24. Do aithin an túachdarán eisean do bhreith don chaisléun, agus a dubhairt sé fios sgéul do bhuáin lé sgíursaidhibh dhe; do chum go mbeith a fhios aige créd é an tadhbhar fár éighmheadar mar sin na aghuidh.

25. Agus mar do cheangladar é lé cordadhuibh, a dubhairt Pól ris an gcaiptín do sheas a láthair, An cóir dháoibhsi Rómhánach a sgíursadh, agus gan é ar na dhamnadh?

26. Agus ar na chlós so don chaiptín, do chuáidh sé a gceann a núachdaráin, agus dfoillsigh sé sin dó, ag rádh, Tabhair dod aire créd atá tú dhéunamh: óir is Rómhánach an fearso.

27. Ann sin ar dteachd do núáchdarán chuige, a dubhairt sé ris; Innis damhsa, an Rómhánach thú? Agus a dubhairt seisean, A seadh.

28. Agus do fhreaguir an túachdarán, As mór an tsuim ar a bhfuáir misi sáoirsi na caithreach sin. Agus a dubhairt Pól, Achd is ann a rugadh misi.

29. Ar a nadhbharsin an luchd do bhí ar tí a sgíursaighe do imthigheadar úadh ar an mball: agus mar an gcéadna do ghabh eagla an túachdarán, ar bhfagháil a fheasa gur Rómhánach é, agus go dtug sé fa deara a cheangal.

30. Agus ar na mhárach ar mbeith dhó fonnmhair air dheimhin sgéul dfagháil créd í an choir do chuirfidis na Iúdaighe na aghuidhsion, do sgáoil sé é ó na chuibhrighibh, agus tug sé aithne dúachdaráin na sagart agus dá gcomhairle uile teachd do lathuir, agus ar dtabhairt Phóil amach, do chuir sé ann a bhfíadhmuisi é.