Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XVIII

Chúaidh Pól ar chúairt dfhiosriughadh na neagluise. 24 Agus theagaisc Acuila le na mhnaoi an soiseul Dapollos ni is soillier.

1. Tar éisi so ar bhfagbháil chathair na Haithne do Phól, táinic sé go Córintus;

2. Agus fuáir sé Iúdaidhe áirighe ann sin dar bhainm Acuilas, noch rugadh a Bpontus, táinic go déigheanach ó Neadáille, é féin agus a bhean Priscilla; (ar a nadhbhur gur aithin Claudius do na Iúduidhibh uile imtheachd as a Róimh:) agus do chuáidh sé dhá nionnsuighe.

3. Agus do bhrígh go raibh sé dáoincheird ríu, dfan sé na bhfochair, agus do bhí sé ag obair: óir a seadh bá ceird dhóibh pailliúin do dhéanamh.

4. Agus do níodh sé diosbóireachd sa tsinagóig gach éun lá sábbóide, ionnus gur tharruing sé na Iúduidhe agus na Gréuguidh.

5. Agus mar tháinic Silas agus Timotéus ó Mhacedónia, do las Pól an a spioruid, ag déunamh finné do na Iuduidhibh gur bhé Iósa an Críosd.

6. Agus an tráth do chuireadarsan na aghuidh, agus do labhradar blasphéime, ar gcrothadh a éudaigh dhósan, a dubhairt sé ríu, Bíodh bhur bhfuil ar bhur gceann féin; atáimsi glan: ó so súas rachuidh mé chum na Gcineadhach.

7. Agus ar a nimtheachd dó as sin, do chuáidh sé go tigh dhuine áirighe, dár bhainm Iustus, duine air a raibh eagla Dé, agus agá raibh a thigh láimh ris a tsionagóig.

8. Agus do chreid Crispus, úachdarán ná sinagóige, maille ré luchd a thighe uile, ann sa Tighearna; agus mórán do na Corintianachuibh ag éisdeachd rís do chreideadar, agus do baisdeadh íad.

9. Agus a dubhairt an Thighearna sa noidhche a dtaidhbhsi ré Pol, Na bíodh eagla ort, achd labhuir, agus na bí ad thochd:

10. Oír atáimsi maille ríot, agus ní thiocfa duine ar bith ort do dhéunamh uile dhuit: óir atá pobal mór agamsa an sa chathraigh so.

11. Agus dfan seisean blíadhuin agus sé mhí, ag teagusg bhréithre Dé na measg.

12. Agus an trath do bhí Gallio na úachdarán a Nachaía do éirgheadar na Iuduidhe déuntoil a naghuidh Phóil, agus rugadar go cathaóir ar bhreitheamhnuis é.

13. Ag rádh, Táirrgidh an fear so lé na bhríathraibh na daoine chum Dé onórughadh, a naghaidh an dlighe.

14. Agus an tan do shantuigh Póla bhéul dosgladh, a dubhairt Gallio ris na Iuduidhibh, Dá madh éagcoir ar bith nó droch ghniomh é, a Iudaighe, budh cóir go niomchóruinn libh.

15. Gidheadh más a dtimcheall bhríathar agus anmann, agus bhur ndlighe atá bhur gceisd, féuchuidh féin dó; óir ní háill leamsa bheith am breitheamh ar a leitheid sin do neithibh.

16. Agus do chuir sé ón chathaóir bhreitheamhnuis íad.

17. Ann sin ar mbreith do na Gréugachuibh uile ar Shostenes, úachdarán na sinagóige, do ghabhadar air a bhfíadhnuisi chatháoireach an bhreitheamhnuis. Achd níor chuir Gallio suim a ní ar bith do na neithibhsin.

18. Achd tair éis Pól fhuireach fós mórán do láethibh, do ghlac sé a chead ag na bráithribh, agus do chuáidh sé a luíng go Síria, agus do chuáidh Priscilla agus Acuilas leis; tar éis a chinn do bhearradh dhó a Gcenchreas: óir do bhí móidghealladh air.

19. Agus táinic sé go Héphesus, agus dfág sé ann sin íad; gidheadh do chuáidh sé féin a steach don tsinagóig, agus do thaguir sé ris na Iúduidhibh.

20. Agus an tan díarradar air fuireach na bhfochair ní as faide, níor áontaigh seisean.

21. Achd dfag beannachd aca, ag rádh, Is éigin dámhsa go deimhin an tsollomuin so chugainn do dhéunamh a Niarusalém: achd más toil lé Día é, fillfidh mé chuguibhsi a rís. Agus do shéol sé ó Ephesus.

22. Agus ar ndul dó síos go Seasaréa do chuáidh sé súas, agus ar mbeannughadh do neagluis dó, do chuáidh sé síos go Hantíochia.

23. Agus ar fanmhuin dó ar feadh tamuill do imthigh sé roimhe, agus do shiobhuil sé a nórdughadh ar feadh chríche na Galátia agus Phrígia, ag neartughadh na ndeísciobal uile.

24. Agus táinig Iúdaighe áirighe go Hephesus, dár bhainm Apollos, rugadh a Nalecsándria, fear deaghlabhartha, do bhi cúmhachdach ann sna sgríobtúiribh.

25. Do bhí an fear so ar na theagusg a slighe an Tighearna; agus ar mbeith dhó ar fiuchadh sa spioruid, do labhuir agus do theaguisg sé go dithcheallach neithe a dtimcheall an Tighearna, agus gan déolus aige achd baisdeadh Eoin amháin.

26. Agus do thionnsgain sé labhuirt go dána ann sa tsinagóig: agus an tráth do chúaluidh Acuila agus Priscilla é, rugadar léo chuca féin é, agus dfoillsigheadar slighe Dé dhó ní as diongmhála.

27. Agus an tan do báil leis dul go Hacháia, do sgriobhadar na bráithre, chúm na ndeisciobal dá mbrosdughadh air eision do ghabháil chuca: agus, ar dteachd dhó ann sin, tug sé furtachd mór don líon do chreid tré ghrásuibh:

28. Oír do rinne sé diosbóireachd mhór sháoithreach a bhfíadhnuisi an phobuil ris na Iúduighibh, dá fhoillsiughadh as na sgríobtúiribh gur bhé Iósa an Críosd.