Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Cabidil XXVII

Luingséorachd Phóil, 41 agus an luingbhriste, 44 achd tárrfuid na daóíne fa thír slán.

1. Agus ar ttabhairt breatha dhóibh go seolfamaóis gus an Neadáill, tugadar Pol agus bráighde áirighe eile, do chaiptin bhanna Agustus, dár bhainm Iúlius.

2. Agus ar ndul dúinn a luing do longaibh Adramitium, do chuireamar romhuinn, séoladh ré táobh chósdadh na Hásia; agus do thógbhamar ar séolta, agus do bhí Aristarcus Macedónach ó Thessalonica, ann ar gcuideachda.

3. Agus an lá na dhiáigh sin tangamar go Sídon. Agus ar mbeith go muinntearrdha ré Pól do Iúlius, dfulaing sé dhó dhul dfios a charad chum comhfurtachda dfaghail úathadh.

4. Agus ar nimtheachd dhúinn as sin, do shéolamar ré taóibh Chípruis, do bhrígh go raibh an gháoth contrarrdha dhúinn.

5. Agus ar séoladh dhúinn trés an bhfairrge láimh ré Cilícia agus ré Pamphília, tangamar go Míra, cathair a Lícia.

6. Agus ar bhfagháil luinge don chaiptin ó Alecsandria ann sin do bhí ag triali do Neadáill; do chuir sé sinne innte.

7. Agus ar mbeith dhúinn morán do laethibh ag séoladh go mall, agus ar dteachd dúinn ar éigin as comhair Chníduis, do bhrígh nar leig an gháoth dhúinn, do shéolamar a ngar do Chréta, láimh ré Salmóne;

8. Agus, ar séoladh thairis dúinn ar éigin, tangamar go hionad áirighe dá ngoirthear Na cúanta bréagha; dar bhfogus cathair Laséa.

9. Agus ar gcaitheamh mhórain aimsire dhúinn, agus ar mbeith dhár luingséorachd cheana gúasachdach, do bhrígh an troisgidh do dhul cheana thorainn, do bhí Pól dá ccomhairli ughadh,

10. Ag rádh ríu, A dhaóine, do chím go mbiáidh bhur luingséorachd maille ré dóchar agus ré dul amúgha mór, ní hé amháin na iadála agus na luinge, achd ar nanmann féin mar an gcéudna.

11. Gidheadh is mó do chreid an caiptin an túachdarán agus maighisdir na luinge, ná na neithe a dubhairt Pól.

12. Agus ar mbeith don chúan neamhgharamhail aca re hanmhuin ann sa gheimhreadh, do rinnidh a normhór do chomhairle sgaóileadh as, dféuchain an bhféudfaidis air éanchor teachd go Phenice, chum an gheimhridh do chaitheamh ann; cúan do chúantuibh Chrétá, atá ar na shuidhuighadh a níardndeas agus a níardtuáidh.

13. Agus ar séideadh go cíuin don gháoith a ndeas, ar na sháoilsin dóibhsean go néiréochadh a dturas ríu, ar dtógbháil a séoltadh dhóibh, do shéoladar ní sa ghoire do Chréta.

14. Achd go haithghearr na dhiáigh sin do shéid gáoth sdoirmeamhail, do bhí na gáoith a noirdthuáidh ar a noiléun.

15. Agus ar mbeith don luing dá fúadach, agus gan neart aice cur a naghaidh na gáoithe, ar na léigean ris an ngáoith do shéoil sí roimhe.

16. Agus ar ndul a sdeach go dían dúinn fá oileun bheag áirighe dar ab ainm Clauda, is ar éigin rugamar ar an mbád:

17. Noch do thógbhadar súas, agus do fhéuchadar gach uile ghléus cabhartha, ag creasughadh na luinge fáoithe; deagla go mbuáilfedís a ngaineamh béo, agus ar léigean a séolta síos dóibh, do hiomchradh íad mar sin.

18. Agus ar mbeith dhúinn an lá na dhiaigh sin, dár dteilgean ó thoinn go toinn rés dóirm ro mhóir, do theilgeadar a nearruidhe amach;

19. Agus an treas lá do theilgeamar amach lé ar lámhuibh oirnéis na luinge féin.

20. Agus ar mbeith don ghréin agus do na réultaibh gan soillsiughadh dhúinn móráin do láethibh, agus ar luighe do sdóirim nár bheag orainn, rugadh uáinn gach uile dhóthchas cabhartha dá raibh aguinn ó sin amach.

21. Agus ar mbeith dhúinn a bhfad gan bíádh, do sheas Pól iona meadhon, agus a dubhairt sé, A fheara, do bhfearr dháoibh aire do thabhairt dhamhsa, agus gan sgáoileadh ó Chrétá, ionnus go seachónadh sibh an docharsa agus an dioghbháil.

22. Agus a nois guidhim sibh fá mheisnigh mhaith do bheith agaibh, óir ní chaillfidh éunduine agaibh a anum, achd an lúng amháin.

23. Oír do sheas aingeal Dé lér ab rís misi, agus dá ndéunuim serbhís, sa noidhche a nochd láimh rium,

24. Ag rádh, Na bíodh eagla ort, a Phóil; is éigean duit seasamh a lathair Shéasair: agus, féuch, do thiodhlaic Dia dhuit an mhéid shéolus maille riot.

25. Uime sin, a fheara, bíodh meisneach mhaith agaibh: óir creidimse Día, gurab amhluidh bhías sé mar a dubhradh leam.

26. Thairis sin, is éigeann dúinn búaladh fá oiléun áirighe.

27. Agus ar dteachd don cheathramhadh oidhche déug, ar mbeith dhúinn dar dteilgean ó thoinn go toinn ag Adriá, a dtimcheall mheadhóin oidhche do sháoileadar na mairnéulaidh go rabhadar bhfogus do thír éigin;

28. Agus ar léigean an luáidhe sios dóibh, fúaradar é na fhichíd fead ar dhoimhne: agus ar ndul as sin beagán dóibh, ar léigean an luáidhe síos arís dóibh, fúaradar é na chúig fheadaibhdéug.

29. Agus ar mbeith dhóibh eaglach fá bhúaladh fá ionadaibh garbha, ar dteilgean ceithre nancaireah ó dheireadh na luinge dhóibh, do bfearr léo go mbíadh an lá ann.

30. Agus ar mbeith do na mairnéulachaibh ar tí teitheamh as an luing, agus ar léigéan an bháid síos dóibh sa bhfairrge, mar do bhedís ar tí ancaireadh do shíneadh amach ó thosach na luinge,

31. A dubhairt Pól ris an gcaiptin agus ris na saighdiuiribh, Muna bhfanaid so sa luing, ní héidir síbhse shábháil.

32. Do ghearradar na saighdiúiri an sin téuda an bháid, agus do léigeadar dhó tuitim amach.

33. Agus an feadh do bhí an lá ag éirighe, tug Pól do chomhairle dhóibh uile bíadh do chaitheamh, ag rádh, A sé so an ceathramhadh lá déug dhíbh ag fuireadh bhar dtrosgadh, gan bhíadh ar bíth do chaitheamh.

34. Uime sin guidhim sibh fá bhíadh chaitheamh: óir is ní bheanus ré bhur slainte é: óir ní rachaidh ruáinne cinn éunduine aguibh a múgha.

35. Agus ar rádh na neitheadh so dhó, agus ar nglacadh aráin, rug sé buidheachas ré Día na bhfíadhnuise uile: agus ar mbriseadh a naráin dó, do thionnsgain sé a ithe.

36. Ann sin ar ngabháil meisnighe chuca do cách uile, do chaitheadar bíadh mar an gcéudna.

37. Agus a sé uibhir dháoine do bhámair sa luing dha chéd sé fir dhéug agus trí fichid.

38. Agus tar éis a saith bídh do chaitheamh dhóibh, do éudromuigheadar an lung, ar dteilgean na croithneachda amach fán bhfairge.

39. Agus ar néirghe don ló, ní raibh fios na tíre sin aca: achd tugadar caladh áirighe dha naire ann a raibh tráigh, ann ar áontuigheadar, an lung do shathadh, dá madh éidir ríu.

40. Agus ar dtógbháil na nancaireadh dhóibh, do léigeadar an lung fán bhfairge, agus ar sgáoileadh cheangluightheadh na sdiúire dhóibh, mar an gcéudna, do thógbhadar an príomhsheól ris an ngáoith, agus do thríalladar chum na trágha.

41. Agus ar dteagmháil a nionad dhóibh ionar bhuáil dá fháirrge fá chéile, do bhuáileadar an lung fá thalamh; agus ar ndaingniughadh do thosach na luinge, dfan sí gan chorrughadh, agus do sgaoileadh a deireadh ó chéile ré haimhneart na dtonn.

42. Ann sin do rinneadar na saighdiúiri do chomhairle na braighde do mharbhadh, deagla go mbéuradh a shnámh éunduine aca as:

43. Achd ar mbeith don chaiptín, fonnmhar ar Phól do shabháil, do thoirmisg sé iad ón gcomhairlesi; agus do aithin sé don luchd do fhéud snámh íad féin do théilgean amach ar tús, agus dul a dtir:

44. Agus do chách eile, cuid díobh aír chláraibh, agus cuid eile ar chotannaibh brisde áirighe don luing. Agus tárrla mar sin go ndeachadar uile slán fá thír.