Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XV

Dearbhadh na heiseirghe, 35 agus samhuil na ccorp do bhias ag na dáoinibh.

1. Tuilleadh eile, a dhearbhráithre, atáim ag foillsiughadh an tsoisgéil díbh noch do sheanmhóir mé dhíbh cheana, noch do ghabhabhair chugaibh, agus ann a seasbhuighe mar an gcéudna;

2. Agus tré a slánaighthear sibh fós, da gcongmhuidh sibh an bhríathar ionar sheanmóir mé dhíbh é, munar chreideabhair go diomhaóin.

3. Oír tug mé dhibh ar tús an ní fuáir me mar an gcéadna, eadhon go bhfuáir Críosd bás ar son ar bpeacaidhne do réir na sgriobtúr;

4. Agus gur hadhlaiceadh é, agus gur éiridh sé an treas lá do réir na sgríobtúr:

5. Agus do bhfacas é ré Céphas, agus na dhiáigh sin ris an dá fhear dhéug:

6. Ná dhiáigh sin, fuáir ós cionn chuig céud dearbhráthair radharc air a naóinfheachd; agá bhfuil a lán díobh na mbeathaidh gus a nois, agus dream eile na gcodladh.

7. Ná dhiáigh sin, do chonnairc Séumus é; a rís na nabsduile uile

8. Agus na ndiáigh uile do chonnairc misi féin é, mar neach rugadh a nanam.

9. Oír as mé as lúgha do na habsdaluibh, agus ní fíu mé absdal do ghairm dhíom, do bhrígh go raibh mé ag gérleanmhuin Eagluisi Dé.

10. Achd tré ghrás Dé atáim mar atáim: agus ní raibh a ghrásasan do tiodhlaiceadh dhamh gan bhrígh; óir is mó an saothar do rinne mé ná iadsan uile: biodh nach misi fós, achd grás Dé maile riom.

11. Uime sin giodh bé dhínn misi nó íadsan, as amhluidh so do nímíd seanmóir, agus as amhluidh so do chréideabhairsi.

12. Agus má nithear Críosd a sheanmóir gur éiridh sé ó mharbhuibh, cionnus a deir cuid aguibhse nach bhfuil éiseirghe na marbh ann?

13. Oír muna bhfuil eiséirghe na marbh ann, níor éiridh Críosd fós:

14. Agus munar éiridh Críosd, go deimhin as diomhaóineach ar seanmoirne agus as diomhaóineach bhur gcreideamhsa mar an gcéudna.

15. Agus geibhthear sinne fós ar bhfínné bréige ar Dhía; óir do rinneamar fíadhnuisi do tháobh Dé gur dhúisigh sé Críosd ó mharbhuibh: an tí nár dhuisigh sé, muna neíseirghid na mairbh.

16. Oír muna néirghid na mairbh, níor éiridh Críosd féin fós:

17. Agus munar éiridh Críosd, as díomhaóin bhur gcreideamhsa; atá sibh fós ann bhur bpeacadhaibh.

18. Agus mar sin an mhéid do chodail a Gcríosd atáid ar ndul amúgha.

19. Más sa mbeathasa amháin atá dóthchas aguinn as Chríosd, as sinn is mó do dhíol truáighe do na huile dhaóinibh.

20. Achd a nois do eiséirghidh Chríosd ó mharbhuibh, do rinneadh céudthoradh ná druinge do bhí na gcodladh dhe.

21. Oír do bhrígh gur tré dhuine tháínic an bás, as tré dhuine mar an gcéudna thig eiseirghe na marbh.

22. Oír amhuil mar gheibhid na huile dhaóine bás a Nádhamh, as mar an gcéudna do dhéuntar íad uile daithbhéodhughadh a Gcríosd.

23. Gidheadh gach áon ann a ordughadh féin: Críosd an céud thoradh; na dhiáighsin an luchd bheanus ré Críosd agá theachd.

24. Ann sin bhías an chríoch dheigheanach, ar dtabhairt na rioghachda súas dó a láimh Dé, eadhon an Tathar; an tan chuireas sé ar gcúl gach uile úachdaránachd, agus gach uile chúmhachd agus gach uile neart.

25. Oír as éigean dó bheith na Rí, nó go gcuiridh sé a naimhde uile faói na chosaibh.

26. A sé an bás an námhuid dheigheanach sgriosdar.

27. Oír do chuir sé na huile neith faói na chosaibh. Gidheadh an tan a deir sé, gur cuireadh na huile neithe faói, as follus nach beanann an rádh so ris, an tí do chuir na huile neithe faói.

28. Agus an tán chuirfidhear na huile neithe faói, biáidh an Mac féin ann sin faói an tí do chuir na huile neithe faói, chum Dé do bheith na uile sna huilibh.

29. Nó créud dhéunas an dream atá ar na mbaisdeadh air son na marbh, muna neirghid na mairbh air éunchor? créud fá mbaisdear íad air son na marbh?

30. Créud fá bhfuilmídne fós a nguáis gach uile uáir?

31. Dar bhur ngáirdeachusa noch atá agumsa a Níosa Críosd ar Dtighearna, do gheibhim bás gach laói.

32. Más do réir nóis dáonna do chomhruic mé ré hainmhidhibh a Nephesus, créud é an tarbha a dtéid sé dhamh, muna néirghid na máirbh? itheam agus íbheam; óir do ghéubham bás a márach.

33. Ná mealltar sibh: truáillidh droch chomhráite béusa maithe.

34. Músgluidh chum firéuntachda, agus na déunaidh peacadh; óir ní bhfuil éolus Dé ag cuid aguibh: as chum adhnáire do chur oraibh a deirim so.

35. Achd a déuraidh neach éigin, Cionnus éirghid na mairbh? agus créud é samhail an chuirp ann a dtigid síad?

36. O a dhuine mhichéllidh, an síol chuireas tusa ní bhéodhthuighear é, muna bhfaghuidh sé bás air tús:

37. Agus a ní shíolchuireas tú, ní hé an corp bhías do shiolchuireas tú, ach grán lom, éadhon, cruithneachda, nó arbhar éigin eile:

38. Achd do bheir Día corp dhó do réir a thola féin, agus dá gach uile shíol a chorp féin fó leith.

39. Ní háon fheóil amháin gach uile fheóil: achd atá feóil ar leith ag dáoinibh, agus feóil ar leith ag ainmhithibh, agus feóil ar leith ag íasguibh, agus feóil ar leith ag éunlaith.

40. Agus atáid cuirp neamhdha ann, agus cuirp thalmhuidhe: gidheadh atá glóir ar leith ag na corpuibh neamhdha, agus glóir ar leith ag na corpuibh talmhuidhe.

41. Atá glóir ar leith ag an ngréin, agus glóir ar leith ag an ngealuidh, agus glóir ar leith ag na réultuibh: óir atá dithfir ghlóire eidir réult agus réult eile.

42. As mar an gcédna bhías eiséirghe na marbh. Bí an corp truáillighe agá chur; agus éirghidh sé neamhthruallidh.

43. As neamhonórach é agá chur; agus éirghidh sé maille ré glóir: bí gan neart agá chur; agus éirghídh sé maille ré neart:

44. Bí sé na chorp nadúrtha agá chur; éirghidh sé na chorp sbioradálta. Atá corp nádúrtha ann, agus corp sbioradálta.

45. Amhuil fós atá sgríobhtha, Do rinneadh an céuduine Adhamh na anam béo; an Tádhamh déigheanach na spiorad bheódha.

46. Gidheadh ní hé an ní sbioradálta. Do bhí air tús, achd an ní nádúrtha; na dháigh sin an ní sbioradálta.

47. An céudduine talmhuidhe, ón dtalamh: an dara duine an Tighearna ó neamh.

48. Mar atá an duine talmhuidhe, as mar sin atáid an drung thalmhuidhe: agus amhuil atá an neach neamhdha, as amhluidh sin atáid an drung neamhdha.

49. Agus amhuil do iomchramar iomháigh an duine thalmhuidhe, iomchóram fós iómháigh an duine neamhdha.

50. Ag so an ní a deirim, a dhearbhráithre, do bhrígh nach féidir ré feóil agus ré fuil óighreachd ríoghachda Dé dfagháil; ná ré truáilleadh bheith na oighre ar neamh thruáilleadh.

51. Féuch, as ní dorcha labhruim ribh, ní choidéolam uile, achd cuirfighthear a naithearrach crotha sinn uile,

52. A mómeint, ré silleadh na súl, ré gúth an sduic dheigheanaigh: oír séidfidh an sdoc, agus dúiseochar na mairbh neamhthruáillighe, agus cuirfighthear sinne a naithearrach crotha.

53. Oír as éigean don ní truáillighesi neamhthruáilleadh do ghabháil uime, agus don ní shomharbhtha sa neamhmarbhthachd do gabháil uime.

54. Agus an tan ghéubhus a ní truáillighesi neamhthruáilleadh uime, agus a ní somharbhthasa neamhmarbhthachd uime, biáidh an tan sin an bhriathar atá sgríobhtha ar na coimhlíonadh, Do sluigheadh an bás a mbuáidh.

55. O a bháis, gá háit a bhfuil do cháilg? ó a úaimh, gá háit a bhfuil do bhuáidh?

56. A sé an peacadh cáilg an bháis; agus a sé an reachd neart an pheacaidh.

57. Gidheadh a bhuídhe ré Día, do bheir dhúinn buáidh do bhreith tré ar Dtíghearna Iósa Críosd.

58. Uime sin, a dhearbraithre grádhacha, bíghidh comhnuigheach, neamhchorrach, ag méudughadh do shíor a nobair an Tighearna, ar mbeith a fhios aguibh nach diomháoin bhur sáothar sa Dtighearna.