Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XII

Gu bhfuil na tiodhluicthe neimh-ionann arson tairbhe na nuile, 12 mar bhallaibh an chuirp nadurdha.

1. Achd a dtáobh neithibh spioradálta, a dhearbhráithreacha, ní háill leam bheith dháoibh ainbhfeasach.

2. Atá a fhios aguibh go rabhabhair bhur Gcineadhachaibh, ar bhur dtarruing go hiodhaluibh balbha, do réir mar do treóruigheadh sibh.

3. Uime sin foillsighim dháoibh, nach abair éinneach labhrus ó Spioruid Dé Iósa do bheith mallaighe: agus nach féidir dáoinneach a rádh gur bé Iósa an Tighearna, achd trés an Sbiorad Náomh.

4. Atáid tiodhlaice éugsamhla ann, achd ní bhfuil achd ein Sbiorad amháin.

5. Agus atáid miniosdrálachda éugsamhla ann, gidheadh ní bhfuil achd éin Tighearna amháin.

6. Agus atá oibriughadh éugsamhla ann, gidheadh a sé an táon Ndía oibrigheas na huile neithe sna huilibh.

7. Agus do gheibh gach áon foillsiughadh na Sbioraide chum tairbhe.

8. Oír do gheibh neach bríathar éagna trés an Sbioruid; agus neach eile bríathar eóluis trés an sbioruid chéudna;

9. Neach éile creideamh trés an Sbioruid chéudna; agus neach éile tabhartus leighis trés an Sbioruid chéudna;

10. Agus neach eile oibriughadh míorbhuileadh; agus neach eile faidheadóireachd; agus neach eile breathnúghadh sbiorad; agus neach eile morán do ghnéithibh teangthadh; agus neach eile míniughadh teangthadh:

11. Agus as áoin Sbiorad amháin oibrigheas na neithesi uile, ag roinn ré gach áon fó leith do réir mar as áill ris.

12. Oir amhuil mar as áon an corp, agus morán do bhallaibh aige, agus buill a néunchuirp uile, biodh gur ab iomdha íad, nach bhfuil ionnta achd éanchorp amháin: as mar an gcéudna atá Críosd.

13. Oír is tré aoin Sbioruid do baisdeadh sinn uile chum éunchoirp, más Iúduighe sinn nó Gréugaígh, más sáor nó daor sinn; agus tugadh deoch dhuinn uile ré a híbhe chum éin Sbioruide.

14. Oír ní héanbhall an corp, achd móran.

15. Dá nabradh an chos, Do bhrígh nách mé an lámh, ni don chorp mé; a né nach don chorp í ar a shon sin?

16. Agus dá nabradh an chlúas, Do bhrígh nách mé an tsúil, ní don chorp mé; a né nách don chorp í ar a shon sin?

17. Dá mbíadh an corp uile na shúil, cá háit a mbíadh an téisdeachd? Dá mbíadh sé uile na éisdeachd, cá háit a mbíadh an boltanus?

18. Achd a nois do chuir Día na buill sa gcorp gach ball díobh fo léith, do réir a thola féin.

19. Achd dá mbeídís uile na néanbhall, cá háit a mbíadh an corp?

20. Gidheadh a nois atáid síad na morán ball, biodh nach bhfuil achd énchorp amháin.

21. Agus ní héidir ris an tsúil a rádh ris an láimh, Ni bhfuil feidhm agum ort: nó a rís don cheann ris na cosaibh, Ni bhfuil féidhm agum oraibhse.

22. Achd, go mórmhór buill an chuirp, ré ar cosmhuile bheith ró lag, atá feidhm orrtha:

23. Agus is ar bhaillaibh an chuirp, noch sháoilmid do bheith neamhonórach, as mó chuirmíd donóir; agus ar na ballaibh as neimhdheisi aguinn as mó chuirmid do dheisi.

24. Oír bí bhi ar mbuill deasa na ríachdanus: achd do chomuisg Día an corp ar a chéile, ar dtabhairt na honóra as mó don chuid ó dteasdaigh sí:

25. Ionnus nach bíadh siosma sa gcorp; achd go mbíadh an cúram céudna ag na ballaibh ar son a chéile.

26. Uime sin dá bhfuilngidh éunbhall, comhfhuilngid na buíll nile; nó dá bhfaghuidh éunbhall onóir, do níd na buill uile gáirdeachas má ráon ris.

27. Agus as sibhse corp Chríosd, agus buill fó leith.

28. Agus do órduigh Día dream áirighe sa neagluis, ar tús absduil, na dhiáigh sin fáidhe, an treas uáir luchd teaguisg, a rís luchd míorbhuile do dhéunmah, na dhiáigh sin luchd leighis, luchd cobhartha, luchd ríaghalta, agus iomad do ghnéithibh teangthadh.

29. An bhfuilid uile na nabsdaluibh? an bhfuilid uile na bhfáidhibh? an bhfuilid uile na luchd teaguisg? an cúmhachdach íad uile ar mhíorbhuilibh do dhéunamh?

30. An bhfuilid tiodhlaice leighis aca uile? an labhruid uile ré teangthuibh? an ndéanuid uile eidirmhiniughadh?

31. Achd bíodh mían na súbhailceadh as fearr oraibh: agus foillseochaidh mé slighe dhíbh ré mbéura sibh bárr.