Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 1 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil I

Los cóinntinne do chosc, 18 goiridh sé ó tháoibh-cheill an tsaoíghailse iad, go gliocas na croiche céasduidh.

1. Pol, Absdal Iósa Criosd do réir gharma tre thoil Dé, agus Sostenes ar ndearbhrathaír,

2. Chum eagluise Dé atá a Gcorintus, chum na druinge atá ar na náomhadh a Niósa Criosd, náoimh do réir gharma, maille ris na húile dháoinibh ghoireas ann gach éaináit air ainm ar Dtighearna Iosa Críosd, noch as Tighearna dhoibhsean agus dhúinne:

3. Grása maille ribh, agus sióthcháin ó Dhía ar Nathair, agus ón Dtighearna Iósa Críosd.

4. Beirim a bhuidhe do ghnáth ré mo Dhía ar bhur sonsa, do tháobh ghrás Dé do tugadh dhíbh a Niósa Críosd;

5. Ar a nadhbhar go bhfuil sibh ar bhur ndéanamh saidhbhir sna nuile neithibh thrídsion, ann gach uile urlabhra, agus an gach uile eólas;

6. Do réir mar do dhaingnidheadh fíadhnuisi Iósa Criosd ionnuibh:

7. Ionnus nach bhfuil riachdanas én tiodhluice oraibh; ag fuireach dhibh ré teachd ar Dtighearna Iósa Críosd:

8. Noch fós dhaingneóchas sibh go foircheann bhur mbeatha, ionnus go mbía sibh neimhchiontach a ló ar Dtighearna Iósa Críosd.

9. Atá Día díleas, tres ar goireadh sibh chum cumuinn a Mhic Iósa Criosd ar Dtighearna.

10. Agus íarruim dathchuinge oraibh a dhearbhraithreacha, tré ainm ar Dtighearna Iósa Críosd, sibh uile do labhairt éainneithe amháin, agus gan siosma do bheith bhur measg; achd a bheith ceangailte dhá chéile go diongmhalta a náoininntinn agus a náoin chéill.

11. Oír a dhearbhraithreacha, do foillsigheadh dhamh oraibhsi, ré luchd tighe Chlóe, go bhfuiliu imreasana eadraibh.

12. Ag so a ní a deirim, go nabair gach áon agaibhsi, Gabhaimse ré Pól; gabhaimsi ré Hápollos; gabhaimsi ré Céphas; gabhaimsi ré Críosd.

13. An bhfuil Críosd ar na roinn? an é Pól do céusadh ar bhur son? nó ann a nainm Phóil do baisdeadh sibh?

14. Beirim a bhuidhe ré Día nár bháisd mé áoinneach agaibh, achd Crispus agus Gaius;

15. Deagla go naibeóradh éainneach gur a mainm féin do bhaisd mé.

16. Gidheadh fós do bhaisd mé muinntir Steapháin: ós a chionn sin, ní feasach dhamh gur bhaisd mé áoinneach eile.

17. Oir ní chum baisdigh do dhéunamh do chuir Chríosd mé, achd chum an tsoisgéil do sheanmórughadh: ní re gliocas briathar, deagla croichthe Chríosd do chur a neimhbhrígh.

18. Oir as amadanachd don dreim théid a múgha bríathar na croichthe; achd dhúinne atá air ar slanúghadh as é cúmhachda Dé é.

19. Oír atá sgríobhtha, Sgriosfaidh mé eagna na ndáoineadh eagnaighe, agus cuirfidh mé ar gcúl tuigse na ndáoineadh dtuigsionach.

20. Cá bhfuil an teagnuidhe? cá bhfuil an scriobuighe? cá bhfuil fear tagartha an tsáoghailsi? A né nach dearna Día aimhgliocas do ghliocas an dómhainsi?

21. Oír a neagna Dé ó nár aithin an sáoghal Día tré eagna, bá toil lé Día tré éigcríonnachd na seanmóra an dream chreideas do shlánughadh.

22. Agus bíodh go níarraid na Iúduighe comhartha, agus go sirid na Gréugaidh eagna:

23. Gidheadh fós do nímidne Críosd ar na chéusadh do sheanmórughadh, na oilbhéim do na Iuduighibh, agus na éigcríonnachd do na Gréugaibh;

24. Achd don druing atá ar na ngairm, eídir Iúdaighe agus Ghréugach, Críosd cúmhachd Dé, agus eagna Dé.

25. Oír is glioca aimhghliocas Dé náid dáoine; agus as neartmhaire meirbheas Dé náid dáoine.

26. Oír a dhearbhraithreacha, do chí sibh bhur ngairm, nach iomdhá dhibh eagnuighe do réir na feóla, ní hiomdha cúmhachdach, ní hiomdha úasal:

27. Achd do thogh Día neithe éigcríonna an tsáoghail chum adhnáire do chur ar na dáoinibh eagnuidhe; agus do thogh Día neithe neimhneartmhara an tsáoghail chum adhnáire do chur air na neithibh neartmhara;

28. Agus do thogh Día, neithe anúaisle an tsáoghail, agus na neithe tarcuisneacha, agus na neithe nach bhfuil ann, chum na neitheann atá ann do chur a neimhbhrígh:

29. Ionnus nach déanadh feóil air bith uáill iona fhíadhnaise.

30. Achd as úadhasan atá sibhse a Niósa Críosd, noch atá ar na dhéunamh ó Dhía dhúinne na eagna, agus na fhíréuntachd, agus na náomhthachd, agus na fhúasgladh:

31. Ionnus, do reir mar atá sgriobhtha, An tí do ní máoithfeachus, déunadh sé máoithfeachas sa Dtighearna.