Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 1 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Réamhrá

1. Ós rud é gur ghlac mórán as láimh faisnéis a ríomhadh mar gheall ar na nithe atá tagtha chun críche inár measc,

2. de réir mar a thug siad siúd scéala dúinn a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl orthu, agus ina seirbhísigh don bhriathar;

3. níor mhiste liom féin, freisin, tar éis dom an uile lorg a leanúint go cruinn ó thosach, iad a scríobh i ndiaidh a chéile duitse, a Theofail ró-uasail,

4. chun go dtuigfeá chomh dearfa is atá na briathra a bhfuair tú teagasc fúthu.

Saolú Eoin Baiste á Réamhinsint

5. Bhí, i laethanta Héaróid, rí Iúdáia, sagart darbh ainm Zachairias, de shealaíocht Aibia, agus bean aige d'iníonra Árón, agus Eiliosaibeit ab ainm di.

6. Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.

7. Agus ní raibh aon chlann acu, mar bhí Eiliosaibeit aimrid, agus bhí siad araon anonn i mblianta.

8. Tharla, agus é ag déanamh a ghnó sagairt i láthair Dé, in uain a shealaíochta,

9. gur thit ar a chrann, de réir ghnás na sagartóide, dul isteach i sanctóir an Tiarna chun túis a dhó;

10. agus bhí cuallacht iomlán an phobail amuigh ag guí in am na túise.

11. Chonacthas dó aingeal ón Tiarna ina sheasamh ar dheis altóir na túise.

12. Agus nuair a chonaic Zachairias é, bhí sé buartha agus tháinig uamhan air.

13. Ach dúirt an t‑aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zachairias, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air.

14. Beidh áthas ort agus gairdeas, agús beidh mórán ag déanamh áthais faoina shaolú.

15. Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar,

16. agus iompóidh sé mórán de chlann Iosrael chun an Tiarna a nDia.

17. Gluaisfidh sé roimhe amach le spiorad agus le cumhacht Éilias, chun croíthe na n‑aithreacha a iompú i leith na clainne, agus lucht na heasumhla chun eagna na bhfíréan, chun pobal a dhiongbhála a ullmhú don Tiarna.”

18. Agus dúirt Zachairias leis an aingeal: “Conas a bheidh a fhios sin agam? Óir táim féin aosta, agus mo bhean anonn i mblianta.”

19. Dúirt an t‑aingeal leis á fhreagairt: “Mise Gaibriéil a sheasann i láthair Dé, agus cuireadh mé chun labhartha leat, agus na dea-scéala seo a thabhairt duit.

20. Agus féach, beidh tú i do thost, agus gan ar chumas duit labhairt go dtí an lá a ndéanfar na nithe seo, de bhrí nár chreid tú mo bhriathra a chomhlíonfar ina dtrath féin.”

21. Bhí an pobal ag feitheamh le Zachairias agus ba ionadh leo é bheith ag déanamh moille sa sanctóir.

22. Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus d'fhan balbh.

23. Nuair a bhí laethanta a sheirbhíse críochnaithe, chuaigh sé abhaile.

24. Agus ina dhiaidh sin, ghabh a bhean, Eiliosaibeit, gin, agus d'fholaigh í féin ar feadh cúig mhí,

25. ag rá: “Is mar seo a rinne an Tiarna liom é sna laethanta inar dhearc sé orm chun m'aithis i measc daoine a thógáil díom.”

Sanas an Aingil

26. Sa séú mí, cuireadh an t‑aingeal Gaibriéil ó Dhia go dtí cathair sa Ghailíl darbh ainm Nazarat

27. chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus b'é ab ainm don mhaighdean, Muire.

28. Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: “Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná.”

29. Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sort beannachadh é seo.

30. Ach dúirt an t‑aingeal léi: “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú gean ó Dhia.

31. Agus féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air.

32. Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó ríchathaoir Dháiví a athair,

33. agus beidh sé ina Rí ar theaghlach Iacóib go brách, agus ní bheidh deireadh lena ríocht.”

34. Dúirt Muire leis an aingeal: “Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam d'fhear chéile?”

35. Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air.

36. Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is é seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid.

37. Óir níl ní ar bith dodhéanta ag Dia.”

38. Dúirt Muire: “Féach, mise banóglach an Tiarna; déantar liom de réir d'fhocail.” Agus d'imigh an t‑aingeal uaithi.

An Fiosrú

39. Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus d'imigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá,

40. agus chuaigh isteach i dteach Zachairias agus bheannaigh d'Eiliosaibeit.

41. Agus tharla, nuair a chuala Eiliosaibeit beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn, agus líonadh Eiliosalbeit den Spiorad Naomh,

42. agus d'éigh sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne.

43. Agus conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam?

44. Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachtha i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas.

45. Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.”

46. Agus dúirt Muire:“Mórann m'anam an Tiarna,

An Magnificat

47. agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir.

48. Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh;mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom.

49. Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm,

50. agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúindóibh seo ar a mbíonn a eagla.

51. Thaispeáin sé neart a láimhe:scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí.

52. Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha,agus d'ardaigh sé daoine ísle;

53. Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe,agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.

54. D'fhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach,ag cuimhneamh dó ar a thrócaire -

55. de réir mar gheall sé dar n‑aithreacha -d'Abrahám agus dá shliocht go brách.”

56. D'fhan Muire aici timpeall trí mhí, agus d'fhill abhaile.

Saolú Eoin Baiste: A Thimpeallghearradh

57. Tháinig a hionú d'Eiliosaibeit agus rug sí mac.

58. Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi.

59. Agus ar an ochtú lá, tháinig siad chun an leanbh a thimpeallghearradh, agus bhí siad ag tabhairt ainm a athar air, Zachairias.

60. Ach labhair a mháthair agus dúirt: “Ní hea, ach glaofar Eoin air.”

61. Agus dúirt siad léi: “Níl aon duine ar do chine a bhfuil an t‑ainm sin air.”

62. Ach d'fhiafraigh siad le comharthaí sóirt dá athair cad ab áil leis a thabhairt air.

63. Agus d'iarr seisean cláirín agus scríobh air: “Is Eoin is ainm dó.” Agus rinne siad uile ionadh de.

64. Bogadh a bhéal agus a theanga láithreach, agus labhair sé ag moladh Dé.

65. Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile,

66. agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis.

67. Agus líonadh Zachairias a athair den Spiorad Naomh, agus rinne tairngreacht á rá:

An Benedictus

68. “Moladh don Tiarna, Dia Iosrael,óir rinne sé a phobal a fhiosrú agus a fhuascailt;

69. agus thóg sé dúinn Slánaitheoir neartmhari dteaghlach Dháiví a sheirbhíseach -

70. de réir mar a labhairtrí bhéal a naomhfháidh anallód -

71. mar shaoradh dúinn ónár naimhdeagus óna láimh siúd uile ar fuath leo sinn,

72. ag déanamh trócaire mar sin ar ár n‑aithreacha,agus ag cuimhneamh ar a thiomna naofa -

73. ar an mionn a mhionnaigh sé d'Abrahám ár n‑athair -

74. go dtabharfadh sé dúinn,tar éis ár saortha as láimh ár naimhde,

75. bheith ag seirbhís dó gan eagla,i gcrábhadh agus i bhfíréantacht ina láthair gach lá dár saol.

76. Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde,óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthar,

77. ag tabhairt eolas an tslánaithe dá phobaltrí mhaithiúnas a bpeacaí

78. de chionn trócaire chroí ár nDéa bhéarfaidh an Láchan dár bhfiosrú ó uachtar neimhe,

79. chun a soilsithe siúd atá ina suí sa dorchadas agus faoi scáil an bháis;chun ár gcéimeanna a sheoladh i mbóthar na síochána.”

80. Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh sa spiorad, agus chónaigh sna fásaigh go dtí an lá ar fhoilsigh é féin d'Iosrael.