Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Chomhcheilg - Feall Iúdáis

1. Bhí féile an tSlimaráin, ar a dtugtar an Cháisc, in achmaireacht.

2. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag féachaint conas a chuirfidís de dhroim na slí é, óir bhí eagla an phobail orthu.

3. Ach chuaigh Sátan isteach in Iúdás ar a nglaotar Isceiriót, a bhí ar uimhir an dáréag.

4. D'imigh sé mar sin ag déanamh cainte le huachtaráin na sagart agus leis na captaein féachaint conas a thabharfadh sé ar láimh dóibh é.

5. Agus bhí áthas orthu, agus rinne siad réiteach leis airgead a thabhairt dó.

6. Thug sé a gheall, agus bhí ag faire ar a dheis chun é a thabhairt ar láimh dóibh i leith ón slua.

Ullmhú don Cháisc

7. Tháinig lá an tSlimaráin nuair nárbh fholáir an cháisc a íobairt.

8. Chuir sé uaidh Peadar agus Eoin: “Imígí,” ar seisean, “agus ullmhaígí dúinn an cháisc go n‑ithimid í.”

9. Dúirt siad leis: “Cárbh áil leat go n‑ullmhóimis í?”

10. Dúirt sé leo: “Ag dul isteach sa chathair daoibh, féach, beidh duine ag teacht faoi bhur ndéin agus próca uisce aige á bhreith leis. Leanaigí isteach é sa teach ina mbíonn sé ag dul,

11. agus abraigí le fear an tí: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: Cá bhfuil an seomra aíochta go n‑ithinn an cháisc ann in éineacht le mo dheisceabail?’

12. Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra in airde staighre agus feisteas mar is cóir air; déanaigí an réiteach ansiúd.”

13. D'imigh siad agus fuair siad de réir mar a bhí ráite aige leo, agus d'ullmhaigh an cháisc.

Bunú na Naomh-Shacraiminte

14. Nuair a tháinig an uair, lig sé faoi ag bord agus na haspail mar aon leis.

15. Agus dúirt sé leo: “Ba mhór ba mhian liom an cháisc seo a ithe in éineacht libh roimh fhulaingt dom;

16. óir deirim libh, ní íosfaidh mé go deo arís í nó go mbeidh a comhlíonadh ann i ríocht Dé.”

17. Agus ghlac sé cupa, agus ar altú dó dúirt: “Tógaigí é seo agus roinnigí eadraibh é;

18. óir deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach de shú na fíniúna nó go mbeidh ríocht Dé tagtha.”

19. Ansin, thóg sé arán, agus ar altú dó, bhris, agus thug dóibh é ag rá: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt ar bhur son. Déanaigí é seo mar chuimhne orm.”

20. Agus mar an gcéanna an cupa, tar éis na proinne, ag rá: “Is é an cupa seo an tiomna nua i m'fhuil atá le doirteadh ar bhur son.

21. Féach, áfach: tá lámh fhear mo bhraite in éineacht liom ag an mbord.

22. Go deimhin tá a bhealach féin le siúl ag Mac an Duine de réir mar atá i ndán, ach is mairg don duine úd trína mbraitear é.”

23. Agus thosaigh siad ag fiafraí dá chéile cén duine acu a bhí chun é seo a dhéanamh.

Cé hÉ is Mó?

24. D'éirigh imreas eatarthu freisin féachaint cén duine acu ba mhó le háireamh.

25. Dúirt sé leo: “Ríthe na náisiún, bíonn siad ag rialúchán orthu, agus iad seo a mbíonn údarás acu os a gcionn, tíolaiceoirí a ghlaoitear orthu.

26. Ach nárab amhlaidh sin daoibhse, ach an té is mó eadraibh, bíodh ar nós an té is óige, agus an té atá ina cheann, ar nós an fhir freastail.

27. Cé acu is mó dáiríre, an té a bhíonn ag bord nó an té a bhíonn ag freastal? Nach é an té a bhíonn ag bord? Ach táimse in bhur measc ar nós an té a bhíonn ag freastal.

28. Is sibhse an mhuintir a sheas go buan liom i mo thrialacha;

29. agus tá ríocht agam á dáil oraibh, de réir mar dháil m'Athair orm féin í:

30. ionas go mbeidh sibh ag ithe agus ag ól ag mo bhord i mo ríocht, agus bheith in bhur suí i ríchathaoireacha ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.

Peadar ag Daingniú na mBráithre

31. “A Shíomóin, a Shíomóin, féach, fuair Sátan mar aisce sibh a chriathradh ar nós an arbhair;

32. ach táim tar éis guí ar do shonsa chun nach gclisfeadh do chreideamh; agus, ón uair amháin a bheidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre.”

33. Dúirt seisean leis: “A Thiarna, táim ullamh ar dhul leatsa chun príosúin agus fós chun báis.”

34. Ach dúirt sé: “Deirim leat, a Pheadair, ní ghlaofaidh an coileach inniu nó go mbeidh tusa tar éis a shéanadh faoi thrí go bhfuil aon aithne agat orm.”

35. Dúirt sé leo ansin: “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan tiachóg gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?”

36. Dúirt siad: “Ní raibh.” Dúirt sé leo: “Anois, áfach, an té a mbíonn sparán aige, beireadh sé leis é, agus an té a mbíonn tiachóg aige mar an gcéanna; an té fós, nach mbíonn claíomh aige, díoladh sé a bhrat chun ceann a cheannach.

37. Óir deirim libh, an rud úd atá scríofa, ní foláir é a theacht chun críche ionamsa: ‘Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.’ Go deimhin féin, tá mo chúrsaí uile ag druidim chun deiridh.”

38. Dúirt siad: “A Thiarna, féach, tá dhá chlaíomh anseo.” Dúirt sé leo: “Is leor.”

An Ghuí i gCnoc na nOlóg: An tAllas Fola

39. Ar dhul amach dó, chuaigh sé, mar ba ghnáthbhéas dó, go Cnoc na nOlóg. Na deisceabail freisin lean siad é.

40. Agus ar shroicheadh na háite dó, dúirt sé leo: “Bígí ag guí gan sibh a dhul i gcathú.”

41. Agus chuaigh sé i leataoibh uathu mar a bheadh fad urchar cloiche,

42. agus ag teacht ar a ghlúine dó, thosaigh sé ag guí: “A Athair,” deireadh sé, “más toil leat é, tóg uaim an cupa seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.”

43. Agus chonacthas aingeal ó neamh dó á neartú.

44. Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí; agus bhí a chuid allais mar a bheadh braonta ramhra fola ag sileadh go talamh.

45. Ar éirí ina sheasamh dó ón nguí, tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad le barr dobróin,

46. agus dúirt sé leo: “Cad a bheir in bhur gcodladh sibh? Éirígí agus guígí, le heagla go rachadh sibh i gcathú.”

Íosa á Ghabháil

47. Le linn dó bheith ag caint, tháinig slua; agus bhí, ag siúl rompu amach, an fear ar a dtugtaí Iúdás, duine den dáréag, agus dhruid sé sin isteach le Íosa chun é a phógadh.

48. Dúirt Íosa leis: “A Iúdáis, an le póg a bhraitheann tú Mac an Duine?”

49. Nuair a chonaic a mhuintir cad a bhí chucu, dúirt siad: “A Thiarna, an mbuailfimid buille chlaíomh?”

50. Agus bhuail duine acu seirbhíseach an ardsagairt agus bhain sé an chluas dheas de.

51. Labhair Íosa agus dúirt: “Ligigí dóibh; is leor an méid sin,” agus bhain sé leis an gcluais agus rinne slán í.

52. Ansin dúirt Íosa leo sin a bhí tagtha ina choinne, uachtaráin na sagart agus captaein an Teampaill agus seanóirí: “An amhlaidh is robálaí mé gur tháinig sibh amach i mo choinne le claimhte agus le bataí?

53. Nuair a bhínn in éineacht libh gach lá sa Teampall, níor leag sibh lámh orm. Ach is í bhur n‑uairse í seo, agus cumhacht an dorchadais.”

Séanann Peadar Críost faoi Thrí

54. Tar éis dóibh é a ghabháil, sheol siad leo é agus thug isteach i dteach an ardsagairt é. Bhí Peadar á leanúint i bhfad siar.

55. Ansin, nuair a bhí an tine ar lasadh acu i lár na cúirte, agus iad ina suí síos le chéile, shuigh Peadar ina dhuine eatarthu.

56. Chonaic cailín aimsire ina shuí sa solas é, agus tar éis di féachaint go caol air, dúirt: “Bhí sé seo freisin ina chuideachta siúd.”

57. Ach shéan seisean é á rá: Níl aithne agam air, a bhean!”

58. I gcionn tamaill bhig, chonaic duine eile é agus dúirt: “Is duine díobh sin tusa freisin.” Ach dúirt Peadar: “Ní hea, a dhuine!”

59. Agus i gcionn timpeall aon uaire amháin, dhearbhaigh duine eile á rá: “Is cinnte go raibh sé seo freisin in éineacht leis siúd, agus, rud eile de, is Gailíleach é.”

60. Ach dúirt Peadar: “Níl a fhios agam cad tá tú a rá, a dhuine!” Agus ar an mball, le linn dó bheith ag caint, ghlaoigh an coileach.

61. Agus d'iompaigh an Tiarna agus bhreathnaigh ar Pheadar. Chuimhnigh Peadar ansin ar bhriathar an Tiarna, mar a dúirt sé leis: “Roimh ghlaoch don choileach inniu, séanfaidh tú mé faoi thrí.”

62. Agus chuaigh sé amach agus ghoil go goirt.

Íosa ina Cheap Magaidh

63. Ansin, na fir a raibh sé i ngéibheann acu, bhí siad ag fonóid faoi agus á bhualadh;

64. agus chuiridís dallóg air agus d'fhiafraídís de: “Tairngir! cé hé sin a bhuail thú?”

65. Agus dúirt siad mórán nithe eile ina aghaidh, á dhiamhaslú.

Íosa i Láthair na Comhairle

66. Nuair a bhí sé ina lá, chruinnigh comhairle sheanóirí an phobail le chéile - uachtaráin na sagart agus scríobhaithe. Sheol siad i láthair a n‑ardchomhairle é.

67. “Más tú an Críost,” ar siad, “abair linn é.” Dúirt sé leo: “Má deirim libh é, ní chreidfidh sibh;

68. agus má chuirim ceist oraibh, ní fhreagróidh sibh.

69. Amach anseo, áfach, beidh Mac an Duine ina shuí ar dheis chumhachta Dé.”

70. Dúirt siad uile: “An tú, dá bhrí sin, Mac Dé?” Dúirt sé leo: “Deir sibh féin é: is mé.”

71. “Cad is gá dúinn a thuilleadh fianaise?” ar siadsan, “óir chualamar féin as a bhéal féin é.”