Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Tuama Folamh: An Dá Aingeal

1. An chéad lá den tseachtain, go lánmhoch ar maidin, tháinig siad go dtí an tuama agus na spíosraí acu a bhí ullmhaithe acu.

2. Fuair siad an chloch iompaithe siar ón tuama;

3. ach ar dhul isteach ann dóibh, ní bhfuair siad corp an Tiarna Íosa.

4. Bhí ceist orthu faoin méid sin, ach lena linn sin bhí beirt fhear ansiúd láimh leo agus éadach dealraitheach orthu.

5. Ghlac na mná bíogadh agus chrom siad a gceann chun na talún, agus dúirt siadsan leo: “Cad a bheir daoibh a bheith ar lorg an bheo i measc na marbh?

6. Níl sé anseo: tá sé éirithe. Tugaigí chun cuimhne mar a labhair sé libh agus é fós sa Ghailíl,

7. mar a dúirt nárbh fholáir Mac an Duine a thabhairt ar láimh do pheacaigh, agus é a chéasadh, agus é a éirí an treas lá.”

8. Agus tháinig a bhriathra chun a gcuimhne.

9. Ar theacht ar ais dóibh ón tuama, d'inis siad an méid sin uile don aon duine déag agus don chuid eile go léir.

10. Ba iad siúd, Máire Mhaigdiléana, agus Ióanna, agus Máire máthair Shéamais. Na mná eile a bhí leo, dúirt siadsan freisin an méid sin leis na haspail.

11. Ach samhlaíodh dóibh sin nach raibh sna ráite úd ach seafóid agus níor chreid siad iad.

12. Chuir Peadar chun siúil, áfach, agus rith sé go dtí an tuama, agus ar chromadh síos dó, ní raibh le feiceáil aige ach na héadaí lín, agus d'imigh abhaile agus é lán d'ionadh faoin rud a tharla.

An Bheirt Deisceabal ag dul go hEamáus

13. Agus an lá sin féin, bhí beirt acu ag dul go dtí baile darbh ainm Eamáus a bhí céad staid seascad ó Iarúsailéim,

14. agus bhí siad ag comhrá le chéile faoi na nithe seo uile a bhí tar éis titim amach.

15. Agus sa chomhrá dóibh agus sa chur trí chéile, dhruid Íosa féin leo agus shiúil lena gcois;

16. ach bhí a súile coinnithe chun nach n‑aithneoidís é.

17. Dúirt sé leo: “Cad iad na scéala iad seo atá sibh a reic le chéile sa tslí?” Agus stad siad suas agus iad go gruama.

18. Dúirt duine acu leis á fhreagairt - Cleopas ab ainm dó: “An tusa an t‑aon duine amháin atá ag cur fút in Iarúsailéim atá in ainbhios ar na nithe a tharla ann sna laethanta seo?”

19. Dúirt sé leo: “Cad iad na nithe?” Dúirt siad leis: “Mar gheall ar Íosa - Nazairéanach, duine a bhí ina fháidh éifeachtach ó ghníomh agus ó bhriathar i bhfianaise Dé agus an phobail uile;

20. mar a thug ár n‑ardsagairt agus ár gcinn urra ar láimh é lena dhaoradh chun báis, agus mar a chéas siad é.

21. Agus sinne ag súil leis gurbh eisean a bhí chun Iosrael a fhuascailt! Ach chomh maith leis an méid sin uile, tá an treas lá inniu ann ó thit na nithe sin amach.

22. Agus go deimhin, tá mná dár muintir tar éis alltacht a chur orainn. Ar dhul go dtí an tuama dóibh go moch ar maidin,

23. nuair nach raibh a chorp le fáil acu ann, tháinig siad agus scéala acu, fiú amháin, gur thaispeáin aingil iad féin dóibh a dúirt go bhfuil sé beo.

24. Chuaigh cuid dár gcompánaigh go dtí an tuama ansin, agus fuair gurbh amhlaidh a bhí mar a dúirt na mná, ach ní fhaca siad é féin.”

25. Ansin dúirt sé féin leo: “A dhaoine gan tuiscint atá dúr ó chroí chun a bhfuil ráite ag na fáithe a chreidiúint!

26. Nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost na nithe úd chun go dtiocfadh sé isteach ina ghlóir?”

27. Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar gheall air féin.

28. Nuair a bhí siad i ngar don bhaile ar a raibh a dtriall, bhí de chuma air féin go raibh sé ag dul níos faide,

29. agus rinne siad tathant air á rá: “Fan againn, óir tá sé i mbéal tráthnóna agus an lá siar síos cheana féin.” Chuaigh sé isteach dá réir sin chun fanacht acu.

30. Agus ansin, nuair a bhí sé ag bord in éineacht leo, thóg sé an t‑arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é.

31. Osclaíodh a súile agus d'aithin siad é; ach chuaigh sé ar neamhní uathu.

32. Agus dúirt siad le chéile: “Nach raibh ár gcroí ar lasadh ionainn le linn dó bheith ag labhairt linn feadh na slí, agus é ag nochtadh na scrioptúr dúinn?”

33. Chuir siad chun bóthair an uair sin féin agus chuaigh ar ais go Iarúsailéim. Fuair siad an t‑aon duine déag agus a gcompánaigh bailithe le chéile

34. agus é de scéal acu: “Tá an Tiarna éirithe go deimhin agus chonacthas do Shíomón é.”

35. Agus rinne siad féin ar tharla sa tslí a aithris, agus mar a d'aithin siad é i mbriseadh an aráin.

Feictear Íosa do na hAspail

36. Le linn na cainte sin dóibh, sheas sé féin ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!”

37. Ghlac siad scéin agus uamhan, á mheas gur ag féachaint ar spiorad a bhí siad.

38. Ach dúirt sé leo: “Cad é an scanradh atá oraibh, agus cad chuige a bhfuil ceisteanna ag teacht in bhur gcroí!

39. Féachaigí mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann. Láimhseálaigí mé, agus tuigigí nach mbíonn feoil ná cnámha ag spiorad mar a fheiceann sibh atá agamsa.”

40. Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chosa.

41. Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionadh de, dúirt sé leo: “An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a d'íosfaí?”

42. Thug siad blúire d'iasc rósta dó.

43. Ghlac sé é agus d'ith ina láthair é.

An Teagasc Deireanach

44. Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomhlíonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’ ”

45. Ansin d'oscail sé a n‑aigne chun go dtuigfidís na scrioptúir,

46. agus dúirt sé leo: “Is amhlaidh sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost agus go n‑éireodh sé ó mhairbh an treas lá,

47. agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim.

48. Is finnéithe sibhse ar na nithe seo.

49. Agus táim féin, féach, chun a chur uaim anuas oraibh an ní a gealladh ag m'Athair. Ach fanaigí sibhse sa chathair nó go ngléasfar sibh i gcumhacht ó uachtar neimhe.”

An Deascabháil

50. Ansin sheol sé amach iad chomh fada le Béatáine, agus ag ardú a lámh dó, bheannaigh iad.

51. Agus le linn dó iad a bheannú, scar sé leo agus tógadh suas ar neamh é.

52. Agus tar éis dóibh umhlú dó, chuaigh siad ar ais go Iarúsailéim agus áthas mór orthu,

53. agus bhídís sa Teampall de ghnáth ag moladh agus ag beannú Dé.