Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Áthas ar Neamh faoi Aithríoch

1. Na poibleacánaigh agus na peacaigh, bhí siad uile ag teacht ina ghar chun bheith ag éisteacht leis.

2. Agus bhí na Fairisínigh agus na scríobhaithe ag monabhar: “Glacann an duine seo peacaigh chuige,” deiridís, “agus itheann sé ina gcuibhreann.”

3. Agus labhair sé an parabal seo leo:

4. “Cén duine agaibh a mbíonn céad caora aige agus go gcaillfidh sé aon cheann amháin acu, nach bhfágann an naoi nóchad eile san fhásach agus dul ina diaidh siúd a bhí caillte nó go bhfaigheann í?

5. Agus nuair a fhaigheann, buaileann ar a ghuaillí í go háthasach,

6. agus ar theacht abhaile dó, glaonn sé a chairde agus a chomharsana le chéile, ag rá leo: ‘Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an chaora a bhí caillte agam, fuair mé í.’

7. Deirim libh, is amhlaidh sin a bheidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréin nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu.

8. “Nó cén bhean a mbíonn deich ndrachma aici, má chailleann sí aon drachma amháin, nach lasann lampa agus an teach a scuabadh agus léirchuardach a dhéanamh nó go bhfaigheann é?

9. Agus nuair a fhaigheann, glaonn sí a cairde agus mná a comharsan le chéile, ag rá: ‘Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an drachma a bhí caillte agam, fuair mé é.’

10. Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”

An Mac Drabhlásach

11. Dúirt sé freisin: “Bhí fear ann a raibh beirt mhac aige.

12. Agus dúirt an duine ab óige acu lena athair: ‘A athair, tabhair dom an chuid den sealúchas atá ag titim chugam.’ Agus roinn sé a mhaoin shaolta eatarthu.

13. Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, d'imigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach.

14. Nuair a bhí gach aon ní caite aige, tháinig gorta millteach sa tír sin, agus thosaigh sé féin bheith in uireasa.

15. D'imigh sé agus rinne fostú le duine de mhuintir na tíre sin, agus chuir seisean faoina chuid talún é ag aoireacht mhuc.

16. Agus ba é ba mhian leis a bholg a líonadh de na féithleoga a d'itheadh na muca, agus ní thugadh aon duine dó iad.

17. Ach tháinig sé chuige féin agus dúirt: ‘Cá liacht de lucht tuarastail ag m'athair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta!

18. Cuirfidh mé chun bóthair agus rachaidh mé chun m'athar agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse;

19. ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm; déan díom mar a bheadh duine de do lucht tuarastail.’

20. Chuir sé chun bóthair ag triall ar a athair. Ach le linn dó fós bheith i bhfad uaidh, chonaic a athair é agus ghabh trua é, agus rith sé chuige, á chaitheamh féin ar a bhráid agus á mhúchadh le póga.

21. Dúirt an mac leis: ‘A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm.’

22. Ach dúirt an t‑athair lena sheirbhísigh: ‘Beirigí amach gan mhoill an éide is uaisle agus cuirigí air í, agus cuirigí fáinne ar a mhéar agus cuaráin ar a chosa,

23. agus tugaigí libh an lao biata agus maraígí é, agus bímis ag ithe agus ag aoibhneas;

24. óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ Agus thosaigh siad ag déanamh aoibhnis.

25. “Bhí an mac ba shine aige ar fud na talún, agus nuair a tháinig sé i ngar don teach, chuala an ceol agus an rince.

26. Ghlaoigh sé chuige duine de na giollaí agus d'fhiafraigh de cad é an rud é seo a bhí ar bun.

27. Dúirt seisean leis: ‘Do dheartháir a bheith tagtha, agus mharaigh d'athair an lao biata de chionn go bhfuair sé ar ais slán é.’

28. Ach bhí fearg air agus níorbh áil leis dul isteach. Tháinig a athair amach ag achainí air.

29. Ach dúirt sé lena athair á fhreagairt: ‘Féach féin a bhfuilim de bhlianta ag seirbhís duit agus ní dheachaigh mé riamh thar do réir, agus riamh níor thug tú dom mionnán gabhair chun go ndéanfainn aoibhneas le mo chairde.

30. Ach an mac seo agat nuair a tháinig sé, tar éis do mhaoin shaolta a ídiú le striapacha, mharaigh tú an lao biata dó.’

31. Ach dúirt sé leis: ‘A mhic, bíonn tusa liom i gcónaí, agus gach a bhfuil agam is leat;

32. ach bhí sé ceart aoibhneas a dhéanamh agus áthas, óir bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ ”