Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Breitheamh Éagórach

1. Dúirt sé parabal leo á chur i gcéill nárbh fholáir dóibh bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche:

2. “Bhí, i gcathair áirithe, breitheamh nach raibh eagla Dé air ná beann ar dhuine aige.

3. Bhí baintreach sa chathair sin freisin agus bhíodh sí ag teacht chuige, ag rá: ‘Déan ceart dom in aghaidh fhear mo chúisithe,’

4. ach níorbh áil leis é seal aimsire; ach sa deireadh dúirt sé ina aigne: ‘Más ea féin nach bhfuil eagla Dé orm ná beann ar dhuine agam,

5. ina dhiaidh sin, de chionn go mbíonn an bhaintreach seo do mo bhuaireamh, déanfaidh mé ceart di, le heagla go mbeadh sí ag teacht go deo ag crá mo chinn.’ ”

6. Agus dúirt an Tiarna: “Éistigí leis an mbreitheamh éagórach, a ndeir sé!

7. Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d'oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?

8. Deirim libh, déanfaidh sé ceart go grod. Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine, an bhfaighidh sé creideamh ar an talamh?”

An Fairisíneach agus an Poibleacánach

9. Labhair sé an parabal seo freisin chun daoine áirithe a bhí teann astu féin bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile:

10. “Chuaigh beirt fhear suas don Teampall ag guí; Fairisíneach duine acu agus poibleacánach an duine eile.

11. Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: ‘A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n‑adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd.

12. Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.’

13. Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’

14. Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”

Na Leanaí á mBeannú

15. Bhíodar ag tabhairt na leanaí beaga chuige freisin chun go sínfeadh sé a lámh orthu; agus ar a fheiceáil sin do na deisceabail bhíodar ag cur ceartú orthu.

16. Ach ghlaoigh Íosa na leanaí chuige, ag rá: “Ligigí do na leanaí teacht chugam agus ná coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé.

17. Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.”

Lucht Saibhris agus Ríocht Dé

18. D'fhiafraigh duine ainmniúil de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”

19. Dúirt Íosa leis: “Cad chuige go ndeir tú maith liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin.

20. Is eol duit na haitheanta: ‘Ná déan adhaltranas. Ná déan marú. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair.’ ”

21. Dúirt seisean: “Choimeád mé iad sin uile ó m'óige.”

22. Ar chloisteáil sin d'Íosa, dúirt sé leis: “Tá aon ní amháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.”

23. Ar chloisteáil an méid sin dó, tháinig buaireamh mór air, mar bhí saibhreas as cuimse aige.

24. Ar a fheiceáil amhlaidh d'Íosa, dúirt: “Cad é chomh deacair is a bhíonn sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!

25. Sea, is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.”

26. Agus iad seo a chuala é, dúirt siad: “Agus cé is féidir a shlánú?”

27. Dúirt sé: “Na nithe atá dodhéanta ag daoine, tá siad sodhéanta ag Dia.”

28. Ansin dúirt Peadar: “Is é atá déanta againne: ár maoin shaolta a thréigean agus tusa a leanúint!”

29. Dúirt sé leo: “Deirim libh go fírinneach, níl aon duine a thréig teach ná bean ná deartháireacha ná tuismitheoirí ná clann mar gheall ar ríocht Dé,

30. nach bhfaighidh mórán uair níos mó san aimsir seo, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.”

Tairngreacht ar an bPáis

31. Rug sé leis an dáréag i leataobh agus dúirt leo: “Seo anois sinn ag dul suas go Iarúsailéim, agus tiocfaidh na nithe uile chun críche atá scríofa ag na fáithe faoi Mhac an Duine.

32. Óir tabharfar ar láimh do na gintlithe é, déanfar fonóid faoi, tabharfar easmailt dó, caithfear seilí air,

33. agus tar éis a sciúrsála, cuirfear chun báis é, agus éireoidh sé an treas lá.”

34. Ach níor thuig siad aon chuid den mhéad sin, agus bhí an focal sin i bhfolach orthu, agus ní raibh a fhios acu cad ba chiall lena chomhrá.

Dall á Leigheas in Ireachó

35. Bhí, agus é ag teacht i ngar do Ireachó, dall ina shuí le hais an bhóthair ag iarraidh déirce.

36. Nuair a chuala sé an slua ag gabháil thairis, d'fhiafraigh sé cad é a bhí ar bun.

37. Dúradh leis: “Tá Íosa an Nazórach ag dul thar bráid.”

38. Agus d'éigh sé amach: “A Íosa, a mhic Dháiví, bíodh trua agat dom!”

39. Agus iad seo a bhí i dtosach an tslua, bhí siad ag bagairt air bheith ina thost, ach b'amhlaidh ba mhóide a bhí seisean ag screadach: “A Mhic Dháiví bíodh trua agat dom!”

40. Stad Íosa dá shiúl, agus d'ordaigh é sheoladh chuige. Ar theacht dó ina ghar d'fhiafraigh sé de:

41. “Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” Dúirt seisean: “A Thiarna, mo radharc a bheith agam!”

42. Dúirt Íosa leis: “Bíodh do radharc agat: shlánaigh do chreideamh tú.”

43. Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia.